Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘tacaimis-le-teileann’-–-dion-nua-ag-teastail-go-gear-o-cholaiste-aoidh-mhic-bhricne

‘Tacaímis le Teileann’ – díon nua ag teastáil go géar ó Choláiste Aoidh Mhic Bhricne

| Padraig O Tiarnaigh |

Tá Pádraig Ó Tiarnaigh ina chathaoirleach ar Choiste Choláiste Aoidh Mhic Bhricne i dTeileann.

Scríobhadh go leor ar leathanaigh seo NÓS le linn na dianghlasála, go leor cuimhní cinn a thug ar bhóithrín na smaointe muid agus ceist na gcoláistí samhraidh idir camáin againn. 

Scríobh mé ar mo chuimhní cinn féin fá Choláiste Aoidh Mhic Bhricne, gur chuir an Ghaeltacht cor i mo chinniúint.

Is dócha, agus na cuimhní seo á gcur ar pár agam, gur thuig mé go raibh obair mhór romhainn an samhradh seo. 

Mar fhocal scor, bhí gairm chogaidh ann chun tacú leis na coláistí Gaeltacht:

In aimsir seo na héigeandála agus na héiginnteachta, ná fágaimis an Ghaeltacht ar an trá fholamh. Ná déanaimis talamh slán de go mbeidh na coláistí samhraidh ar ais ar an bhliain seo chugainn. Le chéile, tá dualgas orainn mar phobal teanga cuidiú leo. Déanaimis cinnte de go mbeadh deis ag na glúnta atá le teacht dul ar oilithreacht dá gcuid féin, agus cuimhní samhraidh dá gcuid féin a chruthú.  

Agus cúrsaí an tsamhraidh seo anois ar ceal, tá mothú aisteach fá na coláistí samhraidh — iad bánaithe, tréigthe go pointe. Tá ciúnas sa cheantar; an ciúnas sin líonta go pointe le tormán agus tranglam na turasóireachta, ach tá croí agus anam an tsamhraidh fós ar lár, agus an coláiste féin ina luí ansin faoi shuan.

Le beagnach deich mbliana anuas, thuig muid go raibh obair mhór le déanamh againn ar Choláiste Aoidh Mhic Bhricne. Cuireadh an obair sin ar an mhéar fhada go minic. Don té a mbíonn baint aige le coláistí samhraidh, tuigfidh siad ualach an ullmhúcháin a bhíonn fágtha go minic ar choistí deonacha a bhíonn ag feidhmiú chun na doirse a choinneáil oscailte.

Is ar na cúrsaí, ar chomhfhreagras le tuismitheoirí, ar chúrsaí teagaisc, ar chúrsaí sábháilteachta agus grinnfhiosrúcháin na foirne, agus mar sin, a chaitear bunús an ama. 

Thug éigeandáil Covid-19 deis dúinne an aird chuí a thabhairt ar an éigeandáil s’againn féin: tá díon an choláiste imithe in olcas ar fad le dornán beag míonna anuas.

Chun sin a réiteach, beidh díon úr cothrom le cur ar fud an choláiste taobh leis an phríomh-halla. Chun an obair sin a dhéanamh fiúntach, inmharthana agus inbhuanaithe, tá sprioc againn córas teasa a chur sa choláiste den chéad uair riamh. Tá an mhír seo riachtanach, nó tiocfaidh droch-bhail an gheimhridh air gach bliain, agus an taisleach féin ag teacht fríd na ballaí. Sin againn an t-údar infheistíochta. 

Idir stair an choláiste féin, agus an ról lárnach a imríonn sé i saol an phobail Gaeltachta seo, tá sé thar am na bearta seo a chur i gcrích chun áis bhuan a chinntiú sa cheantar. 

Bunaíodh Coláiste Theilinn féin in 1921. Meastar go raibh lámh ag an chigire scoile, Pádraig Mac Seagháin as Teileann i mbunú an choláiste i bpáirt le daoine ón cheantar. Daoine fásta a d’fhreastail ar an choláiste i dtús ama sular cuireadh cúrsaí ar fáil do dhaoine óga sna blianta ina dhiaidh sin. 

Osclaíodh an Coláiste úr Aoidh Mhic Bhricne in 1955 faoi stiúir Chomhaltas Uladh Chonradh na Gaeilge. Deich mbliana roimhe sin, i mí Eanáir 1945, cuireadh an Conallach clúiteach, an bailitheoir béaloidis Seán Ó hEochaidh go Béal Feirste chomh fada le Dáil Mhór Chomhaltas Uladh chun na pleananna sin a phlé.

Dá mbeadh Coláiste Aoidh Mhic Bhricne oscailte an samhradh seo, bheadh 99 bliain ann ó thosaigh daltaí ag teacht go Teileann. In 2021, beidh an coláiste féin ag ceiliúradh 100 bliain ar an fhód. 

Mar aon leis an choláiste samhraidh, reáchtáiltear Naíonra Theilinn sa choláiste féin fosta, agus le blianta anuas, bhíodh an coláiste ina thearmann ag Club Óige Theilinn, Scoil Cheoil Shliabh Liag, ranganna aclaíochta, cumann drámaíochta, ceolchoirmeacha agus éigsí.Anuraidh cuireadh fáilte ann roimh Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge.

Chinnteodh díon nua agus córas teasa cuí go mbeadh an coláiste fóirsteanach dá leithéid arís eile, tráth go bhfuil obair mhór ar bun le plean teanga Ghaeltacht Iardheiscirt Thír Chonaill a chur i bhfeidhm, agus go mbeadh ionad ag pobal Gaeltachta ó cheann ceann na bliana, ionad nach mbeadh i ngreim na haimsire.

An tseachtain seo caite a seoladh an feachtas is úire tiomsaithe airgid don choláiste. Tá ‘Tacaigh le Teileann’ ann chun deis a thabhairt dúinn ar fad rud éigin a thabhairt ar ais. Baineadh geit asainn nuair bailíodh breis agus €7,000 taobh istigh de cheithre lá. 

Ach is san aischothú féin a luíonn na leideanna chun an tacaíocht mhór sin a mhíniú. Is grá le daoine an Ghaeltacht. Mothaíonn go leor gurbh iad na samhraí seo laethanta órga a n-óige. Tá nasc acu leis an cheantar agus leis an teanga atá greanta go domhan iontu. 

Ach thar aon ní eile, tá na glúnta d’iarscoláirí ann agus is mian leo go mbeadh an Coláiste ann agus páistí s’acu ag an aois cheart chun freastal ar na cúrsaí iad féin. Sin againn rotha mór an tsaoil agus tionchar idir-ghlúine na Gaeltachta.

Mar sin tugaimis faoin dúshlán reatha seo mar a thugann muid faoi na cúrsaí féin; le fuinneamh agus le fís, le cinntiú go músclóidh fathach na Gaeltachta in am agus réidh don chéad samhradh eile. 

Is féidir tacú le Teileann ag GoFundMe.

Níos mó