Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘caithfidh-an-ghaeilge-a-bheith-le-cloisteail-nios-rialta-ar-rte’-–-micheal-martin

‘Caithfidh an Ghaeilge a bheith le cloisteáil níos rialta ar RTÉ’ – Micheál Martin

| Tuairisc.ie |

Dúirt Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin anocht, go raibh sé ríthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil go rialta ar RTÉ agus go raibh “easnamh tromchúiseach” ó thaobh na Gaeilge i sceideal an chraoltóra náisiúnta.

Bhí Martin ag tagairt don iniúchadh a rinne an Coimisinéir Teanga faoin easpa clár teilifíse Gaeilge ar RTÉ agus é ag seoladh eagrán na Nollag den iris Comhar i Músaem Náisiúnta Litríochta na hÉireann i mBaile Átha Cliath anocht.

Dúirt Micheál Martin gur chóir go mbeadh “an Ghaeilge chun tosaigh i gcraoltóireacht na seirbhíse poiblí” agus go raibh “dualgas ar an Stát aitheantas láidir a thabhairt don seasamh bunreachtúil atá ag an nGaeilge i saol na tíre seo”.

Dúirt sé go raibh ról tábhachtach ag na meáin Ghaeilge i saol na teanga agus go raibh sé tábhachtach go bhfoilseofaí ábhar i nGaeilge, idir irisí agus leabhair.

“Molaim de shíor an ról luachmhar lárnach atá ag leithéidí TG4, Raidió na Gaeltachta, Tuairisc.ie agus meáin shóisialta eile a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa tír seo.

“Cé gur maith an dul chun cinn é go bhfuil meáin chumarsáide sin trí mheán na Gaeilge ar fáil táim go láidir den tuairim go bhfuil sé fíorthábhachtach na modhanna traidisiúnta foilsitheoireachta cosúil le téacsleabhair a bheith ar fáil do na léitheoirí.

“Ba chóir tacaíocht a thabhairt do na foilseacháin Ghaeilge chun go mbeadh leabhair agus irisí ar fáil do phobal na Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt Ceannaire Fhianna Fáil gur bealach í an Ghaeilge chun daoine a thabhairt le chéile agus thagair sé don obair atá ar siúl ag gníomhaithe teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Thagair sé chomh maith dá aistear foghlama teanga féin agus don tréimhse a chaith sé ar an bhFeothanach i gCorca Dhuibhne, turas a mhúscail a shuim sa Ghaeilge.

Chomh maith le heagrán na Nollag den iris Comhar, seoladh ag an ócáid freisin dhá leabhar nua ó LeabhairComhar, Fianaise Bhreise le Micheál Ó Ruairc agus Neansaí ar an bhFeirm le hOrna Ní Coileáin.

Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí uaidh, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go raibh 99.3% de sceideal teilifíse RTÉ i mBéarla amháin agus go raibh an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin dá bharr.

Níos mó