Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-i-mbearla-amhain-a-bheidh-an-aip-nua-le-dul-i-ngleic-leis-an-gcoroinvireas-nuair-a-sheolfar-i

I mBéarla amháin a bheidh an aip nua le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas nuair a sheolfar í

Ní bheidh leagan Gaeilge ar fáil d’aip atá á forbairt ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun cabhrú leis an bhfeachtas in aghaidh an choróinvíris nuair a sheolfar í, a deir an Roinn Sláinte.

Is i mBéarla amháin a bheidh an aip ar dtús de réir eolais a tugadh do Tuairisc.ie ach leagan Gaeilge di ar fáil “go gairid ina dhiaidh sin”, a dúradh i ráiteas a chuir an Roinn Sláinte ar fáil do Tuairisc.ie.

Gheall Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne roimhe seo go mbeadh an aip ar fáil go dátheangach.

Thug an tAire Kyne an gealltanas sin do Chonradh na Gaeilge agus dúirt sé go raibh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun an aip a chur ar fáil go dátheangach.

Tá an aip á forbairt chun cuardach teagmhálaithe a dhéanamh níos éasca agus taifead a choinneáil ar dhaoine sa phobal a raibh teagmháil acu le duine a bhfuil an galar Covid-19 air.

An té a íoslódálann an aip bainfidh sé úsáid as Bluetooth chun taifead a choinneáil ar dhaoine a bhí i ngartheagmháil leis. Deirtear nach mbainfear úsáid as ainmneacha aon duine ar an aip.

Má tholgann duine an coróinvíreas, tabharfar teachtaireacht d’aon duine a bhí i dteagmháil leis sna laethanta roimhe sin, fad is go bhfuil an aip acusan freisin.

Is é an comhlacht NearForm, atá lonnaithe i bPort Láirge, atá ag forbairt na haipe faoi láthair ach ní fios cén uair go díreach a bheidh fáil uirthi.

Tá cáineadh géar déanta ar an Rialtas mar gheall ar theip na n-údarás sláinte formhór an ábhair a bhaineann le Covid-19 a aistriú go Gaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús, fíorbheagán den ábhar faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí atá á chur amach ag an Roinn Sláinte agus an Rialtas ar fáil i nGaeilge.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Nuacht TG4 le deireanaí gur chóir go mbeadh Foras na Gaeilge ag cur comhairle ar an Rialtas maidir le faillí na Roinne Sláinte i leith na Gaeilge le linn na géarchéime sa tsláinte phoiblí.

Tá dualgas ar Fhoras na Gaeilge comhairle a chur ar an dá rialtas maidir le húsáid agus cur chun cinn na Gaeilge.

Tá gearáin déanta cheana féin faoin easpa Gaeilge san ábhar atá á fhoilsiú ag an Roinn Sláinte faoin ghéarchéim sa tsláinte phoiblí.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, le Tuairisc.ie go bhfuil “easpa measa” á léiriú ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ag an Rialtas agus ag na húdaráis Sláinte.

I mBéarla amháin nach mór atá na fógraí sláinte poiblí, an chomhairle sláinte is déanaí, na preasráitis, na feasacháin laethúla agus na póstaeir agus grafaicí atá á bhfoilsiú ag an Rialtas i dtaobh an ghalair mharfaigh.

Dúirt Ó Cuív go raibh gearán déanta aige leis an Choimisinéir Teanga maidir le bileog eolais faoin choróinvíreas a seoladh chuig gach duine sa tír i mBéarla amháin.

Scaip an Roinn Sláinte leagan Gaeilge den bhileog eolais sin níos déanaí.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh ceathrar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, an líon is lú básanna a fógraíodh aon lá ón 26 Márta.

Bhásaigh beirt den cheathrar ag an deireadh seachtaine agus tharla bás na beirte eile i mí Aibreáin.

An Dr Tony Holohan Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

D’fhógair an Roinn Sláinte sa Tuaisceart  go raibh seisear eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

2,029 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,547 duine ó dheas den teorainn agus 482 ó thuaidh di.

88 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas, rud a fhágann gur 28,601 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,200 cás ó dheas den teorainn agus 4,401 cás ó thuaidh.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, gur údar imní é go léiríonn suirbhé nua go bhfuil 46% den phobal den tuairim go bhfuil an chuid is measa den phaindéim curtha dínn againn.

Ach dúirt Holohan go raibh sé dóchasach go bhféadfaí an galar a choimeád faoi chois agus tús curtha le scaoileadh na srianta dianghlasála inniu.

Bhí sé dóchasach go bhféadfaí tosú ar an dara tréimhse de phlean díchuibhrithe an rialtais faoi cheann trí seachtaine bunaithe ar an tslí ar chloígh formhór mór de mhuintir na hÉireann leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí go dtí seo.

Dúirt an Dr Holohan go mbeadh seachtain ar a laghad ann sula bhfeicfí cén lorg a d’fhágfadh an cinneadh tús a chur le scaoileadh na srianta ar scaipeadh an ghalair agus líon na gcásanna nua.

Ní bheidh aon seisiún faisnéise do na meáin ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí inniu ó tharla go mbeidh an Príomh-Oifigeach Leighis agus baill eile den fhoireann os comhair an choiste Dála nua a bunaíodh le scrúdú a dhéanamh ar an tslí a láimhseáladh an phaindéim go dtí seo.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 963 den 1,547 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63%. Bhain 843 de na cásanna sin, nó 55% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beagnach beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile.

Níos mó