Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-deichniur-eile-le-covid-19-basaithe,-84%-de-dhaoine-a-bhi-buailte-ag-an-ngalar-tagtha-chucu-fein

Deichniúr eile le Covid-19 básaithe, 84% de dhaoine a bhí buailte ag an ngalar tagtha chucu féin

| Tuairisc.ie | , ,

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil deichniúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh aon lá le breis is deich seachtaine.

Fógraíodh chomh maith tráthnóna go raibh 84% de na daoine a tholg Covid-19 tagtha chucu féin. 

Faoi mheán oíche Dé Domhnaigh seo caite, bhí 17,877 den 23,087 duine a raibh sé deimhnithe go raibh an galar tolgtha acu tagtha chucu féin ag baile. 

Tháinig 1,593 duine eile, nó 6.9%, chucu féin san ospideál.

1,946 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,497 duine ó dheas den teorainn agus 449 ó thuaidh di.

Duine amháin ó dheas ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart níos túisce tráthnóna go raibh beirt eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

159 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna, rud a fhágann gur 27, 654 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 23,294 cás ó dheas den teorainn agus 4,253 cás ó thuaidh.

Cuireadh eolas breise ar fáil tráthnóna maidir le daoine a raibh an galar orthu agus a raibh fadhbanna sláinte eile acu chomh maith.

I gcás 15,450 duine acu sin, bhí ar a laghad tinneas amháin eile ag cur as do 53% acu.  Galar croí ainsealach an easláinte ba choitianta a bhí ar othair, mar a bhí ar 15% acu; galar riospráide ainsealach a bhí ag dul do 11% agus diaibéiteas a bhí ar 6% díobh.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 941 den 1,497 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 818 de na cásanna sin, nó 54% acu, le tithe altranais.

‘D’fhéadfadh go mbeidh páistí in ann barróg a thabhairt do Mhamó agus Daideo an samhradh seo’ – Varadkar

Bhain 68.1% de na básanna de thoradh Covid-19 a fógraíodh le seachtain anuas le tithe altranais agus ionaid chúraim eile.

Tithe altranais a bhí i gceist 64.2% de na básanna go léir a fógraíodh go dtí an lá inné.

Fágann sin go bhfuil céatadán na mbásanna le seachtain anuas a bhain le tithe altranais i bhfad níos airde ná céatadán na mbásanna a bhain leo ó thús na ráige.

64 duine le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim ar maidin, i gcomparáid le 71 duine inné. 

Is ionann líon na n-othar in ICU inniu agus an líon is lú daoine sna haonaid dianchúraim aon lá ó tháinig na srianta dianghlasála i bhfeidhm ag deireadh mhí an Mhárta.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, tráthnóna go raibh sé dóchasach go bhféadfaí tosú ar scaoileadh na srianta dianghlasála Dé Luain seo chugainn, mar atá beartaithe.

“Mholfainn do chuile dhuine dul i gcleachtadh ar an iompar a gcaithfimid uilig cloí go docht leis -dea-bhéasa riospráide, an scoitheadh fisiciúil agus níochán na lámh. Ag an tráth seo agus muid ag cuimhneamh ar an srianta a mhaolú, is tábhachtaí fós a bheidh an dea-iompar sin,” arsa an Dr Holohan.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 23,144 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,o50 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 389 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 6,997 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 11,242 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit, le 1,334 cás, nó 6%, agus Corcaigh a bhí sa tríú háit le 1,238 cás, nó 5%
  • 402 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.74%), 305 a bhí i gcontae Chiarraí (1.32%), 472 cás bhí i nDún na nGall (2.04%), 144 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%) agus 769 cás a bhí i gcontae na Mí (3.32%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 60% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 37% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%.

Níos mó