Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-gradam-do-‘leabhar-gaeilge-na-bliana’-buaite-ag-‘tairngreacht’-ag-irish-book-awards-an-post

An gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag ‘Tairngreacht’ ag Irish Book Awards An Post

| Tuairisc.ie | ,

Tá an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath anocht. Ag ócáid speisialta san Ionad Comhdhála a fógraíodh na torthaí.

Bhí ceithre úrscéal i measc na sé leabhar a bhí ainmnithe do ghradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ An Post i mbliana: Gráinne – Gaiscíoch Gael (Cois Life) le Siobhán Parkinson; Cití na gCártaí le Réaltán Ní Leannáin; An Tromdhámh (Leabhar Breac) le Feargal Ó Béarra; agus Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird. Cnuasach gearrscéalta, Gáire in Éag (Éabhlóid) le Seán Ó Muireagáin, agus cuimhní cinn, Mar a Bhí ar dTús – Cuimhne Seanghasúir le Joe Steve Ó Neachtain, a bhí sa dá leabhar eile a bhí san iomaíocht don duais.

Is as Árainn Mhór Thír Chonaill do Phroinsias Mac a’Bhaird. Bhain a chéad leabhar Cogar san Fharraige (Coiscéim, 2002) le béaloideas Árainn Mhór. Tá trí chnuasach filíochta scríofa aige, dhá úrscéal, An Tairiscint (Coiscéim, 2005) agus Rún an Bhonnáin (LeabhairCOMHAR, 2010), agus leabhair do dhaoine óga. Tá gearrscéalta, drámaí agus amhráin scríofa aige chomh maith.

Leabhar ficsin é Tairngreacht atá suite sa Vatacáin agus mistéir, dúnmharú agus comhcheilg mar théama ann. Tá dúnmharú agus iarracht ar chomhcheilg a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais i gcroílár an scéil.

Cuirtear saol phríomhcharachtar an úrscéil, Conchúir Ó Braonáin bunoscionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol agus caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht agus ar thairngreacht a d’athródh an saol go deo.

Bronnadh an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais ar an úrscéal seo. LeabhairCOMHAR a d’fhoilsigh an saothar.

Níos mó