Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-buille-siombalach-is-ea-cealu-fheile-na-samhna-i-ndoire

Buille siombalach is ea cealú fhéile na Samhna i nDoire

| Poilin Ni Chiarain |

Féile ollmhór is ea í a thugann na mílte cuairteoir go Doire. Ceiliúradh aon oíche, oíche Shamhna féin a bhíodh i gceist i dtosach, os cionn tríocha bliain ó shin. Rinneadh forbairt ar an fhéile go seasta ó shin agus maireann sí ar feadh seachtaine anois, tabhartas ó Mhamón do lucht fáilteachais na cathrach. Áirítear gurb í an fhéile is mó san Eoraip í aimsir na Samhna agus cúig bliana ó shin chinn pobalbhreith i Meiriceá gurb í Doire an chathair Shamhna ab fhearr ar domhan.

Ní mar sin a bheidh i mbliana áfach, a bhuíochas don phaindéim Covid-19 agus scaipeadh rábach na haicíde cois Feabhail.

D’fhógair an Chomhairle áitiúil sa Mheitheamh nach gnáthfhéile a bheadh sa chathair i mbliana ach go mbeadh taispeántais tinte ealaíne ar an abhainn dhá oíche. Bhí ráta an Covid-19 íseal sa cheantar an t-am sin. Maidin Déardaoin áfach cuireadh an ócáid theoranta sin ar ceal freisin cúpla uair an chloig sular eisigh Stormont srianta diana do cheantar iomlán Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin, timpeall 150,000 duine. Níorbh ionann na rialacha nua agus na srianta béal dorais i gContae Dhún na nGall ach bhí siad ag druidim leo.

Measadh go raibh na beartais úra sách gar do dhianghlasáil, cé gur shéan na Céad Airí é sin. Tréan-iarracht is ea í chun líon na dteagmhálacha idir daoine a laghdú mar go bhfuiltear cinnte gur ócáidí sóisialta faoi ndear an borradh uafásach faoin aicíd. Cuireadh bac ar theacht le chéile laistigh de thithe agus de thithe ósta: cuartaíocht coiscthe agus toirmeasc ar thábhairní, óstáin agus bialanna freastal ar chustaiméirí laistigh dá n-ionaid. Ceadaíodh do bhialanna béilí a sholáthar lasmuigh, le bailiú nó le seachadadh.

Caithfidh gailearaithe, músaeim agus ionaid chultúrtha eile fanacht druidte, tig le leabharlanna leabhair a sholáthar le bailiú ach ní bheidh cead éinne a ligean isteach. Fanfaidh scoileanna ar oscailt. Iarrtar ar dhaoine gan a dhul ag an obair ach a ngnóthaí a dhéanamh sa bhaile más féidir. Ní mór taisteal taobh istigh den cheantar agus isteach nó amach as a sheachaint mura bhfuil géarghá le haistear. Déanfar eisceacht ó na srianta ar bhonn teoranta le haghaidh sochraide, bainise nó má tá daoine ag cur fúthu is óstáin.

Beidh na céimeanna nua i bhfeidhm go ceann coicíse agus is léir go mbeidh siad dian ar dhaoine, go háirithe an t-aos óg a bhfuiltear ag iarraidh a chur ina luí orthu go bhfuil an chontúirt do shláinte an phobail scanrúil. Trí seachtaine ó shin bhí Covid-19 ar 8 as gach 100,000 duine i nDoire/An Srath Bán agus faoi lár na seachtaine seo bhí sé ar 300 as gach 100,000. Cé go maíonn roinnt gur méadú ar líon na dtástálacha faoi ndear an t-ardú ar líon na gcásanna, dúirt na saineolaithe leighis agus eolaíochta nach bhfuil bunús ar bith leis an maíomh sin. I mí Iúil bhí an aicíd ar dhuine as 200 a cuireadh faoi thástáil ach anois ta sí ar dhuine as 20 agus amanta ar dhuine as 12.

Buille trom eile iad na srianta nua don lucht gnó a chaillfidh os cionn £3 mhilliún ar a laghad toisc go bhfuil féile na Samhna curtha ar ceal. Admhaíonn na páirtithe leasmhara ar fad áfach go raibh gá le beartais éigeandála chun iarracht a dhéanamh an rabharta Covid-19 a cheansú. Deir siad áfach nach mbeidh cuid mhór de ghnólachtaí an cheantair inmharthana gan cabhair bhreise ó Stormont. Bhí an tAire Airgeadais Conor Murphy ó Shinn Féin agus comhghleacaithe leis ag scrúdú bealaí chun tacaíocht a sholáthar. Beidh práinn leis nó bhí formhór na ngnóthaí druidte ar feadh trí nó ceithre mhí cheana féin, níos faide i gcás na dtábhairní nach mbíonn bia le fáil iontu.

Buille siombalach is ea cealú na féile aimsir na Samhna. Carnabhal roimh dhúluachair na bliana a bhíonn inti, ardú meanman don phobal agus deis bhrabúis do lucht gnó an iarthuaiscirt. Níor cuireadh ar ceal ach aon uair amháin í cheana. B’in i 1993 nuair a mharaigh fir ghunna ón UDA ochtar agus ghoin trí dhuine dhéag sa Ghlas-stiall seachtain i ndiaidh bhuamáil na Seanchille inar mharaigh an tIRA naonúr agus duine dá mbuamadóirí féin.

Scéin agus dorchadas a fhanann sa chuimhne ón ócáid sin. Dorchadas in ionad na tinte ealaíne a ghealfadh gach cúinne sa chathair. Agus faitíos an phobail go raibh fáinne fí d’ionsaithe díoltais i ndán dóibh in ionad an tsíocháin a rabhthas ag dréim léi. Bhí daoine cúramach, faiteach, d’fhan siad sa bhaile le bheith slán na hoícheanta sin. Thóg sé tamall eile sula bhfuarthas faoiseamh ón bhforéigean ach choinnigh na daoine a misneach.

Cáiréis agus misneach atá de dhíth anois freisin ach is den riachtanas é go nglacfar leis na srianta.

Níos mó