Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-caineadh-gear-deanta-ar-aire-stait-na-gaeltachta-agus-e-curtha-ina-leith-gur-usaid-se-google-translate

Cáineadh géar déanta ar Aire Stáit na Gaeltachta agus é curtha ina leith gur úsáid sé Google Translate

| Tuairisc.ie |

Tá cáineadh géar déanta ag daoine ar Aire Stáit na Gaeltachta as teachtaireacht Ghaeilge a chur amach ar Twitter a bhfuil an chuma uirthi gur bhain sé leas as Google Translate chun í a scríobh.

Chuir go leor daoine ar Twitter i leith an Aire Stáit Jack Chambers gur údar ‘náire’ aige dul i muinín an innill aistriúcháin uathoibríoch agus gur masla bhí ann don teanga go ndéanfadh sé a leithéid.

Cháin an páirtí Pobal Seachas Brabús an tAire Stáit chomh maith an tvuít a chuir Chambers amach ag déanamh comghairdeachais le Sam Bennett, an Tiobraid Árannach a bhuaigh geansaí glas an Tour de France.

“Comhghairdeas, @Sammmy_Be. A dhéanamh an náisiún bródúil agus ag tabhairt ardú meanman, atá go mór de dhíth, dúinn go léir. Éacht curaidh,” a scríobh an tAire Stáit Chambers ina tvuít.

Comhghairdeas, @Sammmy_Be .


🥇🚴‍♂️ A dhéanamh an náisiún bródúil agus ag tabhairt ardú meanman ,atá go mór de dhíth , dúinn go léir. Éacht curaidh 🙌 https://t.co/KsQCHiZU6X

— Jack Chambers TD (@jackfchambers) September 20, 2020

Níl aon chiall le teachtaireacht Chambers i nGaeilge ach nuair a chuirtear trí Google Translate í, tá ciall leis an mBéarla: ‘Congratulations, @Sammmy_Be. Making the nation proud and giving a much needed morale boost to us all. Champion achievement’.

I ráiteas a chuir an páirtí Pobal Seachas Brabús amach faoin scéal, rinne siad cáineadh ar an “bpraiseach” a bhí déanta ag an Aire Stáit den teachtaireacht.

“Maitear botúin. Maitear foghlaimeoirí. Ach seo aistriúchán ar Ghoogle. Ó Aire na Gaeltachta.”

Dúradh sa ráiteas gur léiriú an scéala gur ceapadh duine nach bhfuil líofa sa Ghaeilge mar Aire Stáit nach bhfuil todhchaí na Gaeltachta aon tábhacht “ar chor ar bith” don rialtas agus nach féidir le haon Aire Gaeltachta polasaithe cuí a chur i bhfeidhm mura dtuigeann siad teanga labhartha an phobail lena bhfuil siad ag plé.

Tharraing tvuít Chambers raic ar Twitter chomh maith agus idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí á cháineadh.

An-díomách agus an-náireach uait, a chara. Bain é sin anuas le do thoil. Deacair é seo a chreidiúint tar éis duit labhairt go maith as Gaeilge le déanaí.

— Seán Hade (@seanmhade) September 21, 2020

An bhfuil sé dáiríre? Ag baint úsáid as Google translate nuair atá sé ag tvuítáil as cuntas oifigiúil mar Áire Stáit don Ghaeltacht??

Mo náire thú. https://t.co/KLlTQfHXE2

— Ciarán Ó Cinnéide (@CiaranCinneide) September 21, 2020

Níl sé ceart maslú a dhéanamh orthu siúd atá ag foghlaim na teanga. Ach is Aire é an fear seo, le foireann a bhfuil Gaeilge ag cuid acu. Náireach. https://t.co/IbCJ8M45E3

— Oisín Ó Síocháin (@OisinOSiochain) September 21, 2020

Easpa Gaeilge, easpa eolais, easpa tuisceana ach thar aon rud eile, easpa measa. https://t.co/QZJsnFzrsk

— Erin Ní Bhroin (@ErinNiBhroin) September 21, 2020

Cad é an Ghaeilge ar “Google Translate”? https://t.co/4blDHoXYAS

— Ógra Shinn Féin (@Ogra_SF) September 21, 2020

Ní thuigfeá tada ach na emojithe https://t.co/DgRr6fUXLT

— Gaeltachtadóirí (@CGTSPNhE) September 21, 2020

Dúirt duine eile gur údar náire a bhí ann do Chambers go raibh Michel Barnier, príomh-idirbheartaí an Aontais Eorpaigh, in ann teachtaireacht chruinn i nGaeilge a chur amach ag déanamh comhghairdeachais le Sam Bennett, ach gur theip ar Aire Stáit na Gaeltachta déanamh amhlaidh.

Morto for you.https://t.co/8KDoD51Fi2

— Ciara Ní Cheocháin (@CiaraJunokeo) September 21, 2020

Chuir foghlaimeoir eile comhairle ar an Aire Stáit fanacht glan ar Google Translate amach anseo agus leas a bhaint as acmhainní eile ar líne.

Well Jack, I’m learning Irish too! Always best to avoid translating directly from English, lest you make a fool of yourself. Try some of the great and readily available resources to help you, like https://t.co/MeyChOvMYC pic.twitter.com/3DfGqDgD1P

— Goll Mac Morna (@goll_mac) September 21, 2020

Baineann conspóid go minic le húsáid Google Translate sa saol poiblí.  In 2019 chinn an Coimisinéir Teanga go raibh sárú déanta ag Comhairle Contae Chorcaí ar a ndualgas reachtúil teanga nuair a bhain siad leas as Google Translate chun ábhar buan ar a suíomh gréasáin a aistriú go Gaeilge.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónan Ó Domhnaill, ag an am go bhfuil ról lárnach ag áiseanna teicneolaíochta aistriúcháin sa bhfreastal a dhéantar ar phobail teanga éagsúla ach nach bhféadfaí brath ar leithéidí Google Translate i gcás na Gaeilge.

“Go nuige seo, i gcás na Gaeilge de, is minic a bhíonn an t-aistriúchán a chuirtear ar fáil ó chórais ar nós Google Translate dothuigthe, neamhbhailí, nó go dtéann teachtaireacht an bhuntéacs amú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga in 2019 gur masla” don Ghaeilge agus do lucht a labhartha é an úsáid a bhaineann comhlachtaí poiblí as Google Translate agus luaigh sé an méid sin arís ina thuarascáil.

“Ní bhíonn an téacs sa Ghaeilge a tháirgtear trí chóras meaisínaistriúcháin amháin inchurtha le caighdeán an bhuntéacs Béarla. Go deimhin, d’fhéadfaí masla a ghlacadh i gcás pobal teanga ar bith dá mbeifí ag súil go nglacfaí le haistriúcháin ar dhroch-chaighdeáin, mar a bhí le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Is measa fós an scéal nuair a bhí an suíomh in úsáid chun gnó oifigiúil de chuid an Stáit a chur i gcrích,” a dúirt Ó Domhnaill.

Níos mó