Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-tord-oraisteach-sasta-reachtaiocht-a-bhreithniu-fad-is-nach-acht-don-ghaeilge-amhain-e

An tOrd Oráisteach sásta reachtaíocht a bhreithniú fad is nach acht don Ghaeilge amháin é

| Tuairisc.ie | ,

Tá ráite ag ceann feadhna an Oird Oráistigh go mbeadh an eagraíocht sásta reachtaíocht teanga a bhreithniú fad is nach acht don Ghaeilge amháin a bheadh i gceist.

Dúirt Mervyn Gibson, Ardrúnaí an Oird Oráistigh, nach nglacfaí le haon reachtaíocht a dhéanfadh “armlón arís” den Ghaeilge agus go gcuirfí i gcoinne acht don Ghaeilge amháin go háirithe.

Dúirt sé chomh maith go gcuirfí i gcoinne aon reachtaíocht ina mbeadh soláthar ann do chomharthaí dátheangacha ar fud an tuaiscirt.

“Feicfimid cad a thiocfaidh as na cainteanna agus déanfaimid ár machnamh faoi, ach más reachtaíocht aonair don Ghaeilge atá ann nó reachtaíocht a d’fhéadfaí a úsáid chun armlón a dhéanamh arís den teanga – rud gur trua é –  cuirfimid ina coinne.

“Mholfainnse do dhaoine í [an Ghaeilge] a labhairt agus a fhoghlaim. Níl aon fhadhb againne léi ach amháin maidir leis an mbealach a mbaintear úsáid aisti,” arsa Mervyn Gibson.

Tá ceist an achta Ghaeilge ina dris chosáin i gcónaí sna cainteanna maidir le hathbhunú Stormont, ach tuairiscítear gur reachtaíocht teanga agus cultúir níos leithne atá á plé anois ag na páirtithe ar mhaithe le teacht ar chomhaontú.

Tá ráite ag Conradh na Gaeilge agus an Dream Dearg nach mbeadh aon ghlacadh acu lena leithéid agus gur reachtaíocht láidir don Ghaeilge amháin a theastaíonn.

Dúirt Mervyn Gibson nach raibh aon cháipéisí a bhain leis na cainteanna faoin acht Gaeilge feicthe aige, ach bhí cosúlachtaí idir a dhearcadh i leith na ceiste agus ráitis atá déanta ag polaiteoirí sinsearacha de chuid an DUP.

Dúirt an feisire parlaiminte Gregory Campbell Dé Domhnaigh nach nglacfaí le hiarracht ar bith stádas “níos airde” a thabhairt don Ghaeilge ná mar a bheadh ag “mionteangacha eile”.

Dúirt an feisire parlaiminte Sammy Wilson inné nach mbeadh aon ghlacadh ag an DUP le haon iarracht brú a chur orthu faoin nGaeilge ach go raibh fonn orthu fuascailt a fháil ar an tsáinn agus nach mbeidís “ag tarraingt na gcos”.

Dúirt ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill le déanaí go mbeadh acht Gaeilge mar chuid d’aon socrú a dhéanfaí maidir le hathbhunú Stormont, ach dhiúltaigh Conor Murphy, príomh-idirbheartaí an pháirtí, a rá cé acu an mbeadh nó nach mbeadh siad sásta maolú a dhéanamh ar a n-éileamh ar acht don Ghaeilge amháin.

Dúirt Mervyn Gibson chomh maith go mbeadh sé i gcoinne reachtaíocht a thabharfadh, mar shampla, an ceart do dhuine seirbhís a fháil trí Ghaeilge in oifig phoist.

Mhaígh sé freisin go ráineodh go ndéanfaí oiread leasuithe ar acht teanga amach anseo go gcuirfí “iachall” ar dhaoine “cur suas leis an nGaeilge”.

Tuairiscítear go bhfuil an margadh atá á phlé faoi láthair an-chosúil leis an gcomhréiteach faoi acht Gaeilge a rinneadh in 2018, comhréiteach ar theip air nuair nár éirigh le lucht ceannais an DUP a chur ina luí ar chosmhuintir an pháirtí glacadh leis.

Sa dréachtmhargadh a rinneadh in 2018, moladh go dtabharfaí trí phíosa reachtaíochta éagsúla isteach – reachtaíocht don Ghaeilge, reachtaíocht don Ultais agus scáthreachtaíocht cultúir a chuirfeadh meas ar theangacha agus ar an éagsúlacht chun cinn, acht dar teideal an ‘Respecting Language and Diversity Act’.

Is iad na ceithre bhunchloch atá leagtha síos ag an Dream Dearg don acht Gaeilge; stádas oifigiúil don Ghaeilge; Coimisinéir Teanga a chinnteodh go gcloífí leis an reachtaíocht; comharthaíocht dhátheangach; agus seirbhísí Gaeilge don phobal.

Is é Dé Luain seo chugainn, an 13 Eanáir, an sprioclá atá tugtha do na páirtithe chun teacht ar chomhréiteach maidir leis na cainteanna faoi athbhunú an fheidhmeannais. 

Níos mó