Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ranganna-gaeilge-ghaelchultuir-ar-fail-do-dhaltai-‘ar-fud-an-domhain’-anois

Ranganna Gaeilge Ghaelchultúir ar fáil do dhaltaí ‘ar fud an domhain’ anois

Beidh fáilte roimh fhoghlaimeoirí teanga “ar fud an domhain” clárú le ranganna Gaeilge an ionaid oideachais Gaelchultúr, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, don téarma nua ranganna a bheidh ag tosú an mhí seo. 

Tá foghlaimeoirí Gaeilge sna ardchathair ag triail ar ionad Ghaelchultúir ar Shráid an Chláirínigh le fada an lá le barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge nó an teanga a fhoghlaim go hiomlán as an nua. Le tamall de bhlianta anuas, tá ranganna áirithe á reáchtáil acu in ionaid eile timpeall na cathrach agus i gcontaetha eile.

Ach an samhradh seo beidh teacht ag níos mó daoine ná riamh ar ranganna ard-chaighdeáin Ghaelchultúir a bhuí leis an teicneolaíocht. Bhíodh cúpla rang ar líne á dtairiscint ag an gcomhlacht roimhe seo, ach ó dúnadh an t-ionad de bharr na srianta a tugadh i bhfeidhm dhá mhí ó shin, tá gach uile rang á reáchtáil ar líne anois. 

Tá “an cúrsa Gaeilge is cuimsithí riamh” a cuireadh ar líne curtha le chéile ag Gaelchultúr, a deir siad, agus ranganna ar fáil do gach leibhéal cumais — glantosaitheoirí, daoine a bhfuil roinnt Gaeilge acu, cainteoirí líofa agus do dhaoine ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcruinneas gramadaí. 

Beidh na ranganna ar fáil ag ocht leibhéal éagsúla: Bunrang 1 agus 2; Meánrang 1 agus 2; Ardrang 1 agus 2; agus Cruinneas sa Ghaeilge 1 agus a 2. Beidh ranganna ar fáil le linn na seachtaine agus ag an deireadh seachtaine araon. 

Rang dhá uair an chloig, lá sa tseachtain, ar feadh deich seachtainí a bheidh i gceist le cúrsaí Ghaelchultúir ar líne, agus tosóidh na cúrsaí uilig an tseachtain dar tús an 25 Bealtaine. Ní bheidh ag teastáil ó na foghlaimeoirí ach cluasáin a bhfuil micreafón mar chuid de, ríomhaire de shaghas éigin agus ceangal réasúnta leathanbhanda. 

“Tá ranganna oíche Ghaelchultúir ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas agus tá lúcháir orainn go mbeidh muid in ann ranganna Gaeilge a thairiscint d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain anois. Is cuma, cé acu atá tú ag cur tús le d’aistear foghlama nó má tá tú ag iarraidh barr feabhais a chur ar do scileanna teanga, tá rang againn do gach duine, agus is bealach iontach é seo chun tairbhe a bhaint as an tréimhse seo agus muid sáinnithe sa bhaile,” a dúirt Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir. 

Beidh deis ag daoine ar spéis leo cúrsa a dhéanamh le Gaelchultúr ach nach bhfuil cinnte go bhfeilfeadh rang ar líne dóibh blaiseadh den chúrsa a fháil roimh a thús. Déanfaidh Gaelchultúr ranganna 30 nóiméad ar líne le blaiseadh a thabhairt den stíl mhúinteoireachta atá acu. Beidh an blaiseadh sin beo ar líne idir 15.00 agus 17.00 am na hÉireann Dé Sathairn an 9 Bealtaine. Tá tuilleadh eolais faoi na cúrsaí ar líne ar fáil ar shuíomh Ghaelchultúir. 

Níos mó