Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘fearg’-ar-mhuintir-inis-mor-faoi-chead-taistil-a-bheith-ag-daoine-chuig-an-oilean

‘Fearg’ ar mhuintir Inis Mór faoi chead taistil a bheith ag daoine chuig an oileán

| Tuairisc.ie | ,

Deir cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Árann go bhfuil fearg ar mhuintir an oileáin faoi chinneadh an Rialtais go scaoilfí na srianta taistil atá i bhfeidhm ar na hoileáin Dé Luain.

Agus é ag caint ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin inniu dúirt Micheál Ó Goill, cathaoirleach Chomharchumann Forbartha Árann, go raibh “fearg” agus “díomá” ar mhuintir an oileáin go ndearna an Rialtas neamhaird de chomhairle lucht leighis an oileáin agus cead turasóirí chuig na hoileáin á phlé.

Dúirt Cathaoirleach an chomharchumainn nach raibh aon réiteach déanta fós le freastal ar aon turasóirí a thiocfadh agus nach raibh áiseanna ar bith ullmhaithe faoina gcomhair.

Níl go leor de lucht gnó an oileáin cinnte fós cén uair a osclóidh siad agus iad dúnta le cúpla mí de bharr srianta an Covid-19, ar sé. 

Dúirt Cathy Ní Ghoil, bainisteoir an Chomharchumainn an tseachtain seo nach leis an gComharchumainn ná Comhdháil Oileáin na hÉireann comhairle leighis a chur ar an Rialtas agus gur chóir don Rialtas treoir shoiléir a thabhairt do na hoileáin faoin dáta athoscailte i bplean leasaithe an Rialtais. Seachas sin, fágadh gan soiléireacht iad, a dúirt sí.

An 10 Lúnasa an dáta athoscailte a tugadh do na hoileáin nuair a fógraíodh plean díchuibhrithe an rialtais ar dtús ach cuireadh dlús leis an bplean sin ó shin agus cuireadh deireadh ar fad leis an gcéim lena raibh na hoiléain luaite..

Ní raibh an tAire Stáit sásta go n-athosclófaí na hoileáin do thurasóirí go luath mar gheall ar an imní a dúirt sé a bhí ar go leor daoine de bhunadh na n-oileán faoin gcontúirt sláinte a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

Deir  sé chomh maith nach raibh muintir na n-oileán aontaithe ar an ábhar agus nach bhfuil “gach oileán” fiú ar aon intinn faoi conas is fearr na srianta taistil a bhí i bhfeidhm a mhaolú.

D’eagraigh an comharchumann in Inis Mór suirbhé ar an bhfón ag tús na seachtaine agus bhí formhór mór an phobail sásta le moladh an Aire Kyne gur de réir a chéile a d’osclófaí an t-oileán do thurasóirí.

Níor ghlac an Rialtas leis an moladh sin inné agus dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne gur mar gheall ar an gcomhairle a bhí curtha ar an Rialtas ag saineolaithe sláinte poiblí agus ag an Ard-Aighne a socraíodh cead a thabhairt do dhaoine taisteal chun na n-oileán arís ón Luan seo chugainn.

Ní fhéadfaí dlí amháin a chur i bhfeidhm ar an mórthír agus dlí eile a chur i bhfeidhm ar na hoileáin, a dúirt sé.

Mhaígh Ó Goill ar Raidió na Gaeltachta ar maidin gurbh fhearr leis féin gur de réir a chéile a thosófaí ag athoscailt an oileáin arís.

Chuir Comharchumann Inis Meáin fáilte roimh an treoir shoiléir ón rialtas, ach dúradh nach raibh aon leithris phoiblí ar an oileán agus nach fios conas a dhéanfaí freastal sábháilte ar thurasóirí.

Glactar leis go mbeidh an scoitheadh sóisialta i bhfeidhm ar na báid agus go mbeidh mascanna riachtanach nuair a thiocfaidh an dlí sin i bhfeidhm. 

Níos mó