Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-pancoga-agus-gaeilge-bhlasta-ar-fail-aris-agus-‘caife-na-gaeilge’-in-ollscoil-na-heireann,-gaillimh-athoscailte

Pancóga agus Gaeilge bhlasta ar fáil arís agus ‘Caifé na Gaeilge’ in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh athoscailte

| Donncha O hEallaithe |

Tá Caifé na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, oscailte faoi bhainistíocht nua tar éis a dhúnta Meán Fómhair seo caite.

Dea-scéal atá in athoscailt chaifé na Gaeilge do phobal na Gaeilge san ollscoil a reáchtáil feachtas sa bhfómhar seo caite ag éileamh go gcuirfí an caifé Gaeilge ar a chosa arís.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Conor Fleming, bainisteoir an chomhlachta lónadóireachta Masterchef, atá ag reáchtáil Chaifé na Gaeilge san ollscoil anois, go raibh ‘lúcháir’ air go raibh an caifé Gaeilge ar oscailt arís.

“Is maith an scéal é go bhfuil caifé Gaeilge, a bhfuil scoth an chaife ar fáil ann,  oscailte arís do phobal na Gaeilge agus do chuairteoirí chun na hollscoile.

“Áit chruinnithe atá ann do chainteoirí Gaeilge. Cúinne beag ar an gcampas ar féidir le daoine teacht le chéile agus a bheith ag labhairt na Gaeilge. Bhí pobal Gaeilge na hollscoile caillte le roinnt míonna toisc nach raibh aon chaifé Gaelach ar fáil dóibh,” a dúirt sé.

Dúirt Fleming go raibh mic léinn agus lucht teagaisc na Gaeilge san ollscoil “an-sásta” agus go raibh “an-tacaíocht” á tabhairt acu don chaifé.

“Is iontach an rud é go bhfuil áit ar fáil do phobal na Gaeilge agus do dhaoine ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus duine a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige ag freastal orthu,” a dúirt sé.

Dúirt Fleming go mbíonn “pancóga blasta, anraith úr gach maidin agus scoth an chaife” ar fáil sa chaifé gach lá den tseachtain.

An comhlacht Students Union Commercial Services Ltd a bhíodh i mbun an chaifé sular dúnadh é ag tús an tseimeastair seo caite.

I ráiteas a chuir Aontas na Mac Léinn amach nuair a dúnadh an caife, dúradh go raibh deireadh á chur acu leis an chonradh a bhí acu le hOllscoil na hÉireann Gaillimh an caife a rith toisc é a bheith ag feidhmiú “ar bhonn neamhbhrabúsach ó 2008”.

Mhaígh siad chomh maith nach raibh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag cloí le coinníollacha éagsúla sa chonradh, ina measc cúiteamh a thabhairt don chomhlacht ar aon chaillteanas a bheadh ar an chomhlacht de bharr an chaifé.

Níos mó