Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-70-bliain-agus-saol-fada-sa-pholaitiocht-a-cheiliuradh-inniu-ag-eamon-o-cuiv

70 bliain agus saol fada sa pholaitíocht á cheiliúradh inniu ag Éamon Ó Cuív

| Meabh Ni Thuathalain |

Shílfeá go mbeadh bealach éasca isteach i saol na polaitíochta ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív, garmhac duine de mhórpholaiteoirí an fichiú haois in Éirinn agus bunaitheoir Fhianna Fáil, Éamon de Valera.

Ach ní mar a shíltear a bítear.

I 1985 chaill Ó Cuív amach ar shuíochán ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe toisc, dar leis, nach ndearna sé “dóthain oibre” agus nach bhfuair sé “dóthain vótaí”.

“Ach d’fhoghlaim mé mo cheacht.

“I 1987, rith mé don choinbhinsean agus rinne mé go leor leor oibre dó sin agus roghnaíodh mé mar iarrthóir san olltoghchán. Cé nár éirigh liom, glacadh leis gur bhain mé vóta maith amach san olltoghchán do dhuine a bhí ag tosú amach as an nua i gceantar a raibh daonra beag ann.

“Bhí mé ag obair chuile oíche sa gcomharchumann an t-am sin agus choinnigh mé orm ag obair.”

D’fhás Éamon Ó Cuív aníos sa Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath agus tháinig sé chun cónaí go Corr na Móna sa bhliain 1974 mar bhainisteoir comharchumainn. I 1976, tugadh cuireadh dó dul isteach i gcumann áitiúil Fhianna Fáil agus ceapadh é ina chathaoirleach ar an chumann, rud nach raibh “aon choinne” aige leis.

“Chuaigh mé go dtí an cruinniú agus bhí mé ansin le cluas éisteachta a thabhairt don méid a bhí ag dul ar aghaidh. Ach ceapadh mé i mo chathaoirleach agus ní raibh mé bearrtha fiú amháin.

“Toghadh ina dhiaidh sin mar rúnaí mé ar an gcomhairle ceantair agus d’oibrigh mé aníos fríd an bpáirtí ar an mbealach sin.”

Rith Ó Cuív san olltoghchán i 1989 ach chaill sé amach ar shuíochán Dála le 127 vóta.

Toghadh chuig an Seanad é ina dhiaidh sin agus d’éirigh leis suíochán Dála a bhaint amach i 1992 agus tá sé ina Theachta Dála do thoghcheantar Gaillimh Thiar ó shin i leith.

“Tá mé i mo chónaí ar imeall an dáilcheantair, áit a bhfuil daonra an-bheag ann ach an rud a sheas liom riamh go raibh pobal na háite seo ó thosaigh mé thar a bheith dílis dom agus thug siad an t-uafás tacaíochta dom, mar a thug pobal i bhfad níos mó ná sin dom ina dhiaidh sin, go mór mór ar fud Chonamara.”

Dúirt Ó Cuív gurb í an obair a rinne sé mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an t-údar bróid is mó atá aige ina shaol polaitíochta.

“Fiú go dtí an lá atá inniu ann, tá lorg mo láimhe le feiceáil ar go leor scéimeanna a chuir mé ar bun. Ó thaobh na n-oileán, is dóigh liom go ndearna mé an t-athrú is mó ó thaobh saoráidí fisiciúla a rinneadh ar na hoileáin ariamh. Ansin dhírigh mé isteach go mór ar sheirbhísí.

“Rinne mé go leor oibre ó thaobh na Gaeilge de, scéim na gcúntóirí teanga, sampla beag amháin de rud a rinne mé.”

Bhí Ó Cuív mar Aire Stáit don Ghaeltacht ó 1997-200 agus mar Aire Sinsearach don Ghaeltacht ó 2002-2010. Ba faoina chúram a réitíodh an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla, a ceapadh Coimisinéir Teanga don Ghaeilge agus a baineadh an stádas Eorpach amach don Ghaeilge, ach déarfadh daoine áirithe chomh maith gur iomaí deis a scaoileadh le sruth chomh maith tráth a raibh go leor airgid le caitheamh.

“Bhí go leor rudaí eile ar mhaith liom a dhéanamh ach bíonn teorainn leis an méid is féidir leat a dhéanamh is cuma cé mhéad oibre a dhéanann tú. Má tá tú dáiríre faoi jab a dhéanamh beidh a dhá oiread oibre ann a d’fhéadfá a dhéanamh.”

Cé gur bhreá leis go mbeadh aire sinsearach don Ghaeltacht sa chéad rialtas eile deir sé go bhfuil amhras air go gceapfar duine sa ról sin ach go bhfuil sé “dóchasach” go mbeidh a leithéid ann arís amach anseo.

Maidir leis na cúiseanna aiféala atá aige, deir sé gurb é “an t-ábhar díomá is mó” atá aige nach bhfaca an rialtas a raibh sé páirteach ann go dteipfeadh na bancanna ar fad in 2008.

“Ní raibh aon choinne againne go dteipfeadh ar AIB, Banc na hÉireann agus bancanna ar fud an domhain. Cé nach raibh mé go díreach freagrach as sin mar aire, nuair atá tú ag bord an rialtais tá muid uilig freagrach as gach rud.” 

Tá Ó Cuív go mór i mbéal an phobail le seachtain anuas agus é ag cur i gcoinne an chomhrialtais nua agus é den tuairim gurb é sin an chéad tairne i gcónra Fhianna Fáil a bheadh ann.

I litir a sheol sé chuig baill an pháirtí an tseachtain seo caite mhaígh sé go léiríonn an ardréim a bhí ag Fianna Fáil i gcúrsaí polaitíochta sa tír seo le blianta fada an dea-mheas a bhí ag an phobal ar obair an pháirtí, ach gur a mhalairt atá ar siúl anois.

“Léiríonn na torthaí pobalbhreitheanna le tamall – thart ar 14% – an chontúirt ina bhfuil an páirtí agus creidimse gur in olcas a ghabhfas sé sin má bhímid sa gcomhrialtas seo atá á mholadh,” ar sé.

Dar leis go gcuirfeadh an comhrialtas dlús le deireadh an pháirtí agus go gcruthófaí córas ina mbeidh dhá pháirtí mhóra sa tír arís ach nach mbeadh Fianna Fáil ar cheann acu.

Creideann sé go bhféadfadh Fianna Fáil “ról tábhachtach a bheith aige chun sochaí chóir agus chothrom a chruthú amach anseo”, sochaí a bheadh “bunaithe ar phrionsabail Phoblachtánachas bunreachtúil na síochána”

“Má leanann muid orainn mar atá, tá imní orm go mbeidh deireadh leis an bpáirtí mar mhórpháirtí in Éirinn agus ghoillfeadh sé sin go mór orm.”

Ach deir Ó Cuív gurb é an troid is mó atá fágtha ina shaol polaitíochta ná pobal na tuaithe a chosaint oiread agus is féidir.

“Tá troid ar bun le pobal tuaithe na tíre seo a shábháil ón síorionsaí atá á dhéanamh orthu agus ar an tslí bheatha atá acu. Tá an dúshlán sin níos géire sa Ghaeltacht. Feicimid cás Ráth Chairn an tseachtain seo,” a dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív.

Níos mó