Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-na-gearrliostai-fogartha-do-ghradaim-chumarsaide-2020

Na gearrliostaí fógartha do Ghradaim Chumarsáide 2020

| Tuairisc.ie | ,

D’fhógair Oireachtas na Gaeilge inniu na gearrliostaí do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2020.

12 gradam a bhronnfar le linn an tsearmanais bhronnta a bheidh á reáchtáil ar líne ar an 28 Deireadh Fómhair mar chuid de chlár imeachtaí fíorúla Oireachtas na Samhna.

Tá na gearrliostaí ar fad thíos.

Fógraíodh i mí an Mheithimh seo caite go mbeidh Oireachtas na Samhna á chur ar ceal den chéad uair le breis is 80 bliain ó shin de dheasca na paindéime Covid-19.

Beidh gradam nua amháin á bhronnadh i mbliana ar ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’.

Chothaigh an gradam don chraoltóir is solabhartha roinnt mhaith conspóide nuair a fógraíodh é an mhí seo caite agus léirigh saineolaithe teanga tuairimí éagsúla faoin cheist.

Seisear craoltóirí Gaeltachta atá ainmnithe don ghradam nua don chraoltóir is solabhartha, ina measc triúr craoltóirí de chuid Raidió na Gaeltachta; Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas, Damien Ó Dónaill, a bhíonn ag craoladh ó stiúideo na nDoirí Beaga i nDún na nGall agus Máirín Ní Ghadhra, láithreoir An tSeachtain (Raidió na Gaeltachta) agus 7Lá (TG4).

Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas

An t-iriseoir aitheanta Seán Mac an tSíthigh (RTÉ/TG4), Maolra Mac Donnchadha, a chuireann Nuacht TG4 i láthair agus tráchtaire spóirt de chuid TG4 Brian Tyers an triúr eile atá san iomaíocht don ghradam.

Bronnadh dhá ghradam ar leith ar ‘Scannán na Bliana’ agus ar ‘Clár na Bliana’ anuraidh den chéad uair ach tá rannóg amháin déanta den rannóg sin arís i mbliana.

Sé léiriú atá ainmnithe ar an ghearrliosta do ‘Clár/Scannán na Bliana’ – Arracht (Macalla Teoranta), Ar ais go Berlin ‘89 (RTÉ), Croí Briste (Clean Slate TV), Nazi sa Ghaeltacht (Macha Media), Uchtú: Evanne Ní Chuilinn (Tyrone Productions), agus Saol Trí Ghaeilge (Aniar TV).

Ceithre chlár a craoladh ar TG4 atá ainmnithe don ghradam ‘Sraith Teilifíse na Bliana’ i mbliana, ina measc léiriú de chuid Clean Slate TV Scéal Phobal Bhóthar Seoighe. Is iad na cláir eile atá ainmnithe sa rannóg sin, Is Mise (Meangadh Fíbín), An Bhoirinn (Phoenix Films), 7Lá (RTÉ do TG4) agus Seoda Bhailiúchán na Scol (Aniar TV).

Tá trí shraith a craoladh ar Raidió na Gaeltachta, Mná na Meán, Adhmhaidin agus Bladhaire i measc na sé clár atá ainmnithe don ghradam ‘Sraith Raidió na Bliana’ i mbliana. Meon na mBan (Raidió na Life), Seal le Seán, (Raidió Rí-Rá) agus Ceoltóirí faoi Chaibidil (Raidió BBC Uladh) na trí shraith eile atá luaite sa rannóg sin.

Cuireann Áine Ní Bhreasláin Bladhaire i láthair ar Raidió na Gaeltachta

Ceathrar atá ainmnithe sa rannóg Iriseoir na Bliana, Méabh Ní Thuathaláin, iriseoir le Tuairisc.ie, Seán Mac an tSíthigh agus Sorcha Ní Riada ó TG4/RTÉ agus Cóilín Ó Neachtain ó Raidió na Gaeltachta.

Beidh triúr craoltóirí de chuid Raidió na Gaeltachta, Áine Ní Bhreasláin, Máirtín Tom Sheáinín agus Muireann Nic Amhlaoibh, san iomaíocht sa rannóg ‘Pearsa Raidió na Bliana’ chomh maith le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life agus Caoimhe Ní Chathail ó BBC Raidió Uladh.

Ar ghearrliosta ‘Pearsa Teilifíse na Bliana’ tá an bheirt mhúinteoirí Caitríona Ní Chualáin agus Fiachra Ó Dubhghaill, láithreoirí na sraithe scolaíocht bhaile Cúla4 ar Scoil a craoladh ar TG4 le linn na dianghlasála, Dáithí Ó Sé, a chuireann an tsraith Seal le Dáithí i láthair ar TG4, Eibhlín Ní Chonghaile, láithreoir Gaeltacht 2020 (TG4) agus Eoghan McDermott, láithreoir Junior Eurovision (TG4).

Fiachra Ó Dubhghaill agus Caitríona Ní Chualáin a chuir an tsraith scoile “Cúla4 ar Scoil” i láthair. Pic: Seán Ó Mainnín

Painéal moltóirí a roghnóidh na buaiteoirí i ngach ceann de na rannóga seachas ‘Réalta Óg na Bliana’, mar a mbeidh vóta poiblí ann. Bronnfar chomh maith ag an ócáid ‘Buaicghradam Cumarsáide an Oireachtais’, gradam a bhronntar ar dhuine nó eagraíocht a roghnaíonn an tOireachtas féin aitheantas speisialta a thabhairt dóibh.

Tá cúigear ainmnithe sa rannóg ‘Réalta Óg na Bliana’, a bhfuil faoi aitheantas a thabhairt do dhaoine óga atá ag obair sna meáin.

Beidh beirt chraoltóirí de chuid Raidió na Gaeltachta, Máire Bríd Ní Chualáin agus Póilín Nic Géidigh, san iomaíocht le Síomha Ní Ruairc, láithreoir le TG4, Oisín Mistéil, blagadóir físeáin le BLOC TG4 agus láithreoirí ‘The Gael Marys’, Courtney Boyle, Rosie McNally agus Caoimhe Breathnach.

Tá gradam ann don fheachtas is fearr ar na meáin shóisialta arís i mbliana, cé nach bhfuil aon ghradam ar leith ann d’foilseacháin ar líne ná don iriseoireacht scríofa. Thug an tOireachtas le fios cheana gurbh amhlaidh go raibh suíomhanna idirlín na Gaeilge “ró-éagsúil” lena chéile chun iad a áireamh in aon chatagóir amháin.

Tá aitheantas á thabhairt d’iriseoirí scríofa anois sa chatagóir ‘Iriseoir na Bliana’ agus iad áirithe i dteannta iriseoirí craolta agus teilifíse.

Thréaslaigh Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, a n-ainmniúcháin leo siúd a bhain áit amach ar na gearrliostaí.

Seo thíos liosta iomlán na n-ainmniúchán do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2019.

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Mná na Meán RTÉ Raidió na Gaeltachta
Seal le Seán Raidió Rí-Rá
Bladhaire RTÉ Raidió na Gaeltachta
Meon na mBan Raidió na Life
Ceoltóirí faoi Chaibidil BBC Raidió Uladh
Adhmhaidin RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
Seán Mac an tSíthigh TG4 & RTÉ
Méabh Ní Thuathaláin Tuairisc.ie
Cóilín Ó Neachtain RTÉ Raidió na Gaeltachta
Sorcha Ní Riada TG4 & RTÉ
SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Ar Ais go Berlin ‘89 RTÉ
Saol Trí Ghaeilge Aniar TV
Arracht Macalla Teoranta
Nazi sa Ghaeltacht Macha Media
Uchtú: Evanne Ní Chuilinn Tyrone Productions
Croí Briste Clean Slate TV
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Áine Ní Bhreasláin RTÉ Raidió na Gaeltachta
Emma Ní Chearúil Raidió na Life
Máirtín Tom Sheáinín RTÉ Raidió na Gaeltachta
Caoimhe Ní Chathail BBC Raidió Uladh
Muireann Nic Amhlaoibh RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Dáithí Ó Sé Seal le Dáithí, TG4
Eibhlín Ní Chonghaile Gaeltacht 2020, TG4
Eoghan McDermott Junior Eurovision, TG4
Caitríona Ní Chualáin Cúla4 ar Scoil, TG4
Fiachra Ó Dubhghaill Cúla4 ar Scoil, TG4
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
#fansabhaile RTÉ Raidió na Gaeltachta
#MiseFosta Mise Fosta
#IsDeontóirMé Clann Mhic Gabhann
#SeoÍanGhaeltacht Údarás Na Gaeltachta agus lucht pleanála teanga
#GaeltachtX Conradh na Gaeilge
CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA AR STÁISIÚN RAIDIÓ POBAIL
Rudaí Mar Sin Dublin City FM
Gan Teorainn Flirt FM
Aon Scéal? Phoenix FM
Gaeilge Bhriste West Limerick 102FM
Beannachtaí an Lae Raidió Phobal Clár Chlainne Mhuiris
Ceol & Craic Dublin City FM
CLÁR RAIDIÓ NA BLIANA AR STÁISIÚN RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Muintir na nDéise WLR FM
Splanc Newstalk
Ruaille Buaille Highland Radio
Caint Chiarraí Raidió Chiarraí
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Is Mise Meangadh Fíbín
Scéal Phobal Bhóthar Seoighe Clean Slate TV
An Bhoirinn Phoenix Films
7 Lá TG4
Seoda Bhailiúchán na Scol Aniar TV
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Helen Ní Shé RTÉ Raidió na Gaeltachta
Maolra Mac Donnchadha TG4
Seán Mac an tSíthigh TG4 & RTÉ
Máirín Ní Ghadhra TG4 & RTÉ Raidió na Gaeltachta
Brian Tyers TG4
Damien Ó Dónaill RTÉ Raidió na Gaeltachta
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Máire Bríd Ní Chualáin RTÉ Raidió na Gaeltachta
Síomha Ní Ruairc TG4
Oisín Mistéil BLOC TG4
Na Gael Marys BBC 2
Póilín Nic Géidigh RTÉ Raidió na Gaeltachta

Níos mó