Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cluichi-ceannais-na-heireann-le-himirt-mi-na-nollag-agus-socruithe-deanta-do-chraobhacha-2020

Cluichí ceannais na hÉireann le himirt mí na Nollag agus socruithe déanta do chraobhacha 2020

Imreofar cluichí ceannais na hÉireann sa pheil agus san iomáint mí na Nollag agus tá na socruithe do chraobhacha sinsir peile agus iomána na hÉireann 2020 fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael tráthnóna.

Imreofar cluiche ceannais na craoibhe sinsir iomána Dé Domhnaigh an 13 Nollaig agus imreofar cluiche ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha an lá céanna.

Beidh an cluiche ceannais peile ann sé lá ina dhiaidh sin, Dé Sathairn, an 19 Nollaig.

Tá sé fógartha ag CLG chomh maith nach mbeidh craobhacha na gcúigí ná craobhacha na hÉireann ann i gcomórtais na gclubanna i mbliana agus cinneadh déanta an séasúr uile a chríochnú roimh dheireadh na bliana.

Tá faighte réidh le babhtaí na ngrúpaí a bhí i bhfeidhm sna comórtais idirchontae le cúpla bliain anuas agus laghdú tagtha ar líon na gcluichí atá le himirt de bharr na srianta atá curtha ag Covid-19 ar na craobhacha.

Den chéad uair ó 1999, ní bheidh aon chúldoras i bhfeidhm i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann. Ní bheidh Comórtas an tSár-Ochtair ann ar chor ar bith i mbliana ach oiread agus díbreofar foirne ón gcraobh nuair a chailleann siad a gcéad chluiche. Ní gá do CLG tarraingt nua a dhéanamh don chraobh.

Fágann sé sin go ndíbreofar roinnt foirne luath sa chomórtas. Tá Tír Eoghain agus Dún na nGall chun aghaidh a thabhairt ar a chéile i mbabhta ceathrú ceannais Uladh agus casfaidh Corcaigh agus Ciarraí ar a chéile i gcluiche leathcheannais na Mumhan. Ní fheicfear na foirne a chailleann na cluichí sin arís sa chraobh.

Ní ghlacfaidh Nua-Eabhrac páirt sa chraobh i mbliana agus beidh le feiceáil an mbeidh Londain in ann imirt inti.

Deimhníodh go bhfuil Corn Tailteann curtha siar go dtí 2021 chomh maith.

Imreofar cluiche ceannais peile Laighean Dé Sathairn, an 21 Samhain, mar chuid de chomóradh céad bliain Dhomhnach na Fola i bPáirc an Chrócaigh.

Tabharfar an dara deis d’fhoirne sa chraobh iomána agus an comórtas leagtha amach mar a bhí sé in 2018 den chuid is mó.

Ní bheidh aon ghrúpaí i gceist i gCraobh Laighean ná i gCraobh na Mumhan agus beidh tarraingt nua ann anocht chun na cluichí a shocrú.

Tabharfar cead ar aghaidh do Loch Garman agus do Chill Chainnigh go dtí na babhtaí leathcheannais i gCraobh Laighean tar éis dóibh an cluiche ceannais a bhaint amach anuraidh.

Rachaidh na foirne a bhuafaidh craobhacha na gcúigí ar aghaidh go dtí babhtaí leathcheannais na hÉireann mar is gnáth agus rachaidh na foirne eile isteach sna babhtaí cáilithe.

Ní bheidh aon chluichí athimeartha ann sa chraobh iomána ná sa chraobh peile.

Tá sé i gceist ag CLG deireadh a chur leis an tSraith Náisiúnta peile chomh maith agus dhá bhabhta fágtha. Imreofar Babhta 6 den tsraith Dé Domhnaigh an 18 Deireadh Fómhair agus beidh Babhta 7 ann an deireadh seachtaine dár gcionn. Ní imreofar aon chluichí ceannais, áfach.

Níos mó