Tá 28 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime Covid-19, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.
345 duine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 263 duine ó dheas den teorainn agus 82 duine ó thuaidh di.
500 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna, i gcomparáid le 365 cás inné.
Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan tráthnóna gur ardú ar líon na dtástálacha atá á ndéanamh ba mhó ba chúis leis an ardú.
8,051 cás atá in Éirinn, 6,574 ó dheas agus 1,477 cás ó thuaidh.
Fógraíodh níos túisce inniu go raibh ceathrar eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.
138 cás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh tráthnóna agus cuireadh tástáil ar 843 duine eile ó inné.
Tá tástáil curtha ar 10,203 duine ar fad sa Tuaisceart ó thosaigh an ráig.
Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin tráthnóna go bhfuil 51,000 duine ag fanacht ar thástáil do Covid-19ó dheas agus gur 53,000 tástáil atá déanta go dtí seo.
Tuilleadh le teacht…