Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-treoir-faoin-ardteiste-foilsithe-agus-fainic-curtha-ar-thuismitheoiri-gan-bru-na-mealladh-a-dheanamh

Treoir faoin Ardteiste foilsithe agus fainic curtha ar thuismitheoirí gan brú ná mealladh a dhéanamh

| Tuairisc.ie | ,

Aon tuismitheoir a dhéanfas iarracht dul i gcion ar mhúinteoir maidir le grádanna measta a gclainne le brú nó le canbhasáil, cuirfear tuairisc faoina n-iompar chuig an Roinn Oideachais.

Sin cuid dá bhfuil ráite sna treoirlínte faoin Ardteist atá eisithe chuig iarbhunscoileanna.

Deirtear le múinteoirí sa cháipéis 40 leathanach gan aon phlé a dhéanamh in aon chor le daoine faoi aon ábhar a bhaineann le dalta na leis an bpróiseas.

Iarrtar orthu taifead a choinneáil d’aon teagmháil a leantar ar aghaidh léi agus ain an duine a scríobh síos agus a thabhairt don scoil agus caithfidh an príomhoide an t-eolas a chur chuig an Roinn.

Beidh cosaint ag múinteoirí agus bainisteoirí scoile ar aon chás dlí a d’fhéadfadh dalta nó tuismitheoirí míshásta a thionscnamh ina gcoinne.

Tá an chosaint sin acu toisc iad a bheith ag gníomhú mar is cuí thar ceann an Stáit, a deirtear.

Ach caithfidh siad comhoibriú leis an Stát má bhíonn cás le cosaint i gcúirt dlí agus a thaispeáint gur cloíodh go docht leis na treoirlínte.

Tá comhaontú ó cheardchumainn na múinteoirí agus eagraíochtaí na mbainisteoirí scoile faoin gcáipéis agus deirtear ann nach ceadmhach do thuismitheoir, caomhnóir ná dalta spreagadh, brú, tionchar ná iallach a chur ar mhúinteoirí ná ar an scoil agus nach féidir leo cur isteach ar an múnla nua measúnaithe.

Leagtar amach go mion an cur chuige a gcaithfidh múinteoirí agus príomhoidí cloí leo agus iad ag déanamh cinnte faoi thorthaí a ndaltaí don Ardteist.

Leagtar amach sna treoirlínte an prótacal is cóir a leanacht sa chás go mbeadh aon tuismitheoir, caomhnóir nó dalta ag déanamh aon stocaireacht.

Mar chosaint bhreise, caithfidh an príomhoide a dheimhniú leis an Roinn gur thángthas ar an measúnú don dalta sa chás sin go cuí agus go neamhspleách.

Faoin bpróiseas measúnaithe i mbliana, tabharfaidh scoil marc agus a ionad in ord fiúntais do dhalta. San aonad nua sa Roinn Oideachais, an oifig feidhmiúcháin, a ndéanfar grád ríofa de na sonraí sin.

Tugtar treoir sa cháipéis sa chás go mbeadh coimhlint lesa i gceist – múinteoir a mhúineann duine dá clann – agus na berta breise a bheidh i gceist i gcás dá réir.

Caithfidh na múinteoirí an choimhlint leasa sin a chur in iúl don phríomhoide agus mura bhfuil aon mhúinteoir eile ag plé leis an ábahr sin sa scoil ní mór don phríomhoide cúnta na marcanna sin a shíniú.

Cuirfidh daltaí in iúl ar thairseach ar líne pé acu ag Gnáthleibhéal nó Ardleibhéal is mian leo an measúnú. Iarrtar ar na múintoeirí grás measta a chur ar fail do gach dalta atá acu, ach beidh deis ag na daltaí níos deanaí glachad leo nó scrúdú scríofa a roghnú.

Maidir le scrúduithe macasamhla a rinne na daltaí san earrach, deirtear nár mhór cuimhneamh go marcáiltear cuid díobh sin go bog agus cuid díobh an-dian.

Deirtear go gcaithfidh múinteoir a mbreithiúnas gairmiúil a úsáid faoi na sonraí sin a bheith ar fáil, ach gan a bheith faoina smacht agus an measúnú á dhéanamh.

Ní ceadmhach ach an obair a rinne dalta roimh an 12 Márta a chur san áireamh agus an measúnú á dhéanamh. Is féidir aon obair chúrsa a raibh dalta ag obair air do Choimisiún na Scrúduithe a chur san áireamh.

Iarrtar ar na scoileanna an “meastachán is fearr” a chur ar fáil don mharc “is dóichí” a gheobhadh an dalta sin agus ní an marc a bheadh sé ag súil leis ach “lá maith” a bheith aige.

Iarrtar ar mhúinteoir a bheith san airdeall ar ‘claontacht neamh-chomhfhiosach’ amhail cúlra socheacnamaíochta nó teaghlaigh dalta.

Deirtear sa cháipéis go gcuirfear oiliúint ar fail do mhúinteoirí agus do scoileanna maidir leis an bpróiseas nua agus gan tabhairt faoin measúnú go fóill.

Níos mó