Tá ceird nua foghlamtha ag dalta as Coláiste an Eachréidh i mBaile Átha an Rí le linn na dianghlasála agus suim ag daoine a shaothar lámhdhéanta a cheannach.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Tuán Ó Baoill, atá 16 bliain d’aois, go raibh “uaireanta fada” caite aige i mbun ceardaíocht adhmaid sa bhothán in aice lena theach, i mBaile Locha Riach, ó dúnadh na scoileanna i mí an Mhárta.
Athair Thuáin, Pádraig Rua Ó Baoill, údar, múinteoir agus gníomhaí teanga, a spreag an ceardaí óg le dul i mbun na hoibre adhmadóireachta.
“Dúirt m’athair liom dul amach sa bhothán agus obair i m’aonar agus cúpla smaoineamh a chur le chéile faoi rudaí a d’fhéadfainn a dhéanamh le seanphailléid a bhí aige.
“Tá leabhar seanfhocal sa teach aige agus scríobh sé roinnt seanfhocal amach sa seanchló Gaelach dom agus bhí mé in ann iad a chóipeáil,” a dúirt Tuán Ó Baoill, a bhí ag gabháil don idirbhliain i mbliana.
Dúirt Tuán gur thóg an chéad chúpla píosa “go leor ama” air agus ach nárbh fhada go raibh an “bothán lán le seanfhocail” aige.
Scaip deirfiúr Thuáin cuid dá shaothar lámhdhéanta ar Instagram agus léirigh daoine suim iad a cheannach ó shin.
‘Tá mionghnó tosaithe agam i ngan fhios dom féin. Ní raibh mé ag súil go mbeadh daoine á iarraidh ach seans go ndéanfaidh mé cúpla euro as.”
Dúirt Tuán go raibh “suim mhór” aige san obair adhmadóireachta agus go raibh deis aige mar chuid den chúrsa idirbhliana tréimhse a chaitheamh ar thaithí oibre le siúinéir níos túisce i mbliana.
Más spéis leat saothar lámhdhéanta Thuáin Uí Bhaoill, is féidir ríomhphost a chur chuig padraigrua@gmail.com