Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-carlos-alberto,-aodh-mac-laifeartaigh-agus-pairc-ros-an-mhil

Carlos Alberto, Aodh Mac Laifeartaigh agus páirc Ros an Mhíl

| Martan O Ciardha |

Domhnach a bhí freisin sa 7 Meitheamh leathchéad bliain ó shin – an lá ba theo a facthas go dtí sin i 1970. Ní baileach go raibh sé ina bhrothall chomh mór anseo agus a bhí sé thall i Meicsiceo áit a raibh imirt á déanamh ar Chraobh Sacair an Domhain.

I Guadalajara ansiúd cothrom an lae seo a d’aimsigh Jair an cúl a thug an bua don Bhrasaíl ar Shasana a raibh neart deiseanna scórála acu féin – Francis Lee, Bobby Charlton, Geoff Hurst, Alan Ball agus Jeff Astle san áireamh ar na peileadóirí a scaoil na seansanna ab fhearr le fána.

Sula ndearnadh an imirt ba é Pelé ba mhó a bhí luaite ar an gcontúirt is mó ar an deis a bheadh ag Sasana greim a choinneáil ar Chorn Jules Rimet – choinnigh Alan Mullery súil ghéar go leor airsean.

16 foireann a bhíodh san iomaíocht ar Chorn an Domhain an uair údaí – bíonn a dhá oiread anois ann – agus bhain Sasana áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais ceithre lá dár gcionn nuair a bhuaigh siad ar an tSeicslóvaic.

Ansiúd i gcluiche a bhí taobh le ham breise, bhuaigh an Iar-Ghearmáin orthu. An Iodáil a sháraigh iadsan sa mbabhta leathcheannais, ach nuair a tháinig an lá mór san Estadio Azteca ní raibh aon ghaire acusan ar na Brasaíligh a bhuaigh 4-1.

Tá an cúl deireanach a fuair na seaimpíní ar cheann de na cinn is ansa liom – gluaiseacht a thosaigh i measc na gcúlaithe gur shroich an pheil Jairzinho agus é ar cholbha clé na páirce. Sheol seisean í chuig Pelé a bhí lasmuigh den bhosca agus a aghaidh ar an mbáire. Go deo ní thuigfidh mé cén chaoi a raibh a fhios aige go raibh fad na páirce rite ag an gcosantóir Carlos Alberto a bhí fós ar a chúl – ach bhog an maestro an pheil ó chos go cos go dtáinig a chomrádaí taobh leis. Chuir scór Alberto dlaoi mhullaigh ar an ngluaiseacht ar fad.

Is maith is fiú breathnú air.

Ar theilifís ghráinneach dubh agus bán a chonaic mise é tar éis filleadh ó chluiche peile a bhí imeartha agam ar pháirc i Ros an Mhíl a raibh ‘An Canal’ mar ainm uirthi – bhí fanacht bliana beagnach ann sula dtáinig dath ar scáileán RTÉ agus an uair sin féin ba ag muintir Bhleá Cliath amháin a bhí feiceáil air.

Ba é an cluiche sin ar an gCanal buaic agus turnamh dóchais mo shaol peile.

Cúig bliana sular chuir Pat Spillane Páirc an Chrócaigh faoi dhraíocht lena chuid aclaíochta níor fhág mé orlach den acra portaigh sin i Ros an Mhíl gan mo chos a leagan air. Ghabh mé liathróidí sna clabhtaí nach dtiocfadh Mick O’Connell i bhfoisceacht mbeannaí Dia dóibh agus le barr maise a chur ar an scéal scóráil mé cúilín an bhua as cic saor 45 slat.

Díreach agus é ag dul thar an trasnán a dhúisigh mé i mo leaba sa mbaile – an clog á rá liom go raibh moill uaireanta fós ar thús na himeartha.

Nuair a tháinig sin bhí méar cham an bhainisteora sínte i mo threo i bhfad sula dtáinig leath ama agus ionadaí istigh i m’áit. Ba é an ról a bhí agam sa dara leath ná a chinntiú nach dtiocfadh an t-aon liathróid a bhí ar fáil isteach sa stráice uisce as a bhfuair an áit a hainm.

Ar pháirceanna eile de chuid Chumann Lúthchleas Gael an Domhnach sin an 7 Meitheamh 1970 bhí baint mhór ag Dermot Earley le bua Ros Comáin ar Liatroim (4-14, 1-7) ar Pháirc Mhic Dhiarmada i gCora Droma Rúisc. B’in an 6ú séasúr ag Dermot ag imirt i gCraobh Chonnacht cé nach raibh sé ach 22 bliain d’aois ar éigean.

Thuas ar Pháirc Bhreifne d’imir ógánach 17 bliain darbh ainm Ollie Leddy i lár na páirce ar fhoireann an Chabháin a bhuaigh ar Fhear Manach (3-13, 1-3) i gCraobh Peile Uladh.

Sa gcraobh céanna i mBaile na Scrín ní raibh Tír Eoghain in ann a chur ar an gclár in aghaidh Dhoire ach seacht gcúilín. Ní raibh cluiche ceannais an chúige sroichte ag an Lámh Dhearg ó bhí an bhliain 1957 ann.

I mBealach Féich bhí Brian McEniff ar fhoireann Dhún na nGall a d’imir in aghaidh Aontroma, mar a bhí Aodh Mac Laifeartaigh as na Dúnaibh a roghnaíodh ar fhoireann náisiúnta Chomórtais Peile na Gaeltachta le gairid agus Antóin Carroll, duine de bhunaitheoirí an chomórtais sin.

Oiread agus craobh amháin féin ní raibh buaite ag Dún na nGall i gCúige Uladh i 1970 agus fanacht dhá bhliain orthu go dtiocfadh an chéad cheann an bealach.

Rud eile nach raibh tagtha sa riocht ag an am ab ea go raibh deireadh leis an lúthchleasaí a d’imríodh peil agus iománaíocht dá chontae go rialta. Ar fhoireann Loch Garman a d’imir i gCraobh Peile Laighean ar an 7 Meitheamh 1970 bhí Dan Quigley, Jack Berry agus Phil Wilson a bhí ag imirt nuair a bhuaigh an contae Corn Mhic Cárthaigh dhá bhliain roimhe sin.

Níos mó