Tá os cionn 3,000 cás de Covid-19 deimhnithe in Éirinn faoin tráth seo, 2,615 ó dheas agus 410 ó thuaidh.
Tá deichniúr eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe ó dheas, ochtar fear agus beirt bhan, agus 200 cás nua den ghalar a deimhníodh.
67 duine atá básaithe in Éirinn de dheasca na paindéime, 46 ó dheas den teorainn agus 21 ó thuaidh di.
Fógraíodh níos luaithe inniu go raibh seisear eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe sa Tuaisceart. 86 cás nua a deimhníodh ó thuaidh, an t-ardú is mó in aon lá amháin.
Thug an HSE le fios inniu go bhfuil siad ag pleanáil do bhuaic na ráige Covid-19 ar an tuiscint gur i lár mhí Aibreáin a shroichfear í, ach nach féidir a bheith cinnte gur mar sin a bheidh.
Tá tástáil don ghalar á cur ar 5,000 duine in aghaidh an lae anois, a dúradh.
500 leaba ICU atá sa chóras, i gcomparáid le 225 leaba sna haonaid dianchúraim roimh an ngéarchéim. Tá 88 othar atá buailte ag an gcoróinvíreas sna haonaid dianchúraim faoi láthair.
Dúirt príomh-oifigeach oibríochtaí an HSE Áine O’Connor go ráineodh go dteastódh breis is 1,200 leaba ICU agus go rabhthas ag ullmhú dó sin, cé mach bhféadfaí a bheith cinnte faoi líon na leapacha a theastódh.
Níos túisce tráthnóna, tháinig eitleán de chuid Aer Lingus a chuaigh chun na Síne chun trealamh cosantach a fháil d’oibrithe sláinte abhaile go dtí Baile Átha Cliath. Tabharfar naoi dturas eile mar seo ar an tSín mar chuid de mhargadh a rinneadh chun luach €208 milliún de threalamh cosantach a fháil d’oibrithe.
Tá imní mhór ann faoi easpa trealaimh dá leithéid i measc oibrithe sláinte. Oibrithe sláinte timpeall an ceathrú cuid de na
Tá os cionn 32,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas ar fud an domhain, agus beagnach aon trian acusan san Iodáil, an tír is measa atá buailte ag an ngalar.
756 duine eile le Covid-19 atá básaithe san Iodáil agus nach mór 11,000 duine curtha den saol faoin tráth seo ag an ngalar sa tír is measa atá buailte ag an bpaindéim.
Tá líon na mbásanna a fógraíodh san Iodáil inniu níos lú ná mar a bhí Dé hAoine (900) agus Dé Sathairn (889).
Dúirt aire sláinte na hIodáile Pierpaolo Sileri go mbainfidh scaipeadh an víris a bhuaic amach faoi cheann deich lá ar a mhéid.
An Spáinn an dara tír is measa atá buailte ag an bpaindéim agus 6,528 duine básaithe sa tír sin.
Deimhníodh inniu go raibh 838 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Spáinn, an t-ardú is mó in aon lá amháin ar líon na mbásanna ansin.
Tháinig ardú 209 ar líon na mbásanna de thoradh an ghalair sa Ríocht Aontaithe le lá anuas agus 1,228 duine ar fad básaithe anois.
190 duine eile a bhásaigh i Sasana people le lá anuas agus bhí fadhbanna sláinte eile acu ar fad seachas ceathrar.
De réir an áirimh is déanaí ag Ollscoil Johns Hopkins tá os cionn 682,000 cás den ghalar deimhnithe ar fud an domhain agus nach mór 125,000 díobh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Dúirt an Dr Anthony Fauci, ant-oifigeach is sinsearaí atá ag plé leis an ráig i Stáit Aontaithe Mheiriceá go raibh an baol ann go bhfaigheadh idir 100,000 200,000 duine bás de bharr an ghalair sna stáit agus mbeadh na milliúin duine buailte aige.
Tá an t-údarás um ghalair thógálacha i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag impí ar dhaoine i Nua-Eabrac, New Jersey agus Connecticut gan taisteal aon áit mura bhfuil géarghá leis.
Breis is 145,000 duine a raibh an galar orthu atá tagtha chucu féin go dtí se ar fud an domhain.
San India d’iarr an Príomh-Aire maithiúnas muintir na hÉireann as ordú dianghlasála a thabhairt isteach gan choinne, rud a chuir isteach go mór ar na milliún duine atá fágtha gan aon obair acu agus gan dóthain le hithe acu.