![<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-scath-a-cheile:-ranganna-ioga-agus-rince-ar-fail-i-ngaeilge-ar-line-don-dream-og-sa-mbaile](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F03%2F20973%2Far-scath-a-cheile-ranganna-ioga-agus-rince-ar-fail-i-ngaeilge-ar-line-don-dream-og-sa-mbaile.png%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=00e640d7)
AR SCÁTH A CHÉILE: Ranganna Ióga agus rince ar fáil i nGaeilge ar líne don dream óg sa mbaile
Ranganna Ióga agus rince ar fáil i nGaeilge ar líne don dream óg sa mbaile
Tá borradh mór faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh siamsaíocht a chur ar fáil do pháistí atá sa bhaile.
Tá Siobhán Ní Dhuinnín, rinceoir comhaimseartha as Corcaigh, i measc na ndaoine a chuaigh i muinín an idirlín lena cleachtaí rince a chur i láthair an dream óg atá sáinnithe sa bhaile.
Deir Ní Dhuinnín, atá ina rinceoir cónaithe in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí, gur rang “suaimhneach” a chuirfidh “na hailt ag gluaiseacht”atá sa chéad mhír a thaifead sí.
Chuir Rachel Gaffney, teagascóir ióga a chuireann físeáin amach ar a cainéal YouTube ‘MyWellbeing’, rang ióga i nGaeilge ar fáil ‘don teaghlach ar fad’ chomh maith.Beidh a beirt pháistí, Clodagh agus Orlagh, a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoil, ar fáil le treoir a thabhairt do dhaoine sa bhaile ar mian leo tabhairt faoi na gluaiseachtaí.