Bheadh sé de cheart ag aon duine gan aon teideal a úsáid, i mBéarla ná i nGaeilge agus iad i mbun gnó leis an Stát, dá nglacfaí le leasú ar an mbille teanga nua atá le moladh ag an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.
Dheimhnigh Ó Cuív do Tuairisc.ie go bhfuil sé i gceist aige an leasú a mholadh ar an reachtaíocht teanga nuair a bhainfidh sí an chéad chéim eile amach i dTithe an Oireachtais.
Dúirt Ó Cuív go bhfuil an leasú á mholadh aige chun go mbeadh cead ag aon duine diúltú do theidil mar “An tUasal, Mr. nó Mrs.” agus iad i mbun cumarsáide leis an Stát.
Labhair an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil faoin ábhar seo sa Dáil nuair a pléadh an bille teanga nua ann níos túisce an mhí seo.
Deir Ó Cuív go bhfuil sé de cheart ag aon duine gan teideal a thabhairt air féin agus gur nós gallda é an leagan ‘an tUasal’ a chur roimh ainm Ghaeilge.
“Ní théann muintir na Gaeltachta thart ag tabhairt ‘an tUasal seo’ agus ‘an tUasal siúd’ ar dhaoine, mura mbeidís ag scigmhagadh fút,” arsa Ó Cuív.
Muintir Chonradh na Gaeilge “a thug é sin isteach ag tús an chéid, ag aithris ar nósanna Gallda”, ar sé.
Deir an t-iar-aire “go mbrisfeadh sé do chroí an cur in aghaidh an achta teanga a bhíonn ag codanna den státchóras”.
Níos túisce an mhí seo, tar éis díospóireacht a mhair breis is trí uair an chloig agus ar ghlac Teachtaí Dála ó gach dream seachas Fine Gael páirt inti, aontaíodh go gcuirfí an bille ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, céim an choiste.