De shliocht Cheantar na nOileán i nGaeltacht Chonamara í an bhean atá ag stiúradh feachtas toghchánaíochta Joe Biden d’uachtaránacht Mheiriceá.
In Franklin, Massachusetts, a rugadh Jennifer Brigid O’Malley Dillon ach ba as an Doirín Darach a sin-seanathair John O’Malley agus as Tír an Fhia a sin-seanmháthair Bríd Ní Chonghaile.
I mí an Mhárta seo caite cheap Joe Biden, iarrthóir an Páirtí Dhaonlathaigh i rás na huachtaránachta, í ina bainisteoir ar a fheachtas.
Má éiríonn le Biden i dtoghchán na míosa seo chugainn d’fhéadfadh post sinsearach a bheith ar fáil sa Teach Bán do Jen O’Malley Dillon. Bhí post mar Cheann Foirne sa Teach Bán ag duine eile de shliocht Chonamara – Denis McDonough a raibh ceangal aige le Carna agus leis an gCeathrú Rua – nuair a bhí Barack Obama ina uachtarán.
Cé nach bhfuil Jen O’Malley Dillon ach 44 bliain d’aois tá taithí mhór aici mar straitéisí i saol na polaitíochta i Meiriceá. Bhí sí ina leas-stiúrthóir ar fheachtas uachtaránachta Barack Obama sa bhliain 2012 agus bhí sí gníomhach freisin sa bhfeachtas nuair a toghadh é den chéad uair in 2008. D’oibrigh sí freisin ar fheachtas Al Gore sa bhliain 2000 agus bhí sí ina stiúrthóir ar fheachtas Beto O’Rourke d’ainmniúchán na nDaonlathach go dtí gur éirigh sé as an rás sin anuraidh.
De réir taighde ginealaigh atá curtha le chéile agus foilsithe ag Bob O’Malley, duine de ghaolta Jen O’Malley Dillon, rugadh a sin-seanathair sa Doirín Glas sa bhliain 1875 agus a sin-seanmháthair i dTír an Fhia sa bhliain 1874.
Bhogadar go Boston agus is ansin a rugadh mac leo, Patrick O’Malley, seanathair Jennifer O’Malley Dillon, sa bhliain 1905. I Meiriceá freisin a rugadh a hathair Kevin O’Malley agus a máthair Kathleen Roys, bean nach luaitear aon cheangal a bheith aici le hÉirinn.
Nuair a chuir Tuairisc.ie John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, stiúrthóir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin, ar an eolas faoi cheangal Jen O’Malley Dillon le ceantar na nOileán, dúirt sé go raibh cuid de mhuintir O’Malley Dillon ón Doirín Darach fós ina gcónaí sa cheantar agus go bhfiosródh sé an scéal a thuilleadh.
Céimí í Jen O’Malley Dillon de chuid Ollscoil Tufts in Massachusetts agus bhí sí ina comhbhunaitheoir ar an gcomhlacht Precision, gníomhaireacht mhargaíochta agus straitéise a bhfuil comhlachtaí mór le rá mar chliaint aige.
Deich mbliana ó shin d’ainmnigh an iris Time í ar dhuine de réalta óga na polaitíochta i Meiriceá nuair a roghnaíodh í ar dhuine de dhá scór duine faoi dhaichead bliain d’aois a raibh gealladh fúthu i liosta faoin teideal ‘40 under 40’.
Tá sí pósta le Patrick Dillon a d’oibrigh sa Teach Bán le linn réimeas Barack Obama agus atá ag obair anois le Georgetown Institute of Politics & Public Service. Tá triúr clainne orthu.
Tá dlúthcheangal ag Joe Biden féin le hÉirinn agus ba as Contae Lú agus Béal an Átha, i gcontae Mhaigh Eo cuid dá mhuintir.
Tá ceangal níos dlúithe fós ag Mike Pence, iarrthóir na bPoblachtach do phost an Leas-Uachtaráin, leis an tír seo.
Ba as Tobar an Choire i gcontae Shligigh a sheanathair agus ba as an Dún Beag i gcontae an Chláir cuid eile dá shinsear.
Le Gaeltacht na hAlban atá ceangal ag Donald Trump – cainteoir dúchais Gàidhlige as Tunga, gar do Steòrnabhagh ar Oileán Leódhas ab ea a mháthair, Màiri Anna NicLeòid.