Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-d’fhag-domhnall-mac-sithigh-a-rian-fein-ar-thraidisiun-liteartha-an-iomraimh

D’fhág Domhnall Mac Síthigh a rian féin ar thraidisiún liteartha an iomraimh

Ceann des na seánraí scéalaíochta is mó amach as canóin luath-litríocht na hÉireann ná seanscéalta na n-iomramh. Tá an sampla is cáiliúla díobh so ar eolas ag a lán fós in Éirinn nó thar toinn  – ‘Iomramh Bhréanainn’ an t-iomramh fé thrácht sa mhéid sin agam. 

Cnámh an scéil seo ná gur sheol Naomh Bréanainn agus seisear déag dá chompánaigh mhanachúla a fhad le Tairngire na Naomh agus a ndóthain d’iontaisí an tsaoil ag taibhsiú ar feadh na slí dóibh. Bás in Éirinn a fuair Bréanainn maille le cnoc a bheith ainmnithe ina ómós ar fhilleadh abhaile go Ciarraí do.

Scéalta dá leithéid a spreag an scríbhneoir Duibhneach Domhnall Mac Síthigh agus compánaigh dá chuid féin le tabhairt fé aistir éagsúla eipiciúla seoltóireachta go dtí tíortha éagsúla mórdtimpeall Éireann. Dála na manach anallód, dob í an naomhóg lom a rogha árthaí.

Agus d’fhág Mac Síthigh a rian féin ar thraidisiún liteartha an iomraimh nuair a d’fhoilsigh sé cuntas ar sheanchas a thurais chun na hÍoslainne mar chuid de leabhar dar theideal Iomramh Bhréanainn MMXI: Ón nDaingean go hÍoslainn. Aistríodh an leabhar san go Béarla ina dhiaidh sin fén dteideal In the Wake of St Brendan: From Dingle to Iceland

Ar an gceangal Lochlannach a bhí forbartha age Mac Síthigh sna foilseacháin seo a dhíríos-sa ansan im chuid léachtaí agus bolscaireacht le déanamh agam d’oíche speisialta scannánaíochta a bhí ar chlár na n-imeachtaí againn do dheireadh seachtaine na Féile Pádraig in Uppsala na Sualainne i mbliana. Bhí díol ana-thapaidh ar na ticéidí agus ba ghearr ná raibh aon cheann díobh fágtha.

Faraor géar, dob éigean i ndeireadh na mbeart gach imeacht dá chineál a chur ar ceal de dheasca an choróinvíris, ach an chaint ar fad fén scannán so a bhí i gceist againn a theaspáint, is léir gur chuaigh sé i bhfeidhm ar mo chuid mac agus iníonacha léinn mar sin féin. Thagair aiste i ndiaidh aiste ó scrúdú deiridh ár gcúrsa ar an litríocht Cheilteach don scannán úd nár teaspánadh in aon chor: The Camino Voyage

Is ea, más fíor go raibh nuashonrú déanta age Mac Síthigh ar thraidisiún scríofa an iomraimh roimhe seo, is amhlaidh a forbraíodh seánra litríochta an iomraimh a thuilleadh aríst nuair a tháinig The Camino Voyage amach. 

Físeán faisnéise a mheallann chuige fiosracht na ndaoine. Saothar scáileáin a thugann éachtaint ghléineach ar shraith turasanna thar thonntaibh na mara ó dheas: “sé seachtaine gach bliain ar feadh trí mbliana, 2,500km go dtí Santiago de Compostela” arsa Domhnall Mac Síthigh é féin i gcéadradharca an scannáin fé mar a bheadh réamhrá leis an dturas a luigh roimis an lucht féachana. Foghlaimímid gurb é féin a dhein an ‘Naomh Gobnatan’ le cúnamh ó Liam Holden.

Nótaí ceoil ansan ó bhosca Bhreanndáin Uí Bheaglaoich a nochtann féin le corc a chur in éinne ina mbeadh claonadh amhras a chaitheamh ar aois an chriú: “Is triail choirp é, is triail diamhrach aigne é. Ní bheinn ábalta dho so fiche bliain ó shin. Ní bheadh an fhoighne agam”.

Glen Hansard agus Liam Ó Maonlaí i measc na gcaimeonna iomadúla ceoil ann.

“Do dh’imigh Naomh Breandán agus Tim Severin, agus do dheineadar na turasanna so, agus do mo chlann agus do na daoine a thiocfaidh inár ndeabhaidh, is rud deas é ar deireadh chun féachaint siar air” a thug Duibhneach eile de chriú an bháid, Breanndán Ó Muircheartaigh, mar mhíniú ar an iomramh fíorshaoil seo.

Is ea, tá idir cheol agus chrógacht ann, ach tá ábhar tábhachtach machnaimh leis sa scannán so ar dhálaí na dteifeach a chuireann a mbeatha i mbaol ar bord árthaí beaga bídeacha ar thrasnú na Meánmhara chun na hEorpa dhóibh. Tuairimíocht uaim féin atá sa mhéid sin.

Cliceáil anseo mar ar féidir féachaint ar The Camino Voyage ar Vimeo age baile duit féin ach táille beag a íoc as an eispéireas san. Ná féach ar Amazon air pé scéal é! Agus ná léigh a thuilleadh den alt so anois mar go bhfuil “milleadh scéil” i ndán duit mura dtugann tú tor orm.

“Chomh fada le casadh” an freagra smartáltha a thugtar i gCorca Dhuibhne uaireasta ar “caileas tú ag imeacht” mar cheist. “Casadh abhaile” dar ndó atá i gceist sa nath cainte sin.

Ach, is é an clabhsúr sollúnta a chuirtear le The Camino Voyage ná fógra gonta gur bhain timpiste roimh chasadh abhaile do chriú na naomhóige, tamall amach ó Chósta na Gailíse, agus gur Dhomhnall Mac Síthigh an t-aon té nár thug na sála leis. Tharlódh sé gur trí mbliana ón lá inniubh a cailleadh Domhnall Mac Síthigh, ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Níos mó