Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-beagnach-an-cuigiu-cuid-de-thorthai-tuartha-na-muinteoiri-le-hisliu

Beagnach an cúigiú cuid de thorthaí tuartha na múinteoirí le hísliú

| Tuairisc.ie | , ,

Ísleofar beagnach an cúigiú cuid de na torthaí tuartha a chuir múinteoirí ar fáil dá gcuid daltaí Ardteiste faoi phróiseas nua na ngrád ríofa atá in úsáid ag an Roinn Oideachais i mbliana.

Ní dhéanfar aon athrú ar 79% de na torthaí measta a chuir na múinteoirí ar fáil, ísleofar 17%  díobh agus ardófar 4%.

Bhí sé i gceist ag an Roinn Oideachais i mí na Bealtaine go gcuirfí torthaí na scoile le cúpla bliain anuas sa gcomhaireamh agus torthaí á ríomh ach ní dhéanfar sin.

Bhí imní ar dhaoine go gcuirfeadh ‘próifíliú scoile’ as níos mó do dhaltaí a d’fhreastail ar scoileanna atá faoi mhíbhuntáiste agus gurb iad a gcuidse torthaí is mó a d’ísleofaí.

Tá eolas eisithe ag an Roinn Oideachais a léiríonn gur 16.8% de na daltaí ar íslíodh a dtorthaí faoin gcaighdeánú náisiúnta, ach níor íslíodh ach 13.6% díobh i scoileanna DEIS agus scoileanna faoi mhíbhuntáiste.

Gheobhaidh 60,000 duine a gcuid torthaí Ardteistiméireachta ag a 9.00 am Dé Luain seo chugainn, an 7 Meán Fómhair.


Beidh na torthaí sin bunaithe ar mharcanna measta an mhúinteora agus iad leasaithe faoi phróiseas caighdeánaithe náisiúnta.

Faoin bpróiseas sin is féidir marcanna na scoile a ísliú nó a ardú le go mbeidh siad i gcomhréir leis an meán náisiúnta agus súil ag an Roinn go dtabharfaidh sé sin cothrom na Féinne do gach duine.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley gurb é an caighdeánú seo an tslí is fearr agus is cothroime chun gráid na ndaltaí a ríomh.

Beidh na torthaí ríofa níos gnaíúla ná torthaí Ardteiste blianta eile ach bliain eisceachtúil a bhí sa mbliain seo.

Beidh 1,250 áit bhreise ar fáil in institiúidí ardoideachais agus breisoideachais le freastal ar aon éileamh breise a bheidh ann de bharr torthaí níos fearr a bheith ag daltaí.

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go léiríonn na cinntí is déanaí faoin bpróiseas marcála go dtuigeann an Rialtas “cás uathúil” na ndaltaí agus “gur pléadh go cothrom leo”.

“Deimhneoidh an próiseas caighdeánaithe náisiúnta atá i bhfeidhm againn comhsheasmhacht sa chur chuige ar fud na scoileanna, ionas nach mbeidh buntáiste ná míbhuntáiste éagórach ag aon scoláire.

“Nuair a bhaintear na sonraí stairiúla scoil-ar-scoil amach as an bpróiseas caighdeánaithe, baintear amach aon bhaol go bhféadfadh torthaí scoláire Ardteistiméireachta a bheith faoi thionchar feidhmíocht ranganna Ardteistiméireachta i scoil an scoláire sna blianta roimhe sin. Ní chinnfidh do scoil na torthaí a bheidh á bhfáil agatsa tríd an gcaighdeánú i mbliana.”

Mhaígh an tAire Foley go dtugann na chéad sonraí faoin bpróiseas “le fios nach gá aon imní a bheith ann go mbeidh scoláirí faoi mhíbhuntáiste éagórach”.

“Is é seo an cur chuige is cothroime agus an cur chuige ceart.

“Táim sásta gur ghlacamar an t-am chun é seo a chur ina cheart, agus d’fhoghlaimíomar ó dhaoine eile, agus thugamar éisteacht d’imní na scoláirí.”

Níos mó