![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-pictiuir-de-chainteoiri-gaeilge-ar-fud-an-domhain-a-lorg-ag-lucht-#trasnanadtonnta](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2020%2F04%2F21703%2Fpictiuir-de-chainteoiri-gaeilge-ar-fud-an-domhain-a-lorg-ag-lucht-trasnanadtonnta.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=bb0ec631)
Pictiúir de chainteoirí Gaeilge ar fud an domhain á lorg ag lucht #TrasnanadTonnta
Tá lucht #TrasnanadTonnta, an feachtas Twitter a bhí ar siúl le seachtain anuas, ag iarraidh ar chainteoirí Gaeilge atá lonnaithe in Éirinn agus thar lear, pictiúr díobh féin agus iad thar sáile a roinnt ar Twitter tráthnóna le “críoch spleodrach” a chur leis an bhfeachtas.
“Is é inniu, Dé hAoine an 10 Aibreán, an lá deiridh den fheachtas agus chun críoch iontach a chur le seachtain iontach táimid ag iarraidh ár dtonn féin a chruthú trí tvuít a chur amach ag an am céanna le chéile. Mar sin ag 13.00 am na hÉireann táimid ag iarraidh ar gach duine tvuít le pictiúr den áit dheiridh a chuaigh siad #TrasnanadTonnta a chur amach,” a dúirt Ian Mac Gabhann, stiúrthóir an fheachtais.
Tá súil ag lucht an fheachtais go n-imreoidh an beart seo tionchar mór ar staitisticí Twitter agus go gcuirfear an haischlib #TrasnanadTonnta ag treochtáil ar an suíomh. Ní gá go mbeifeá féin thar lear i láthair na huaire le páirt a ghlacadh ann, ach pictiúr den uair dheireanach a raibh tusa, cainteoir Gaeilge, thar sáile.
Tá #TrasnanadTonnta á reáchtáil ar Twitter le trí bliana anuas agus é mar aidhm ag lucht a bhunaithe naisc a chruthú idir cainteoirí Gaeilge atá ag cur fúthu i dtíortha éagsúla ar fud na cruinne.
Dúirt Ian go raibh an-rath ar fheachtas na bliana seo, ainneoin na ndeacrachtaí atá cruthaithe ag an víreas corónach d’imeachtaí dá leithéid.
“Feachtas thar a bheith suimiúil a bhí ann i mbliana ar ndóigh, ach mar sin féin bhí nach mór an ráta céanna idirghníomhaíochta againn mar a bhí anuraidh ag an bpointe seo den fheachtas, rud atá iontach,” a dúirt sé.