Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-comharthai-datheangacha-a-chuir-amu-i-ar-bhoithre-na-halban-a-deir-blagalai

Comharthaí dátheangacha a chuir amú í ar bhóithre na hAlban a deir blagálaí

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá blagálaí in Albain, Effie Deans, a bhfuil na mílte leantóirí aici, ag maíomh go ndeachaigh sí amú agus í ag tiomáint sna Garbhchríocha mar gheall ar na comharthaí dátheangacha bóthair atá crochta sa gceantar sin. 

Phostáil Deans íomhá ar Twitter den chomhartha bóthair don bhaile ‘An Gearasdan’, nó ‘Fort William’ mar a thugann lucht an Bhéarla air, i dtuaisceart na hAlban. Mhaígh sí go raibh sí ag tiomáint sna Garbhchríocha agus go ndeachaigh sí “go huile is go hiomlán amú” agus í ag lorg an leagain Béarla den logainm ar na comharthaí bóthair “i measc na nGearasdan uilig”. 

Mhaígh sí gur thiomáin sí thar an gcasadh ceart don bhaile arís agus arís eile, agus gurbh fhearr i bhfad go mbeadh na comharthaí i mBéarla amháin nó i nGàidhlig amháin, ach gan a bheith sa dá theanga. 

Scríobh Deans blag iomlán faoin gceist agus tá plé bríomhar ar bun ar Twitter na hAlban, i mBéarla agus i nGàidhlig faoin scéal uilig tráthnóna. 

Agus an cheist á plé aici lena cuid leantóirí ar Twitter, dúirt Effie Deans nach údar imní di costas na comharthaíochta, ach go bhfágann na comharthaí dátheangacha go mbíonn sé an-chontúirteach a bheith ag tiomáin i nGarbhchríocha na hAlban. 

Dála cheist na comharthaíochta dátheangaí i dtuaisceart na tíre seo, is minic a shamhlaítear an náisiúnachas le lucht na Gàidhlig agus an t-aontachas le daoine atá in aghaidh na Gàidhlig. Is blagálaí aontachtach í Effie Deans, agus tá ceist na comharthaíochta iompaithe anois ina ceist pholaitíochta agus an dá dhream ag sciolladh ar a chéile ar na meáin shóisialta. 

Tá léirithe arís agus arís eile i dtaighde a rinneadh in áiteanna éagsúla ar fud an domhain a bhfuil an chomharthaíocht dhátheangach ann nach aon bhaol do thiománaithe é an dátheangachas, cé go bhféadfadh sé go mbeadh droch-dhearadh ar chomharthaí baolach. 

Tá dearadh na gcomharthaí in Albain ag teacht leis an moladh is deireanaí maidir le comharthaíocht dhátheangach — go mbeadh dhá dhath éagsúla ann don dá theanga, iad ar comhchéim ó thaobh méide agus clófhoirne de, agus gan iad a bheith i gceannlitreacha. As na tíortha Ceilteacha uilig a bhfuil comharthaí dátheangacha iontu — Éire, an Albain, an Bhreatain Bheag, agus an Bhriotáin — glactar leis go forleathan gur in Albain atá an dearadh is nua-aimseartha agus is fearr. 

Níos mó