Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-25-duine-eile-basaithe-de-thoradh-na-paindeime,-nach-mor-25,000-cas-deimhnithe

25 duine eile básaithe de thoradh na paindéime, nach mór 25,000 cás deimhnithe

| Tuairisc.ie | ,

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur bhásaigh 25 duine eile de thoradh na paindéime.

Tuairiscíodh níos luaithe inniu bás 11 duine eile le Covid-19 sa Tuaisceart, seisear a bhásaigh le lá anuas agus cúigear a bhásaigh roimhe sin.

1,662 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn de thoradh na paindéime domhanda, 1,286 duine ó dheas den teorainn agus 376 duine ó thuaidh di.

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 376.

393 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 24 Aibreán.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 343 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, rud a fhágann go bhfuil 24,865 cás deimhnithe den ghalar in Éirinn, 21,176 cás ó dheas agus 3,689 cás ó thuaidh.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil níos lú ná 100 othar le Covid-19 in aonaid dianchúraim an Stáit den chéad uair le mí anuas.

Fógraíodh chomh maith inniu go raibh a bheannacht tugtha ag an Rialtas do phacásite €6.5 billiún do ghnóanna le cabhrú leo oscailt arís, cé nach mbeidh cead €4 billiún den choiste a thabhairt amach go dtí go mbunófar rialtas nua.

Idir an dá linn, d’iarr Fianna Fáil inniu ar an Rialtas scrúdú na hArdteiste a chur ar ceal agus “roghanna eile” a scrúdú a thabharfadh cothrom na Féinne do dhaltaí. Tá Sinn Féin ag iarraidh soiléiriú ón Rialtas faoi conas a chinnteofaí sláinte na ndaltaí má théann na scrúduithe ar aghaidh mar atá beartaithe.

D’fhógair an Taoiseach tráthnóna inné go bhfuil síneadh ama coicíse le cur leis na srianta dianghlasála agus leag sé amach plean an rialtais chun na srianta sin a scaoileadh diaidh ar ndiaidh ón 18 Bealtaine.

Cúig thréimhse díchuibhrithe atá luaite i straitéis éalaithe an rialtais agus mairfidh gach tréimhse trí seachtaine. Tosóidh an tréimhse dheireanach ar an 10 Lúnasa. Beidh an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm le linn na dtréimhsí go léir agus beidh scaoileadh na srianta ag brath ar scaipeadh an ghalair a bheith coinnithe faoi chois.

Cuirfear tús leis an Stát “a athoscailt” ar an 18 Bealtaine, a dúirt an Taoiseach, nuair a thabharfar cead d’oibrithe a bhíonn ag obair taobh amuigh dul i mbun gnó arís.

Osclófar an lá sin chomh maith siopaí DIY, siopaí deisiúcháin agus ionaid gharraíodóireachta. Beidh cead spóirt gan teagmháil áirithe a imirt taobh amuigh agus ag grúpaí beaga cairde bualadh le chéile taobh amuigh. Beidh na scoileanna ar oscailt do mhúinteoirí ar an 18 Bealtaine chun cabhrú leo leis an gcianfhoghlaim.

Ar an 8 Meitheamh, d’fhéadfadh go dtabharfaí treoir do dhaoine atá ag clutharú gur féidir leo dul ag siopadóireacht. D’fhéadfadh go gceadófaí sochraidí le níos mó daoine i láthair an uair sin chomh maith.

Bheadh cead freisin ag grúpaí beaga cairde teacht le chéile, taobh istigh nó taobh amuigh, ach an scoitheadh sóisialta a bheith i bhfeidhm. D’osclófaí siopaí beaga, leabharlanna agus margaí.

Tá síneadh ama go dtí an 8 Meitheamh curtha leis an íocaíocht speisialta €350 do dhaoine atá dífhostaithe de bharr na paindéime. Bheadh cead tul 20 ciliméadar ó bhaile ón 8 Meitheamh agus d’fhanfadh an srian taistil sin i bhfeidhm go dtí an 20 Iúil.

Ar an 29 Meitheamh, bheadh cead bialanna agus caiféanna a oscailt agus ag tús na tréimhse deireanaí ar an 10 Lúnasa a ndéanfaí tithe tábhairne, pictiúrlanna, amharclanna agus ionaid aclaíochta a oscailt.

Ón 20 Iúil beidh cead ag daoine nach bhfuil in ann obair ón mbaile filleadh ar an obair agus beidh cead cluichí foirne a imirt. Osclófar an uair sin freisin séipéil, músaeim agus gailearaithe agus laghdófar de réir a chéile na srianta ar ghnóanna a bhfuil “ardriosca” ag baint leo, amhail siopaí gruagaire.

Ag tús an cúigiú tréimhse, an 10 Lúnasa, beidh ócáidí sóisialta níos mó ceadaithe agus beidh cead ag cách filleadh ar an obair.

Is ar an 10 Lúnasa a thabharfaí cead chomh maith do chuairteoirí dul go dtí na hoileáin.

I mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair a osclófar na scoileanna, na hollscoileanna agus na coláistí tríú leibhéal agus de réir an phlean bheadh cead crechéanna a oscailt arís mí Iúil nó mí Lúnasa.

Dheimhnigh an Taoiseach chomh maith go bhfuil na treoracha maidir le daoine ós cionn 70 bliain d’aois le leasú ó Dé Máirt seo chugainn le go mbeidh cead acu an baile a fhágáil chun paiste aclaíochta a dhéanamh.

D’fhógair sé leis go bhfuil an cosc imeacht níos faide ná dhá chiliméadar ó bhaile le hathrú chomh maith Dé Máirt seo chugainn agus go mbeidh cead ag duine dul cúig chiliméadar ó bhaile ar mhaithe le haclaíocht a dhéanamh ón lá sin amach.

Dúirt sé go raibh beatha níos mó ná 1,100 duine  sábháilte de thoradh “íobairtí” mhuintir na hÉireann ach “go gcaillfí gach rud atá bainte amach againn” dá scaoilfí anois na srianta.

Dúirt sé go raibh coicís eile de shrianta diana ag teastáil leis an ngalar a choinneáil faoi chois agus le cinntiú nach dtiocfadh róbhrú ar an gcóras sláinte. Dúirt an Taoiseach gur éirigh linn an cuar a chothromú “ach nach raibh an cath buaite fós againn”.

Níos mó