Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-fillfidh-club-leabhar-chlub-chonradh-na-gaeilge-an-mhi-seo

Fillfidh Club Leabhar Chlub Chonradh na Gaeilge an mhí seo

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Beidh baill Chlub Leabhar Chlub Chonradh na Gaeilge ag teacht le chéile i ndiaidh shos an tsamhraidh arís aníos deireanaí an mhí seo. Ó tharla nach bhfuil cead ag na tithe tábhairne nach ndíolann bia oscailt go fóill, is ar líne a bheidh an chéad chruinniú eile, ina bpléifear an leabhar Cnámh le hEoghan Mac Giolla Bhríde, ar siúl. 

Thagadh lucht an chlub le chéile uair sa mí sa bpub beag Gaelach in íoslach cheannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair le leabhair Ghaeilge a phlé, ach ó dúnadh na tithe tábhairne i lár mhí an Mhárta, is ar Zoom atá na cruinnithe á reáchtáil.

Dúirt eagraí an chlub, Hannah Ní Rís, le NÓS go bhfuil “ag éirí go maith” leis an gcur chuige nua seo, agus go bhfuil baill nua tar éis an club a aimsiú mar gheall ar na cruinnithe a bheith ar fáil do chách ar fud na cruinne.

“Tá ag éirí go han-mhaith linn ar Zoom i láthair na huaire. Tá na gnáthdheacrachtaí ann maidir le ceangal idirlín agus araile, ach ar an iomlán tá sé go hiontach gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an chlub leabhar agus Club an Chonartha dúnta de bharr na srianta.

“Tá sé difriúil leis an chlub mar a bhí, cinnte, toisc go bhfuil sé ábhairín níos deacra comhrá a dhéanamh thar na hardáin ar líne, agus dar ndóigh ní hionann deoch fíorúil thar Zoom agus deoch sa Chlub agus an leabhar á phlé i gcomhluadar daoine eile!” a dúirt sí. 

Tá croí-bhallraíocht an chlub réasúnta beag i láthair na huaire, agus gan ach cúigear ball rialta ann a fhreastalaíonn ar gach cruinniú, ach dúirt Hannah go mbuaileann daoine eile isteach ar an gclub ó mhí go mí ag brath ar an leabhar agus an tréimhse bliana. Ó aistríodh na cruinnithe go Zoom, tá teacht ag níos mó daoine, nach bhfuil lonnaithe san ardchathair, ar an gclub.

“An mórbhuntáiste a bhaineann leis an gclub a reáchtáil ar Zoom ná go bhfuil daoine as gach cearn den tír in ann a bheith páirteach. Bhí cúpla duine linn nach bhfuil lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus bhí an deis acu bualadh isteach chuig an chomhrá ar líne, daoine nach mbeadh in ann a bheith sa Chlub don chlub leabhar go hiondúil,” a mhínigh sí. 

Buaileann an club le chéile ar an Máirt dheireanach den mhí ag 19.00 chun leabhar na míosa bplé. Roghnaíonn na baill an chéad leabhar eile a bheidh idir chamáin, ag deireadh an chruinnithe nó trí phobalbhreith ar na meáin shóisialta. 

Is féidir le duine ar bith páirt a ghlacadh sa chlub ach ríomhphost a chur chuig runai@anclub.ie agus an leabhar cuí a fháil agus a léamh roimh an gcruinniú. Beidh Cnámh leis an údar Conallach Eoghan Mac Giolla Bríde faoi chaibidil an mhí seo agus an cruinniú ar siúl ag ar an 24 Meán Fómhair ag 19.00. 

Níos mó