Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-leabhair:-na-haistriuchain-go-gaeilge-is-fearr-a-rinneadh

LEABHAIR: Na haistriúcháin go Gaeilge is fearr a rinneadh

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Inniu Lá Féile Dhiarmada (nó ‘Iaróm’ más fearr leat), an naomh a d’aistrigh an Bíobla go Laidin agus atá ina éarlamh ar aistritheoirí, agus tá Lá Idirnáisiúnta an Aistriúcháin a cheiliúradh ag na Náisiúin Aontaithe inniu. 

Dá bhrí sin, tá rogha anseo againn de na haistriúcháin liteartha is fearr a rinneadh i saol na Gaeilge, ó thús an chéid seo caite i leith. 

Dracula

Bram Stoker a scríobh (1897)

Seán Ó Cuirrín a d’aistrigh (1933)

Is minic a mhaítear gurb iad na haistriúcháin is fearr na cinn nach n-aithníonn an cainteoir dúchais mar aistriúcháin. Saothar mar sin a chruthaigh an Déiseach Seán Ó Cuirrín in 1933 nuair a chuir sé a Ghaeilge dhúchais ar mhórleabhar uafáis Bram Stoker. Aithnítear Dracula ar cheann de scothsaothair na scéime a reáchtáil an Gúm sna 1930idí, nuair a cuireadh Gaeilge ar leabhair mhóra na linne.

Athfhoilsíodh leagan Uí Chuirrín de scéal na vaimpíre as Sléibhte Cairp arís in 1997, cothrom céad bliain ó chéadfhoilsíodh an bunleagan Béarla. Ghoill na hathruithe a rinne an t-eagarthóir Maolmhaodhóg Ó Ruairc ar Ghaeilge chanúnach an Déisigh ar roinnt léitheoirí áfach, agus cuireadh leagan eile amach in 2016.

Cogadh na Reann

HG Wells a scríobh (The War of the Worlds, 1898)

Leon Ó Broin a d’aistrigh (1934) 

Ceannródaí an fhicsin eolaíochta a bhí in HG Wells, a scríobh go leor leabhar sa seánra. Tá cáil ar leith ar The War of the Worlds mar gheall ar an dráma raidió a rinne Orson Welles in 1938, a bunaíodh ar an leabhar. Bhuail scaoll an lucht éisteachta ar chloisteáil an dráma dóibh toisc nár thuig siad gur saothar ficsin a bhí ann. 

D’aistrigh an scríbhneoir agus drámadóir Leon Ó Broin, as Baile Átha Cliath, leabhar HG Wells go Gaeilge faoi scéim aistriúcháin an Ghúim in 1934, agus d’athchóirigh an t-aistritheoir Aibhistín de Staic an leagan sin don teach foilsitheoireachta Evertype in 2015.

Bhí dúshlán ar leith roimh Ó Broin téarmaíocht Ghaeilge a sholáthar do théamaí agus do choincheapa nár pléadh mórán i saol na Gaeilge go dtí sin, saol a bhí fréamhaithe go domhain i saol na tuaithe agus na mara in Éirinn agus an t-aistriúchán idir lámha aige. D’éirigh leis an aistritheoir téarmaí cliste Gaeilge a cheapadh le rudaí a bhaineann leis an Spás, le heachtráin, agus le cogadh todhchaíoch idirphlainéadach a chur in iúl.

Harry Potter agus an Órchloch

JK Rowling a scríobh (1997)

Máire Nic Mhaoláin a d’aistrigh (2004)

Is minic a cháintear an leagan a rinne Máire Nic Mhaoláin den chéad leabhar is sraith mórchlúiteach JK Rowling, as a bheith “róchasta” do léitheoirí óga Gaeilge ach rinne sí éacht domhan draíochta Harry Potter agus a chairde a chur in oiriúint do na Gaeil.

Dá dhona é do Leon Ó Broin a bheith ag cumadh téarmaí i nGaeilge do rudaí a bhí thar a bheith nua sa Bhéarla sna 1930idí, ba mheasa fós é do Mháire a bheith ag cur Gaeilge ar fhocail agus ar théarmaí a tharraing JK Rowling as corcán Laidine, Gréigise agus Fraincise!

Bhí bunfhriotal Rowling sách casta do léitheoirí óga sa leagan Béarla, agus leagadh coinníollacha daingne síos d’aistritheoirí na sraithe a d’fhág laincisí troma ar lámh Nic Mhaoláin, ach is iontach an t-aistriúchán a rinne sí don léitheoir cumasach. 

Faraor tá os cionn 15 bliain ann ó foilsíodh Harry Potter agus an Órchloch agus cé go bhfuil cúpla cló déanta agus an gcéad leabhar sin, agus go bhfuil sé ar an leabhar i nGaeilge is mó díol, níl aon chosúlacht ar an scéal go mbeidh Harry Potter agus Seomra na Rún ar na seilfeanna go luath. 

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas 

Lewis Carroll a scríobh (Alice’s Adventures in Wonderland, 1865)

Nicholas Williams a d’aistrigh (2011) 

Dála Leoin Uí Bhroin i gcás The War of the Worlds, bhí dúshlán ar leith roimh Nicholas Williams agus é ag tabhairt faoin aistriúchán seo ar Alice’s Adventures in Wonderland. Ní téarmaíocht nua-aimseartha a bhí ina dris chosáin ag Nicholas, áfach, ach an t-imeartas focal. Bhain Lewis Carroll an-úsáid as an imeartas focal sa bhunleagan Béarla den leabhar, rud a d’fhág go raibh ar Nicholas a intinn agus a theanga a aclú leis an spraoi céanna a shníomh tríd an leagan Gaeilge. 

Ach ar ndóigh, tá an baol ann gur ag cumadh seachas ag aistriú a bheadh an t-aistritheoir dá ngabhfadh sé rófhada leis an ealaín sin, ach d’éirigh le Nicholas a bheith dílis don bhunleagan Béarla, agus a bheith dílis don phobal Gaelach léitheoireachta chomh maith. 

Foilsíodh leagan eile Gaeilge den scéal faoin teideal Eachtraí Eibhlíse i dTír na nIontas faoi scéim aistriúcháin an Ghúim sna 1930idí freisin. 

Duan na Nollag

Charles Dickens a scríobh (A Christmas Carol 1843)

Pádraig Ó Duinnín a d’aistrigh (1904)

Ní féidir liosta aistriúchán a chur le chéile gan Duan na Nollag le Pádraig Ó Duinnín a lua. Ba cheannródaí é an tAthair Ó Duinnín ar go leor bealaí agus cé gur mar gheall ar an mórfhoclóir a d’fhoilsigh sé den chéad uair an bhliain chéanna a foilsíodh Duan na Nollag a chuimhnítear air, níor cheart dearmad a dhéanamh gurbh é Duan na Nollag an chéad aistriúchán liteartha a rinneadh go Gaeilge. 

Bhí an athbheochan faoi lánseol agus Conradh na Gaeilge ar an bhfód le beagnach deich mbliana nuair a chuir an tAthair Pádraig Gaeilge bhreá Shliabh Luachra ar shaothar Charles Dickens, agus a chuir tús le seánra nua i litríocht na Gaeilge — an t-aistriúchán liteartha. 

Gheobhadh aistritheoir gairmiúil na linne seo lochtanna go leor ar chur chuige an Duinnínigh — an t-aistriú focal ar fhocal seachas ciall ar chiall, mar shampla (“bhí Meárlaí chomh marbh le tairne dorais”) nó an nós ainmneacha dílse mar ‘Scrooge’ a Ghaelú go ‘Scrúg’ (is iondúil nach mbactar ainmneacha pearsanta a aistriú sa lá atá inniu ann). Mar sin féin, chonaic an Duinníneach gur ghá go mbeadh teacht ag léitheoirí Gaeilge ar mhórshaothar idirnáisiúnta chomh maith le leabhair nua ina dteanga féin, agus ba é an chéad duine a chrom ar an obair sin.

D’athchóirigh eagarthóir NÓS, Maitiú Ó Coimín, Duan na Nollag agus foilsíodh an leagan sin in 2017

Níos mó