Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-beartas-glas-‘keepcup’-ag-comhlacht-rasaiochta-eireannach

Beartas glas ‘KeepCup’ ag comhlacht rásaíochta Éireannach

| Maitiu O Coimin |

Tá sé ina raic ar na meáin shóisialta inniu agus taistealaithe traenach oibrithe faoi sheasamh aisteach Iarnród Éireann ar cheist na gcupán coinneála. Thug mé féin suntas don seasamh úd an samhradh seo agus mé ar mo bhealach go Béal Feirste — ní raibh cead agam mo chupán féin a úsáid ar an traein le braoinín tae a fháil. Tairgeadh cúpán aon-úsáide, dhiúltaigh mé, agus d’imigh mé gan tae.

Tarraingíodh aird an phobail Béarla ar an gceist inniu agus alt ar The Irish Times faoi agus tá Iarnród Éireann anois ag luí isteach ar a gcuid argóintí gur seasamh réasúnta é diúltú do dhaoine ar mhaith leo a gcuid a dhéanamh ar son na timpeallachta.

Tá an cheist á plé go mion ar na meáin thraidisiúnta agus ar na meáin shóisialta inniu, mar sin ní chuirfidh mise mo ghlór leis an achrann áirithe sin ach amháin le rá go gceapaim gur deargsheafóid ó Iarnród Éireann é. 

Ach tháinig ríomhphost eile chugam inniu ó dhream a mbíonn an-teagmháil agam leo i gcaitheamh na bliana — lucht Gaelforce, comhlacht rásaíochta atá lonnaithe i gConamara. Is breá liomsa rásaí eachtraíochta agus tá Gaelforce ar cheann de na comhlachtaí rásaíochta is fearr in Éirinn.

Tá mé ag glacadh páirte le beagnach deich mbliana anuas in imeachtaí an chomhlachta, idir rásaí reatha, snámha agus rothaíochta. Is ceist mhór í ceist an chomhshaoil i saol na haclaíochta. Cuireann muide, aclaithe, go leor amú. Is trealamh plaisteach go leor den trealamh a úsáideann muid, agus bíonn an bia a thugann muid linn ar rásaí móra eachtraíochta clúdaithe i bplaisteach go minic. 

Ar cheann de na rudaí is mó a chuireann isteach orm faoi rásaí móra ná na cupáin nó buidéil a fhágtar i ndiaidh na n-imeachtaí. Is é an maratón is measa, is dóigh, agus buidéil nó cupáin fágtha ar fud an chúrsa 42km, ach go dtí seo bhíodh cupáin aon-uaire in úsáid ag deireadh na rásaí a reáchtálann Gaelforce freisin. 

Agus clár imeachtaí na bliana 2020 fógartha acu, áfach, tá athrú beag a dhéanfaidh difear mór déanta ag lucht Gaelforce. Cuirfidh gach aclaí éarlais €1 síos ag tús gach rása feasta, a íocfaidh as cupán in-athúsáidte.

Nuair a bheidh an rása thart, beifear in ann an cúpán a líonadh le huisce nó táe nó pé rud eile, agus tabharfar an €1 ar ais má fhágtar an cupán le lucht Gaelforce. Nífear i gceannáras an chomhlachta sa Líonán iad, agus úsáidfear arís iad ag an gcéad imeacht eile. Más maith le haclaí an cupán a choinneáil, níl ach costas €1 air. Moladh mór! 

Níos mó