Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-glanmheadu-219-post-i-gcomhlachtai-udaras-na-gaeltachta-in-2019

Glanmhéadú 219 post i gcomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2019

| Tuairisc.ie | ,

219 post lánaimseartha a cruthaíodh in 2019 i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, nuair a chuirtear san áireamh líon na bpostanna a cailleadh le linn na bliana céanna.

De réir Raiteas Deireadh Bliana 2019 na heagraíochta, a foilsíodh inniu, tháinig glanmhéadú 3% ar líon na bpostanna ar thacaigh an tÚdarás leo i gcomparáid le 2018. Bhí glanmhéadú fostaíochta i gceist i ngach contae seachas contae Chorcaí, mar ar fhan líon na bpostanna, 699, mar a chéile.

7,844 post lánaimseartha agus 374 post páirtaimseartha a bhí i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

De réir  an athbhreithnithe, ba é seo an líon is mó post a bhí i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis ó bhí 2008 ann. Deirtear go raibh níos mó daoine fostaithe anuraidh i gcomhlachtaí an Údaráis sa Ghaillimh agus i bPort Láirge ná mar a bhí aon bhliain eile ó bunaíodh an eagraíocht Ghaeltachta daichead bliain ó shin.

I nGaeltacht na Gaillimhe atá an líon is mó post ann. Glanmhéadú de 112 post a bhí i gceist sa Ghaillimh in 2019 agus bhí 3,090 post ar fad lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh 2019.

2,326 post a bhí i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nDún na nGall ag deireadh 2019, glanmhéadú 48 post.

Ní raibh ach glanmhéadú sé phost i gceist in 2019 i gCiarraí, mar a raibh 695 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis. Cruthaíodh 53 post nua i nGaeltacht Chiarraí i 2019, i gcomhlachtaí atá ag feidhmiú in earnáil na bia agus dí agus san earnáil turasóireachta den chuid is mó, ach cailleadh roinnt post  i gcomhlachtaí próiseála éisc agus i roinnt comhlachtaí beaga i réimse na déantúsaíochta agus na ceardaíochta agus san earnáil bia agus dí.

Glanmhéadú 18 post a bhí i gceist i Maigh Eo, mar a raibh 675 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis ag deireadh na bliana.

I nGaeltacht na Mí bhí glanmhéadú 32 post i gceist agus 210 post ar fad i gcliantchomhlachtaí an Údaráis.

Bhí 699 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Chorcaí ag deireadh na bliana 2019, an líon céanna is a bhí ann ag deireadh 2018.

Bhí 149 post lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí an Údaráis i nGaeltacht Phort Láirge ag deireadh na bliana, glanmhéadú ceithre phost.

In earnálacha na seirbhísí, bia agus dí agus na déantúsaíochta is mó a tháinig ardú ar líon na bpostanna in 2019.

1,500 post nua an sprioc i bPlean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018-2020 agus 1,005 post nua atá cruthaithe cheana acu.

Údar sásaimh a bhí sna figiúirí nua do Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh.

“Tá muid thar a bheith sásta leis an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur i bhfeidhm straitéis Údarás na Gaeltachta le linn 2019. Ta fáilte ar leith againn roimh an méadú suntasach atá tagtha ar an leibhéal fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta agus an dul chun cinn atá déanta leis an bpróiseas Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta,” arsa Príómhfheidhmeannach an Údaráis.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair go raibh obair mhór á déanamh ag an eagraíocht go háirithe ó thaobh na teicneolaíochta agus na pleanála teanga.

“Tá an líon is mó daoine fostaithe i gcliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta le haon bhliain déag, agus tá an síol á chur chun tógáil air sin le gréasán mhoil dhigiteacha gteic, a chuireann an t-infreastruchtúr ar fáil don chéad ghlúin eile lena gcuid smaointe féin a fhorbairt mar ghnóanna.

“Tá ocht gteic anois ar an fhód, ardú 50% ar an mhéid a bhí ar bun i 2018, agus tuilleadh ar an bhealach go luath i 2020.

“Tá forbairt mhór déanta le bliain anuas fosta ar an phleanáil teanga agus tionchar dearfach na hoibre sin le feiceáil anois ar fud na Gaeltachta. Chuir pobail na Gaeltachta obair mhór isteach in ullmhú pleananna dá gcuid ceantar féin agus tá toradh le feiceáil ar an obair sin anois, le grúpa fuinniúil, díograiseach d’Oifigigh Pleanála Teanga á bhfostú chun na pleananna sin a chur i gcrích,” arsa Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta.

Níos mó