Tá 36 duine eile le Covid-19 básaithe ó dheas, an líon is mó básanna in aon lá amháin ó thosaigh an ráig.
283 duine atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 73 duine ó thuaidh den teorainn agus 210 ó dheas di.
345 cás nua a deimhníodh ó dheas tráthnóna agus 97 cás nua a deimhníodh ó thuaidh.
6,964 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn, 5,709 cás ó dheas agus 1,255 ó thuaidh.
Tá ardú suntasach tagtha arís ar líon na gcásanna in ionaid altranais agus in ionaid chónaithe eile agus 119 braisle cás anois iontu, i gcomparáid le 99 roimhe seo.
42,484 tástáil don choróinvíreas atá déanta ó dheas go dtí seo, ardú 12,271 ón tseachtain seo caite.
Tá tástáil curtha ar 9,158 duine ó thuaidh.
Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan gur léirigh na figiúirí is déanaí go raibh an “víreas fós anseo agus é fós contúirteach”. Dúirt go gcaithfeadh daoine a bheith cúramah gan éirí “bailithe” de na srianta agus nach mór cloí leo chun beatha daoine a shabháil.
Bhí an víreas fós á scaipeadh “ar bhealaí atá ina n-údar imní againn,” arsa an Dr Holohan.
Tuilleadh le teacht…