Beidh an iriseoireacht spóirt trí mheán na Gaeilge mar chuid de chúrsa ollscoile in Éirinn den chéad uair nuair a chuirfear tús le céim nua in OÉ Gaillimh i mbliana.
Tá an Mháistreacht nua san Iriseoireacht agus Cumarsáid Spóirt seolta ag an ollscoil agus é ráite go bhfuil sé i gceist modúl Gaeilge a mhúineadh ar an gcúrsa.
“Le hionchur ón gcraoltóir cumasach iomráiteach Máire Treasa Ní Dhubhghaill, den chéad uair in Éirinn beimid ag forbairt modúl san Iriseoireacht Spóirt trí mheán na Gaeilge mar pháirt den chúrsa,” a dúirt Comhstiúrthóir an Chláir, an Dr Seán Crosson.
““Tá an-áthas orainn an clár ceannródaíoch seo a sheoladh, clár a chuireann le cultúr taighde fadbhunaithe atá dírithe ar spórt in OÉ Gaillimh.”
Beidh Ní Dhubhghaill, atá ina láithreoir ar Rugbaí Beo ar TG4, ar dhuine de roinnt iriseoirí spóirt mór le rá a bheidh ag teagasc ar an gclár. Ina measc, beidh Keith Duggan, príomhscríbhneoir spóirt de chuid The Irish Times; Mike Finnerty, eagarthóir spóirt an Mayo News agus láithreoir Sky Sports; Cliona Foley, iriseoir spóirt; agus Liam Horan, iarchomhfhreagraí CLG an Irish Independent.
Tá an clár dírithe ar chéimithe a bhfuil spéis acu gairm bheatha a bhaint amach san iriseoireacht spóirt.
Cuirfear deiseanna intéirneachta ar fáil do mhic léinn an chláir in eagraíochtaí éagsúla.
““Is tionscal ar fiú na milliúin euro é tionscal an Spóirt in Éirinn agus tá sé ag éirí níos gairmiúla,” a dúirt Tom Felle, Ceann na hIriseoireachta agus na Cumarsáide in OÉ Gaillimh.
“Tá éileamh mór ar ghairmithe cruthaitheacha a bhfuil an-spéis acu sa spórt a bheith ag obair i róil mar chruthaitheoirí ábhair, i rialachas, i gcumarsáid straitéiseach, agus san iriseoireacht. Creidimid go bhfuil an clár seo an-oiriúnach chun oiliúint a chur ar ghlúin nua de chéimithe, céimithe ar mian leo fostaíocht fhiúntach a bhaint amach ina rogha gairm bheatha.”
Tá infheistíocht os cionn €400,000 déanta ag OÉ Gaillimh in áiseanna craolacháin nua, lena n-áirítear seomra nuachta digití agus stiúideo raidió in 2019 mar aon le stiúideo teilifíse nua-aimseartha 4K ar an gcampas i mí Eanáir 2020.