Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ni-vota-agoide-ata-ag-sinn-fein-a-thuilleadh-ach-vota-muinine

Ní vóta agóide atá ag Sinn Féin a thuilleadh ach vóta muiníne

Agus an phobalbhreith iarvótála, a rinne RTÉ in éindí leis an Irish Times agus TG4 curtha san áireamh agam,, seo a leanas mo thuar maidir le toradh an toghcháin. Tá líon na suíochán tar éis olltoghchán 2016 tugtha freisin.

An borradh a tháinig faoi thacaíocht Shinn Féin le linn an fheachtais an ghné ba shuntasaí den olltoghchán. Cé go bhfuil eacnamaíocht na tíre ag déanamh go maith, níl aon cheist faoi ach gur cheap daoine nach raibh dóthain á dhéanamh ag an rialtas le réiteach a fháil ar an dá fhadhb ollmhór atá ag cur as do dhaoine: easpa tithíochta agus an brú ar an gcóras sláinte poiblí a fhágann go mbíonn fanacht fada ar dhaoine atá tinn ar liostaí feithimh nó ar thralaithe sna hospidéil.

Cé go bhfuil feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre níl daoine sásta leis an staid na tíre, tír ina bhfuil na mílte páistí  á bhogadh thart ó óstán go hóstán gan aon áit bhuan acu le maireachtáil.

Níor ghlac na daoine le leithscéalta an rialtais.  Cuireadh cuid den locht ar Fhianna Fáil as a bheith sásta Fine Gael a choinneáil i gcumhacht leis an soláthar muiníne agus tacaíochta.  Bhí sé suntasach gur fhógair beirt airí rialtais ón eite chlé, na neamhspleáigh Finian McGrath agus John Halligan, nach mbeidís ag seasamh arís. Agus iad ag brath ar dhaoine nach bhfuil chomh maith sin as sa saol dá vótaí, seans gurbh fhearr a thuig siad ná go leor eile go raibh míshástacht i measc an phobail agus go mbainfí díoltas amach ar aon duine a bhí mar chuid den rialtas. B’fhearr rith maith ná droch-sheasamh.

Ach ní raibh aon tráchtaire ag súil leis an rabharta tacaíochta do Shinn Féin, ná ní raibh Sinn Féin, ag súil leis ach an oiread. Dá mbeadh, is cinnte go gcuirfidís an dara duine san iomaíocht i roinnt dáilcheantar ina bhfuil siad láidir go maith cheana. Dá gcuirfeadh, bheadh ceithre nó cúig shuíochán breise acu.

Níl ach ocht mí ó chaill Sinn Féin os cionn leath de na suíocháin a bhí acu ar na comhairlí ar fud na tíre. Mí Bhealtaine seo caite thit vóta Sinn Féin sna toghcháin áitiúla ó 15.4% go 9.6%. Ach tá an páirtí tagtha ar ais go tréan agus is deacair argóint a dhéanamh nár chóir iad a bheith i gcomhrialtas, nuair atá an oiread céanna tacaíochta ón bpobal acu is atá ag Fianna Fáil nó Fine Gael.

Le linn an fheachtais, ní hamháin go raibh go leor á gheallúint ag Sinn Féin a chuirfeadh airgead i bpócaí daoine ar meánioncam – deireadh a chur leis an USC ar an gcéad €30,000 agus deireadh leis an gcáin mhaoine – ach d’éirigh lena n-urlabhraithe amhail Eoin Ó Broin agus Pearse Doherty a chur ina luí ar an bpobal go raibh réiteach na bhfadhbanna móra acu. Thug siad le fios go n-athrófaí cur chuige an stáit i leith cúrsaí tithíochta agus sláinte dá mbeadh Sinn Féin i rialtas. Ní vóta agóide a bhí acu a thuilleadh ach vóta chun go mbeadh siad i gcumhacht. Má bhí athrú á á iarraidh ag daoine, sheas Sinn Féin amach mar pháirtí a chuirfeadh an t-athrú i bhfeidhm.

Níor thaitin sé le go leor daoine, go raibh an dá pháirtí mhóra ag rá nach raibh Sinn Féin feiliúnach mar pháirtí le bheith i rialtas. Ag an am céanna bhí Simon Coveney ag súil go dtabharfaí creidiúint don rialtas as athbhunú an fheidhmeannais i dTuaisceart Éireann, ina bhfuil Sinn Féin páirteach.

Tá an chuma ar an scéal gur thit tacaíocht an Chomhaontais Ghlais le linn an fheachtais. Mar sin féin, ‘tiocfaidh ardú suntasach ar líon na dTeachtaí Dála’ nó ‘tá ardú suntasach le teacht ar líon na dTeachtaí Dála a bheas ag an gComhaontas Glas sa Dáil agus pé brí cineál rialtais a chuirfear le chéile seans maith go mbeidh siad ann.

Tá an tuar náisiúnta bunaithe ar an mbriseadh síos seo a leanas sna Dáilcheantair éagsúla.

Na Dáilcheantair FF FG SF LO CG DS NLC/PRB Eile
Baile Átha Cliath Láir (4) 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar Meán (4) 1 1 2
Cuan Bhaile Átha Cliath Theas (4) 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Theas-Lár (4) 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar Theas (5) 1 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Ráth an Dúin (3) 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar (4) 1 1 1 1
Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh (5) 1 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Fine Gall (5) 1 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh (3) 1 1 1
Cabhán- Muineachán (5) 2 1 2
Ceatharlach-Cill Channaigh (5) 2 2 1
Ciarraí (5) 2 1 1 1
Cill Dara Theas (4)* 2 1 1
Cill Dara Thuaidh (4) 1 1 1 1
Cill Mhantáin (5) 1 1 1 1 1
An Clár (4) 2 1 1
Corcaigh Theas-Lár (4) 2 1 1
Corcaigh Thiar Theas (3) 1 1 1
Corcaigh Thoir (4) 1 1 1 1
Corcaigh Thuaidh-Lár (4) 1 1 1 1
Corcaigh Thiar Thuaidh (3) 1 2
Dún Laoghaire (4) 1 1 1 1
Dún na nGall (5) 2 1 2
Gaillimh Thiar (5) 1 1 1 1 1
Gaillimh Thoir (3) 1 1 1
Laois-Uibh Fhailí (5) 2 1 1 1
Loch Garman (5) 2 1 1 1
An Longfort–An Iarmhí (4) 1 1 1 1
An Lú (5) 1 1 2 1
Cathair Luimnigh (4) 1 1 1 1
Contae Luimnigh (3) 1 1 1
Maigh Eo (4) 1 2 1
An Mhí Thiar (3) 1 1 1
An Mhí Thoir (3) 1 1 1
Port Láirge (4) 1 1 1 1
Ros Comáin-Gaillimh (3) 1 2
Sligeach-Liatroim (4) 1 1 1 1
Tiobraid Árann (5) 1 1 1 2
Iomlán (160) 47 39 33 7 12 3 4 15

* Níl ach trí shuíochán le líonadh sa toghchán i gCill Dara Theas, mar go bhfuil ceann coinnithe don Cheann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl (FF).

Nóta 1: Tá suíochán Pheadair Tóibín (Aontú) san áireamh sa 15 Eile

Níos mó