Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bille-teanga-le-foilsiu-seacht-mbliana-o-gealladh-e

Bille teanga le foilsiú seacht mbliana ó gealladh é

| Tuairisc.ie | ,

Tar éis fanacht seacht mbliana ní fada eile go mbeidh a fhios an cathair mar a tuairisc an reachtaíocht nua chun láidriú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tuigtear gur inniu a chuirfear an bille a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar an acht teanga faoi bhráid an rialtais agus go bhfoilseofar níos déanaí an tseachtain seo é.

Ghlac an Rialtas i mBealtaine 2017 le ceannteidil an Bhille a bhfuil sé mar “chuspóir” aige go mbeadh 20% d’earcaithe nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeadh “gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa nGaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge”.

Tá ráite, áfach, ag Conradh na Gaeilge agus ag polaiteoirí de chuid an fhreasúra gur gá go mbeadh spriocbhliain luaite sa reachtaíocht féin le plean earcaíochta 20% an Rialtais má tá aon fhiúntas le bheith leis.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn anuraidh gur “teip eile” a bheidh san iarracht is déanaí cur le líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu sa státchóras mura gcuirtear spriocdháta leis an moladh maidir le 20% d’earcaigh nua.

Is é is dóichí ná a mhalairt, áfach, ná nach mbeidh spriocdháta luaite leis an moladh i dtaobh an 20%.

Thug Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta le fios cheana nach mbeadh a leithéid ann ach go dtiocfadh an cuspóir 20% i bhfeidhm a luaithe is a d’achtófaí an bille nua. Bhunódh Aire na Gaeltachta coiste ansin a chuirfeadh comhairle ar ranna stáit agus eagrais phoiblí maidir leis na riachtanais a bheadh ann ó thaobh daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú.

Cuireadh fáilte mhór chomh maith roimh an moladh i gceannteidil an bhille go mbeadh Gaeilge ag na státseirbhísigh go léir a chuirtear ar dualgas sa Ghaeltacht agus beifear ag súil gur tháinig an moladh sin slán ó tharla é a bheith ina bhunriachtanas ag lucht éilimh na reachtaíochta nua.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Foras na Gaeilge Seán Ó Coinn an tseachtain seo go mbeadh “iontas” air murar bille “láidir” a thabharfadh “tús áite” do chearta phobal na Gaeltachta a bheadh ann.

“Tá mé ag súil go mbeidh sé an-láidir agus go mbeidh tacaíocht iomlán an Rialtais le sonrú sa bhille agus go mbeidh pobal na Gaeltachta ar thús áite. Is dóigh liom go bhfaighidh muid sin. Bheadh iontas orm mura bhfaigheadh. 

“Caithfidh muid a bheith ábalta riar ar phobal na Gaeltachta mar stát sa chéad teanga agus sa teanga atá siadsan ag labhairt mar phobal le os cionn 2,000 bliain. I láthair na huaire tá muid ag tabhairt ar an bpobal dúchasach tiontú ar theanga atá i bhfeidhm sa tír seo le roinnt céadta bliain nuair atá siad sin ag plé le bunteanga an stáit atá ansin le roinnt mílte bliain,” arsa Seán Ó Coinn.

Tá ráite ag Aire na Gaeltachta Seán Kyne go mbeidh trí cinn de mholtaí a dhein an Coimisinéir Teanga sa reachtaíocht nua. Ba iad na moltaí sin, polasaí úr earcaíochta “a chinnteodh íosmhéid foirne le cumas Gaeilge”, caighdeáin nua maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge in áit chóras na scéimeanna teanga agus polasaí a chinnteodh go mbeadh Gaeilge líofa ag oibrithe Stáit sa Ghaeltacht. 

Meastar gur ar na sonraí a thugtar maidir leis na cuspóirí sin agus maidir le conas a chuirfear i bhfeidhm iad is mó a bheidh lucht na teanga ag díriú ach a bhfoilseofar an bille.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie níos túisce i mbliana, mhol an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill athuair ceannteidil an bhille ach dúirt sé go gcaithfí “feoil a chur ar na cnámha” agus bille nua a fhoilsiú agus a achtú “chun cosaint cheart a thabhairt do chearta lucht labhartha na Gaeilge”.

Chuirfeadh an reachtaíocht nua deireadh chomh maith le córas na scéimeanna teanga, an córas maidir le cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Stát agus chuirfí córas nua caighdeánaithe bunaithe ar rialacháin ina áit.

I measc na n-éileamh eile ar chearta teanga ar glacadh leo i gceannteidil an bhille agus a mbeidh súil leo sa reachtaíocht nua, tá go gcinnteodh comhlachtaí poiblí go mbaintear úsáid cheart as ainmneacha agus seoltaí daoine atá i nGaeilge.

Ar na héilimh eile ar glacadh leo sna ceannteidil bhí moltaí ag Conradh na Gaeilge maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna agus moladh uathu gur i nGaeilge amháin a bheadh ainm gach comhlacht poiblí nua feasta.

Ar na moltaí eile sna ceannteidil bhí go mbeadh dualgas ar gach comhlacht poiblí nua lógónna dátheangacha a bheith acu, gur i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla araon a bheidh aon fhoirm oifigiúil agus go mbeadh cead ag an gCoimisinéir Teanga fineálacha a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí a sháródh an reachtaíocht.

Tá os cionn seacht mbliana ann ó cuireadh próiseas comhairliúcháin phoiblí ar bun maidir le leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha agus, idir an dá linn, gealladh go minic go bhfoilseofaí an reachtaíocht.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar níos túisce i mbliana go raibh “náire” air nár foilsíodh go fóill an Bille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

De réir tuarascála a chuir an Coimisinéir Teanga amach mí Iúil, níl ach 84 post as an 20,000 post atá sna ranna rialtais aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo.

Bhain 67 den 84 post ‘Gaeilge’ le Roinn na Gaeltachta.

Deimhniú eile ab ea Tuarascáil Faireacháin an Choimisinéara Teanga, a chéad tuarascáil dá leithéid, gur ar bhonn deonach amháin den chuid is mó atá seirbhísí Gaeilge á soláthar ag an státseirbhís.

Léiríonn taighde leanúnach atá á dhéanamh ag an suíomh seo ó bunaíodh é gurb ionann an státseirbhís anois agus seirbhís aonteangach agus go bhfuil neamhaird iomlán déanta ag ranna rialtais ar an treoir a tugadh dóibh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge poist le riachtanais Ghaeilge a shainaithint. 

Caitheadh i dtraipisí ceannteidil eile don bhille a foilsíodh in 2014 nuair a mhaígh an Coimisinéir Teanga, eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí an fhreasúra gur bheag a dhéanfadh sí chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill in 2017 go raibh “céim mhór chun cinn” i gceist leis na ceannteidil nua “le hais na gcinn a foilsíodh in 2014” agus chuir idir eagraíochtaí teanga agus pholaiteoirí an fhreasúra fáilte roimh an dréachtreachtaíocht.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go mbeadh a bhfuil i ndán don reachtaíocht nua ag brath den chuid is mó ar conas a rachfaí i ngleic le ceist na Gaeilge i gcúrsaí earcaíochta.

“Seachas aon ní eile tá seirbhísí trí Ghaeilge ag brath ar a dhóthain daoine le Gaeilge a bheith fostaithe sa Státchóras agus sa tseirbhís phoiblí. Caithfear a chinntiú mar sin go mbeidh polasaí earcaíochta ann a thabharfaidh feidhm mar ba chóir do na hathruithe atá molta,” a dúirt sé.

Níos mó