Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cad-e-an-stoidiaca?

Cad é an stoidiaca?

| An Chailleach Chorcra |

Tá an focal ‘stoidiaca’ cloiste againn ar fad, i gcomhthéacs na réaltchomharthaí den chuid is mó, ach cad é go díreach agus cén fáth a mbítear ag trácht air an oiread sin?

I dtosach, úsáideadh an téarma i réimse na réalteolaíochta (an staidéar eolaíoch ar na reanna neimhe) chun tagairt a dhéanamh do na réaltbhuíonta trína dtaistealaíonn an ghrian le linn na bliana – ní thaistealaíonn an ghrian tríd na réaltbhuíonta féin ar ndóigh, níl ann ach an chuma atá ar ghluaiseacht na gréine tríd an spéir ó shúil an duine dhaonna anseo ar chlár na cruinne.

Ciallaíonn stoidiaca féin ‘ciorcal na n-ainmhithe beaga’ sa tSean-Ghréigis, mar gur bunaíodh ainmneacha na réaltbhuíonta ar ainmhnithe éagsúla den chuid is mó, mar atá: an Reithe, an Tarbh, an Cúpla, an Portán, an Leon, an Mhaighdean, an Mheá, an Scairp, an Saighdeoir, an Gabhar, an tUisceadóir, agus na hÉisc.

Is ón tSean-Bhablóin (sibhialtacht sa Mheaspatáim a bhí ag cur an-spéis sa réalteolaíocht beagnach 4,000 bliain ó shin) a thagann an coincheap agus is uathu sin a tháinig sé isteach chun na hEorpa trí chultúr na Gréige agus na Róimhe.

Measadh go forleathan ag an am go raibh tionchar ag na réaltchomharthaí ar an saol anseo ar domhan agus go rabhthas in ann eachtraí a thuar agus tréithe daoine a mheas, bunaithe ar an áit a raibh an ghrian, agus na reanna eile, nuair a rugadh iad.

Le réabhlóid na heolaíochta agus teacht chun cinn na réalteolaíochta nua-aimseartha sa 17ú Céad, rinneadh seanchomharthaí an stoidiaca a scoilteadh ón réalteolaíocht féin agus ba le réimse na hastralaíochta a luafaí iad feasta.

Agus forbairt mhór tagtha ar an teicneolaíocht le 400 bliain anuas, tá an-fhorbairt déanta freisin ar an tuiscint atá againn ar cad atá ag tarlú sna spéartha os ár gcionn.

Ag an am céanna, mhair an chreidiúint go bhfuil cumhacht éigin ag na reanna neimhe – agus ag na réaltbhuíonta go háirithe – orainn síos tríd na blianta agus mheasc an traidisiún leis an oiread sin gnéithe eile den saol – an Chriostaíocht san áireamh – go bhfuil sé go fóill neadaithe sa sícé ag go leor againn.

Fiú in aois seo an digitithe agus na dteicneolaíochta nua, mar shampla, tá suíomhanna gréasáin a bhaineann leis an stoidiaca ar na cinn is mó tóir ar líne.

Cad atá á rá san astralaíocht i láthair na huaire mar sin?

Tá béarlagair dá cuid féin ag réimse na hastralaíochta agus baineann go leor de na téarmaí – téarmaí nach n-úsáidtear inár dteanga féin chomh minic sin anois – leis an áit a bhfuil an ghrian, an ghealach agus na pláinéid éagsúla sa spéir i gcomparáid leis na réaltbhuíonta, agus cén treo a bhfuil siad ag gluaiseacht.

Faoi láthair, cuir i gcás, deirtear go bhfuil Mearcair ag casiompú sa Scairp, rud atá ar siúl ó bhí Oíche Shamhna ann.

Le linn na tréimhse seo, meastar gur féidir linn níos mó a fháil amach fúinn féin agus faoi na rudaí sin atá i bhfolach inár sícé.

Tá an doras sin isteach inár n-aigne fho-chomhfhiosach oscailte anois agus molann na hastralaithe (ní na hAstrálaigh!) dúinn cuimhne a dhéanamh ar ár mbrionglóidí mar go bhfuil teachtaireachtaí tábhachtacha iontu anois. Coinnigh leabhair in aice leis an leaba le go dtig leat na cuimhní sin a scríobh síos sula n-imíonn siad.

Go traidisiúnta is é Mearcair an pláinéad a bhaineann leis an chumarsáid agus is é sin an rud is tábhachtaí faoin tréimhse seo: cumarsáid linn féin a thabharfaidh deis dúinn díriú ar na rudaí a tharla dúinn sa saol seo agus a chuaigh i bhfeidhm ar mhúnlú ár bpearsantachtaí.

Deir traidisiún na hastralaíochta gur cheart dúinn am agus spás a thabhairt duinn féin chun sin a dhéanamh. Cuideoidh meabhrú leat sos agus spás a thabhairt don intinn, rud atá de dhíth agus atá tábhachtach ar aon chuma. Agus más féidir am a chaitheamh sa nádúr – i measc na gcrann nó thíos ag an chosta – cuideoidh an fuinneamh atá sna háiteanna sin leat chomh maith.

Tá an bhéim ar chumarsáid le daoine eile chomh maith ach deirtear go bhfuil seans ann go dtarlóidh roinnt deacrachtaí sa réimse sin.

Bíodh a fhios agat go bhfuil seo mar cuid den chasiompú agus má tharlaíonn sé cuir ceist ort féin cad iad na rudaí ionat féin a d’fhéadfá a fheabhsú leis an chumarsáid idir tú féin agus daoine eile a éascú.

Moladh fiúntach in am ar bith!

Níos mó