![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-inis-iron-meain-curtha-ar-ceal-de-bharr-an-viris-choronaigh](/wp-content/themes/yootheme/cache/2a/inis-iron-meain-curtha-ar-ceal-de-bharr-an-viris-choronaigh-2a721c99.jpeg)
Inis Iron Meáin curtha ar ceal de bharr an víris chorónaigh
Tá an rás Gaeltachta, Inis Iron Meáin, a bhí le reáchtáil in Inis Meáin i gcontae na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo curtha ar ceal de bharr imní faoin víreas corónach. Tá Inis Iron Meáin, rás 12 km timpeall an oileáin Gaeltachta, á reáchtáil le tamall de bhlianta anuas agus tá an-éileamh ar áit ann.
Dúradh i ríomhphoist a seoladh chuig na hiomaitheoirí inniu gur mar gheall ar an imní agus an éiginnteacht faoin víreas corónach a cuireadh rás na bliana seo ar ceal. Beidh dhá rogha ag na hiomaitheoirí anois — a n-áit i rás na bliana seo a chur siar go dtí an bhliain seo chugainn nó an táille cláraithe a lorg ó lucht a eagraithe. Gealladh aisíocaíochtaí ón gcomhlacht farantóireachta Aran Island Ferries chomh maith.
Dúirt príomhoide Choláiste Naomh Eoin, agus eagraí an rása, Mairéad Ní Fhátharta gurb í sábháilteacht na ndaoine an rud is mó atá ag déanamh imní do lucht an rása agus go bhfuiltear ag smaoineamh ar na daoine is mó a bheadh thíos leis dá dtolgfaí an víreas.
Bhí Hector Ó hEochagáin, a chaith tamall ina chónaí in Inis Meáin, ceaptha a bheith ina aoi speisialta ag an rás i mbliana.
Beidh Inis Iron Meáin 2021 ar siúl ar an 13 Márta 2021.