Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-toghchan-2020:-fine-gael-faoi-bhru-mor-i-ndun-laoghaire

TOGHCHÁN 2020: Fine Gael faoi bhrú mór i nDún Laoghaire

Líon na suíochán: 4

Cuóta mar % den vóta: 20%

Leagan amach an dáilcheantair: Dún Laoghaire chomh maith leis an gCarraig Dhubh, Baile na Manach, Carraig an tSionnaigh agus ó dheas le cósta chomh fada le teorainn Chill Mhantáin

Teachtaí Dála an 32ú Dáil ag seasamh: Richard Boyd Barrett (PrB) agus Mary Mitchell O’Connor (FG). Tá Seán Barrett (FG) ag seasamh siar agus níor roghnaíodh Maria Bailey (FG)

Staid na bpáirtithe in Olltoghchán 2016 agus i dtoghcháin áitiúla 2019

Páirtí Olltoghchán 2016 (%) Togh Áitiúla 2019 (%)
Fianna Fáil 18.8 18
Fine Gael 36.0 28
Lucht Oibre 8.8 13
Sinn Féin 5.3 4
Glas 5.9 20.5
Clé 16.5 13
Eile 8.7 3.5

Anailís: Tá ceithre shuíochán le líonadh sa toghchán seo. Ní raibh ach trí shuíochán le líonadh in 2016, mar go raibh Seán Barrett (FG) ina Cheann Comhairle sa Dáil roimhe sin. Chríochnaigh Fine Gael agus trí cinn as ceithre shuíochán acu. Caillfidh siad suíochán amháin ar a laghad an uair seo agus tá siad i mbaol péire a chailleadh. Tá triúr iarrthóirí ag seasamh don pháirtí – an tAire Stáit Mary Mitchell O’Connor (FG), an Comhairleoir Jennifer Carroll-Mac Neill (FG) agus an Comhairleoir Barry Ward (FG). Níor roghnaíodh Maria Bailey (FG), bean chonspóid an luascáin san óstán, a toghadh in 2016. Gach seans go gcoinneoidh Mary Mitchell O’ Connor (FG) a suíochán, le vótaí aistrithe ó Jennifer Carroll-MacNeill (FG) nó ó Barry Ward (FG), ag brath ar phébrí duine acu is túisce a chuirfear as an áireamh.

Tá an Comhairleoir Juliet O’Connell (LO), ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre, agus má theipeann ar Fhine Gael an dá shuíochán a fháil, d’fhéadfadh sí a bheith san iomaíocht ach fanacht chun tosaigh ar an mbeirt ó Fhine Gael. Fuair sí 1,503 vóta sna toghcháin áitiúla agus chuici a rachaidh cuid de na vótaí i nDún Laoghaire a bhíodh ag Maria Bailey (FG).

Tá Sinn Féin lag go maith ó thaobh tacaíochta sa gceantar seo agus in ainneoin daoine a bheith ag bogadh i dtreo Shinn Féin sna pobalbhreitheanna, drochsheans go mbeidh Shane O’Brien (SF) san iomaíocht. Cé go bhfuair sé 1,059 sna toghcháin áitiúla anuraidh, chlis air a shuíochán ar an gcomhairle contae a choinneáil ceal aistrithe.

Ar an lámh eile tá tacaíocht mhaith ag an Pobal Roimh Bhrabús agus níor cheart go mbeadh aon fhadhb ag Richard Boyd Barrett (PBPA) a shuíochán a choinneáil. Is dó a bheas an chuid is mó de na vótaí aistrithe ag dul ó iarrthóir Shinn Féin, Shane O’Brien(SF).

Beidh spéis sa bhreis sa toghcheantar seo mar gheall ar an gcoimhlint ghéar idir beirt iarrthóirí de chuid Fhianna Fáil, Mary Hanafin (FF) a bhí ina haire oideachais tráth, agus an Comhairleoir Cormac Devlin (FF). Nuair a fógraíodh torthaí an chéad chomhairimh in 2016 bhí 1,800 vóta sa bhreis ag Hanafin (FF) ar Devlin (FF). Má éiríonn le Hanafin (FF) fanacht chun cinn ar Devlin (FF) an uair seo beidh sí sa rás ag an deireadh don cheathrú suíochán ach theastódh ráta aistrithe níos fearr ná 52% uaithi, an ráta aistrithe eatarthu in 2016. Bean í atá deisbhéalach i nGaeilge agus i mBéarla agus taithí rialtais aici. Tá seans maith aici an suíochán a fháil.

Is sa dáilcheantar seo a toghadh Ciarán Cuffe (CG) in 2007 ach chaill sé a shuíochán in 2011. Ag seasamh an fhóid don Chomhaontas Glas tá an Comhairleoir Ossian Smyth (CG).

Sna toghcháin áitiúla anuraidh toghadh é i gceantar Dhún Laoghaire le 3,147 vóta. Thart ar 15,000 vóta a bhí ag na Glasaigh sna toghcháin áitiúla sa dáilcheantar seo. Má éiríonn le Smyth (CG) 60% de na vótaí sin a fháil ní hamháin go dtoghfaí é ach d’fhéadfadh sé bheith ar bharr an chomhairimh.

Tá Con Óg Ó Laoghaire don Irish Freedom Party agus tá an tráchtaire John Waters ag seasamh mar neamhspleách. Tá Mairéad Tóibín san iomaíocht ar son Aontú. Ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialta tá an Comhairleoir Dave Quinn (SD), a fuair 715 vóta sna toghcháin áitiúla anuraidh.

Tuar: Mitchell O’Connor (FG), Boyd Barrett (PrB), Smyth (CG) agus Hanafin (FF)

Níos mó