Abraigí ‘A Nóra Bheag’ le Diane Ní Channáin
Tá Diane Ní Channáin, amhránaí aitheanta as Gaeltacht Dhún na nGall, i mbun an amhráin choitianta ‘A Nóra Bheag’ a theagasc d’amhránaithe óga sa bhaile mar chuid de shraith ‘Airneál na nÓg’ atá á reáchtail ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich.
Taighde á reáchtáil ag Oireachtais na Gaeilge faoi dheiseanna labhartha Gaeilge
Tá taighde ar bun ag Oireachtas na Gaeilge faoi na deiseanna atá ann do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu an teanga a úsáid. Mar chuid den taighde, iarrtar ar chainteoirí Gaeilge ar fud na tíre a gcuid tuairimí a roinnt leis an Oireachtas i suirbhé ar líne. Beidh anailís á déanamh ar na freagraí agus an “an t-eolas á úsáid i bhforbairt straitéise” na heagraíochta, a deir lucht an Oireachtais. Is í Ursula Ní Shionnáin, Oifigeach Greásán an Oireachtais atá i mbun an taighde.
Iarrtar ar fhreagróirí an suirbhé a líonadh roimh 5pm, Déardaoin, 23 Aibreán.