Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-1,000-eile-vota-agus-deanfaidh-wall-an-beart-do-phairti-an-lucht-oibre-i-gcill-dara-theas

TOGHCHÁN 2020: 1,000 eile vóta agus déanfaidh Wall an beart do Pháirtí an Lucht Oibre i gCill Dara Theas

Líon na suíochán: 4 (3 le líonadh)

Cuóta mar % den vóta: 25%

Leagan amach an dáilcheantair: Taobh ó dheas de chontae Chill Dara, chomh maith le póca i gcontae Laoise thart ar Chúl an tSúdaire agus póca in Uíbh Fhailí. Tá Baile Átha Í, Mainistir Eimhín, Cill Dara agus an Droichead Nua sa dáilcheantar seo. 

Teachtaí Dála an 32ú Dáil atá ag seasamh: Fiona O’Loughlin (FF), Martin Heydon (FG). Beidh an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl (FF) ina Theachta Dála sa chéad Dáil eile, gan seasamh sa toghchán.

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 36.4 30
Fine Gael 30.2 24
Lucht Oibre 11.6 17
Sinn Féin 11.6 6
C Glas 2.3 3.5
Clé 5.8 3.5
Eile 2.1 16

Anailís: Rinne Fianna Fáil go maith dhá shuíochán as trí cinn a fháisceadh as an Dáilcheantar seo in 2016 le 36% den vóta.  Tá ceithre shuíochán anois ann ach níl ach trí cinn le líonadh. Tá suíochán amháin cheana ag Fianna Fáil mar go mbeidh suíochán ag Seán Ó Fearghaíl, an Ceann Comhairle, gan seasamh. Den trí shuíochán atá le líonadh, beidh ceann ag Fianna Fáil agus ceann ag Fine Gael agus idir Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre agus iarrthóir neamhspleách a bheidh an tríú ceann. Ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre tá an Comhairleoir Mark Wall (LO), mac le Jack Wall, a bhíodh ina Theachta Dála sa dáilcheantar seo.  D’éirigh sé as in 2016 ach níor éirigh lena mhac Mark an suíochán a choinneáil don Lucht Oibre in 2016. Bhí bearna de bheagnach 1,300 vóta idir é féin agus Seán Ó Fearghaíl (FF) don suíochán deireanach.

Gan Ó Fearghaíl (FF) ag seasamh tá seans níos fearr ag Wall (LO) an babhta seo, mar gur as ceantar Bhaile Átha Í an bheirt acu. Ba é Wall (LO) an duine is mó a fuair vótaí sna toghcháin áitiúla i gcontae Chill Dara, nuair a toghadh é agus 1,000 vóta thar an gcuóta aige. Fuair iarrthóirí ó Pháirtí an Lucht Oibre 4,622 vóta sna toghcháin áitiúla sa Dáilcheantar seo. Más féidir le Wall 1,000 eile vóta a chur leis an méid sin beidh seans an-mhaith aige ar shuíochán.

As an trí shuíochán atá le líonadh beidh ceann amháin ag Fianna Fáil agus sí Fiona O’Loughlin (FF) as Droichead Nua a líonfaidh é. Tá an Comhairleoir Suzanne Doyle (FF) ar an dticéad léi.  Bhí sí ar bharr an chomhairimh do cheantar Chill Dara sna toghcháin áitiúla, Bealtaine seo caite. D’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht le Fiona McLoughlin-Healy (NS) agus le Mark Wall (LO) ag an deireadh.

Tá an chuma air go mbeidh suíochán amháin ag Fine Gael agus go dtoghfar Martin Heydon (FG) arís agus gan aon iarrthóir eile ar an dticéad leis.

Ní cabhair ar bith don Chomhairleoir Fiona McLoughlin-Healy (NS) gur as an Droichead Nua í, an ceantar céanna le Fiona O’Loughlin (FF).  Tá tacaíocht láidir ag McLoughlin-Healy (NS) i nDroichead Nua, áit a fuair sí 2,331 vóta sna toghcháin áitiúla, Bealtaine seo caite. Rinne sí réasúnta maith san olltoghchán in 2016, le geansaí Fine Gael uirthi, nuair a fuair sí 3,250 vóta. Le seans a bheith aici theastódh go mbeadh sí chun cinn ar Wall (LO).

Ní bhfuair Sinn Féin ach 6% den vóta sna toghcháin áitiúla sé mhí ó shin. D’éirigh leis an iarrthóir, an Comhairleoir Patricia Ryan (SF), an t-aon suíochán atá ag Sinn Féin ar Chomhairle Chontae Chill Dara. Fuair sí 4,267 vóta san olltoghchán 2016. Beidh sí ag déanamh go maith an cineál vóta céanna a fháil an uair seo. Beidh aistriú a cuid vótaí an-tábhachtach maidir lena shocrú cá rachaidh an suíochán deireanach.  Fuair Mark Wall (LO) os cionn 1,000 vótaí aistrithe sa toghchán deireanach.

D’fhéadfadh vóta réasúnta a bheith ag Linda Hayden (DS) atá ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialacha, de bharr gur ón dáilcheantar eile i gCill Dara í Catherine Murphy (DS).  Ag seasamh chomh maith tá Ronan Maher (CG) do Chomhaontas Glas,  Róisín Uí Bhroin do Phobal Roimh Brabús agus Anita Mhic Gib atá ag seasamh do Aontú. Chomh maith le Fiona McLoughlin-Healy (NS) tá iarrthóir amháin eile neamhspleách san iomaíocht, Cathal Berry (NS).

Tuar: Heydon (FG), O’Loughlin (FF) Wall (LO) agus An Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghail (FF) a thoghfar gan seasamh

Níos mó