![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘cre-na-cille’-curtha-ar-fail-saor-in-aisce-mar-riomhleabhar-ag-clo-iar-chonnacht](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F04%2F21752%2Fcre-na-cille-curtha-ar-fail-saor-in-aisce-mar-riomhleabhar-ag-clo-iar-chonnacht.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=73750d0b)
‘Cré na Cille’ curtha ar fáil saor in aisce mar ríomhleabhar ag Cló Iar-Chonnacht
Tá an leabhar is mó cáil i saol na Gaeilge, Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, curtha ar fáil saor in aisce mar ríomhleabhar ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnacht.
Tá an teach foilsitheoireachta, atá lonnaithe ar an Spidéal i gCois Fharraige, ag cur ríomhleabhar amháin ar fáil in aisce gach seachtain le linn na paindéime ar a siopa ar líne “le tacú le léitheoirí na Gaeilge atá sa mbaile faoi láthair” , agus tá gach ríomhleabhar eile ar lascaine. Beidh Cré na Cille ar fáil saor in aisce ó 13 Aibreán go 20 Aibreán.
Níl le déanamh ag léitheoirí ar mhaith leo cóip a fháil ach dul go suíomh Chló Iar-Chonnacht, an ríomhleabhar a chur ina gciseán siopadóireachta agus é a ‘sheiceáil amach’. Gheofar ríomhphost ó CIC agus comhad ePub nó Mobi ann.
Is féidir le earraí Apple — an iPad, iPhone, iMac, iBooks srl — na comhaid ePub a léamh agus is féidir le Kindle na comhaid Mobi a léamh. Más Kindle atá agat, beidh ort seoladh ríomhphoist do Kindle a aimsiú ar do chuntas Amazon agus an comhad Mobi a sheoladh ar aghaidh chuige.
Is é Cré na Cille an saothar is mó cáil i saol na Gaeilge. Ghnóthaigh an t-údar, Máirtín Ó Cadhain, duais Oireachtais sa mbliain 1947 agus d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill i bhfoirm leabhair é in 1950.
Tá leaganacha eile de Cré na Cille ar fáil ó Chló Iar-Chonnacht freisin, ach ní féidir iad a fháil mar gheall ar scaipeadh an víris chorónaigh in Éirinn. Ar na leaganacha sin tá dhá leagan Béarla, eagrán nua den bhunleagan Gaeilge, roinnt aistriúchán i dteangacha eile an domhain, agus closleabhar.