Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fisean:-‘is-deacair-muinin-a-chur-sna-hairi-mura-n-aithnionn-siad-go-bhfuil-gearcheim-sa-ghaeltacht’

FÍSEÁN: ‘Is deacair muinín a chur sna hairí mura n-aithníonn siad go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht’

Tá sé curtha i leith airí nua na Gaeltachta gur easnamh mór ab ea é ar a gcéad óráidí sa Dáil nár luaigh siad ar chor ar bith géarchéim teanga na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar choiste Gaeilge an Oireachtais le linn thréimhse an rialtais dheireanaigh, gur chuir sé “olc” uirthi nár aithin ceachtar den dá aire nua, Catherine Martin agus Dara Calleary, ina gcuid óráidí sa Dáil inné go raibh géarchéim sa Ghaeltacht.

Chuir Connolly fáilte roimh cuid dá raibh le rá ag Aire Stáit na Gaeltachta, Dara Calleary, agus ag an Aire sinsearach, Catherine Martin, ach dúirt sí go mbeadh sé deacair muinín a chur iontu mura n-aithneoidís go bhfuil géarchéim ann.

“An rud atá in easnamh ná comhthéacs agus cúlra. Níl aon chomhthéacs anseo, a airí, maidir le, mar shampla, an ghéarchéim atá sna Gaeltachtaí uilig ar fud na tíre. Níl aon aitheantas tugtha don ghéarchéim atá ann ó thaobh na teanga, agus cuireann sé sin olc orm i ndáiríre. Agus níor mhaith liom tús a chur le m’obair libhse i mbealach diúltach ach tá gá le haitheantas a thabhairt nuair atá sibh ag caint faoi chúrsaí airgid agus caiteachais.

“Mar a dúirt mé, is rud dearfach na figiúirí [na meastacháin Roinne] ach gan cúlra agus gan aitheantas don ghéarchéim atá ann, tá sé thar a bheith deacair muinín a bheith agam as an gcaiteachas seo,” arsa Catherine Connolly.

Mhol an Teachta Dála neamhspleách don Aire Meán, Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, go léireodh sí “ceannaireacht ón tús” agus go mbeadh a cuid óráidí i nGaeilge feasta.

Dúirt Catherine Martin go labhródh sí Gaeilge oiread agus ab fhéidir sa Dáil.

Tá roinnt ráiteas láidir déanta sa Dáil ag leascheannaire an Chomhaontais Ghlais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ó toghadh ina Teachta Dála ar dtús í in 2016.

Tá sí ar dhuine den bheagán Teachtaí Dála a bhfuil glactha acu leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt sí níos luaithe an tseachtain seo nach bhféadfadh “aon duine a shéanadh” go bhfuil géarchéim teanga sna ceantair “is laige” ó thaobh na teanga.

Níos mó