Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ocht-mbas-eile-fogartha-sa-tuaisceart,-2,122 duine-le-covid-19-basaithe-in-eirinn

Ocht mbás eile fógartha sa Tuaisceart, 2,122 duine le Covid-19 básaithe in Éirinn

| Tuairisc.ie | ,

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go raibh ochtar eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe agus deimhníodh go rabhthas tagtha ar 39 cás nua den ghalar.

2,122 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,608 duine ó dheas den teorainn agus 514 ó thuaidh di.

29,248 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 24,639 cás ó dheas den teorainn agus 4,609 cás ó thuaidh.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a ndúirt an Rialtas ó dheas go bhfuiltear ag cloí leis an gcomhairle fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile.

Dúirt Liz Canavan, Rúnaí Cúnta na Roinne Sláinte gur sábháladh “beatha na mílte duine” de bharr na dtreoirlínte maidir leis an scoitheadh sóisialta agus go gcaithfí aon athrú a dhéanfaí orthu a dhéanamh go mall agus de réir a chéile.

Bhí sí ag déanamh a cuid cainte agus go leor plé ar siúl cé acu méadar nó dhá mhéadar ba chóir do dhaoine fanacht óna chéile.

Dúirt Canavan gur dhá mhéadar atá á chomhairliú ag an Rialtas i gcónaí agus é sin ina chuid den phlean atá ann na srianta a scaoileadh de réir a chéile.

“D’fhéadfadh borradh a theacht faoi ionfhabhtuithe má bhogaimid rófhada róghasta. Ní mór dúinn a fhios a bheith againn conas atá ag éirí linn ó chéim go céim.

“Sin é an fáth go bhfuil trí seachtaine fágtha idir gach céim, ionas go mbeimid in ann measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an víreas ar na bearta éagsúla.”

Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) ag moladh do dhaoine fanacht ar a laghad méadar amháin óna chéile agus dhá mhéadar más féidir in aon chor é chun srian a chur le scaipeadh an víris.    

Molann An Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDPC) do dhaoine fanacht méadar nó níos faide ná sin ó dhaoine a bhfuil an víreas tolgtha acu. 

Dúirt Dr David Nabarro, toscaire speisialta an WHO ar Covid-19, go mbeidh duine“slán ón víreas 99% den am”ach fanacht dhá mhéadar amach ó dhaoine eile.

Dúirt sé freisin “go laghdóidh duine an chontúirt go mór ach fanacht méadar amháin ó dhaoine eile”.

Dúirt an Dr Nabarro ar an gclár Today ar RTÉ go dtaistealóidh 70% de na braoiníní ó chasacht duine méadar amháin ón duine sin ach gur “fíorbheagán de na braoiníní a shéidfear níos faide ná dhá mhéadar”.

Tá 521 othar in ospidéil géarchúraim agus an coróinvíreas orthu nó amhras ann gurb é atá orthu. Tá tástáil dhearfach faighte ag 303 de na hothair sin.

49 othar atá in Aonaid Dianchúraim agus diagnóis Covid-19 faighte acu agus tá 20 othar eile sna haonaid sin agus amhras ann gurb é an galar a d’fhág ann iad.

Tá 126 leaba cúram criticiúil ar fáil faoi láthair ach tá an líon leapacha cúram ginearálta atá ar fáil inniu laghdaithe ó 2200 go 735.   

Idir an dá linn, dúirt rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Síne go raibh an chuma air go raibh “víreas polaitiúil” tolgtha ag Washington ach mar sin féin go bhfáilteodh an tSín roimh iarracht idirnáisiúnta teacht ar fhoinse an choróinvíris.

“Tá an caidreamh idir an tSín agus na Stáit Aontaithe ina ghiall ag roinnt fórsaí polaitiúla sna Stáit Aontaithe agus iad ag brú an dá thír i dtreo Cogadh Fuar nua,” a dúirt Wang Yi.

Níos mó