![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-titim-mhor-ar-eifeacht-an-fheachtais-#trasnanadtonnta-i-mbliana](/wp-content/themes/yootheme/cache/5f/titim-mhor-ar-eifeacht-an-fheachtais-trasnanadtonnta-i-mbliana-5f291981.jpeg)
Titim mhór ar éifeacht an fheachtais #TrasnanadTonnta i mbliana
Bhí laghdú os cionn 80% ar líon na ngiolcacha a seoladh le linn an fheachtais Twitter #TrasnanadTonnta i mbliana, de réir anailís atá déanta ag an Ollamh Kevin Scannell. Seoladh thart ar 10,700 giolc faoin haischlib #trasnanadtonnta an bhliain seo caite, ach seoladh níos lú ná 2,000 le linn an fheachtais i mbliana.
Níor ghlac ach 443 cuntas uathúil Twitter páirt san fheachtas in 2020, le hais an 2,569 cuntas uathúil a bhí ag giolcaireacht as Gaeilge in 2019.
Ba dhaoine nár sheol giolc as Gaeilge riamh cheana 43% de na 443 cuntais sin, rud a léiríonn gur éirigh leis an bhfeachtas daoine nach bhfuil gníomhach sa nGaeltacht Dhigiteach a mhealladh chun na teanga.
Anuraidh, ba chuntais a bhain le daoine aonair den chuid ba mhó a bhí gníomhach san fheachtas, agus gan ach eagraíocht amháin i measc na ndeich gcuntas ba mhó a ghlac páirt ann. Níorbh amhlaidh an scéal i mbliana, áfach, agus cuntas oifigiúil an fheachtais, @trasna20, ar bharr an liosta agus triúr atá ag obair leis na heagraíochtaí a eagraíonn an feachtas, @iansmith221 @Seo_Deann agus @PaulaMelvin, ar an liosta freisin.
Ba ghiolc ón gcuntas @trasna20 féin ag tús an fheachtais an giolc ba mhó a mheall aird lucht Twitter.
An bhfuil sibh réidh do #TrasnaNadTonnta!?
Léim isteach sa chomhrá an t7n seo ar fad agus déanfaidh muid ceiliúradh ar phobal na #Gaeilge ar líne!
Join in the conversation this week and let’s celebrate the Irish language #TrasnaNadTonnta around the world! pic.twitter.com/A4qHc1tZJl
— Trasna20 (@Trasna20) April 5, 2020
Bhí an Seanadóir nuathofa, Seán Kyne, a bhí ina Aire Stáit Gaeltachta sa rialtas deireanach, gníomhach le linn na seachtaine freisin agus a ghiolc féin ar an dara giolc is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine.
Nuair atá muid scartha óna chéile mar atá faoi láthair, is iontach go bhfuil muid in ann labhairt ar líne leo siúd atá #TrasnaNadTonnta @ICUF_Awards @CnaG @Fulbright_Eire
— Seán Kyne #FanSaBhaile (@SeanKyneSenator) April 6, 2020
Dúirt urlabhraí ón bhfeachtas #TrasnanadTonnta le NÓS gur thuig lucht a stiúrtha go mbeadh laghdú ar an idirghníomhaíocht i mbliana ar chúpla cúis ach go raibh “rud mór” beartaithe ag lucht #TrasnanadTonnta níos deireanaí i mbliana.
Cuireadh tús le #TrasnanadTonnta trí bliana ó shin le cainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne a nascadh le chéile ar na meáin shóisialta.