Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘leatrom’-a-dheanamh-ar-dhaltai-i-scoileanna-gaeilge-agus-gaeltachta-agus-tastail-nua-ar-fail-i-mbearla-amhain

‘Leatrom’ a dhéanamh ar dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus tástáil nua ar fáil i mBéarla amháin

| Tuairisc.ie | ,

Ní chuirfear tús go ceann bliana eile leis an obair ar leagan Gaeilge d’áis nua digiteach a dhéanann tástáil ar litearthacht daltaí iarbhunscoile.

An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) a rinne forbairt ar an triail seo agus rinne an Chomhairle Eorpach um Thaighde (ERC) caighdeánú uirthi. 

Forbraíodh ‘go speisialta d’iarbhunscoileanna na hÉireann’ an uirlis tástála agus diagnóise nua atá dírithe ar dhaltaí na chéad bliana, ach dheimhnigh an Foras Taighde ar Oideachas do Tuairisc.ie nach mbeidh aon leagan Gaeilge di ar fáil do Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta go dtí 2023 ar a thúisce.

Dúirt Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, go raibh “an-díomá” uirthi faoin scéal agus gur léir go raibh “leatrom” á dhéanamh ar dhaltaí atá ag fáil a gcuid oideachais i nGaeilge.

“Tá an-díomá orm faoi seo mar arís tá leatrom a dhéanamh ar dhaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeilge agus scoileanna Gaeltachta, a bhfuil orthu fanacht go mbeidh ais cheart acu. Idir an dá linn, déanfar tástáil trí Bhéarla orthu. “

Dúirt Príomhoide Choláiste Naomh Eoin gur ais iontach atá ann a bheadh ina bhuntáiste mór do scoileanna Béarla ó thaobh measúnú a dhéanamh ar na daltaí ach go raibh neamhaird á déanamh ar dhalta an Ghaeloideachais.

“Más í an Ghaeilge a gcéad teanga nó más trí Ghaeilge atáthar ag foghlaim, is léir nach bhfuil na deiseanna céanna a thabhairt dóibh,” a dúirt Mairéad Ní Fhátharta.

I ráiteas a chuir urlabhraí ón Fhoras Taighde ar Oideachas ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh go mbeadh “straitéis agus plean cuimsitheach” á bhforbairt acu ar an bhliain seo chugainn agus go mbeidís ag dul i mbun chomhairle le lucht an Ghaeloideachais an uair sin faoi leagan Gaeilge.

“I dtús na bliana seo chugainn, beidh an ERC ag obair ar straitéis agus plean cuimsitheach dá cuid trialacha. Mar chuid den obair sin rachaidh sé i gcomhairle leis na dreamanna leasmhara ar fad, ionadaithe na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge ina measc, ionas go bhféadfaí cur leis an obair forbartha ó dheireadh na bliana seo chugainn,” arsa urlabhraí an Fhorais Taighde ar Oideachas.

Dúradh nach mbeadh sé mbeadh sé d’acmhainn ag an Fhoras Taighde ar Oideachas tús a chur leis an obair chun leagan Gaeilge a fhorbairt don triail go dtí fómhar na bliana seo chugainn.

“San obair forbartha atá ar siúl againn faoi láthair, níl de rogha againn ach díriú ar an ardán nua measúnachta ar líne atá againn, rud a fhágann nach mbeidh sé d’acmhainn againn trialacha nua a fhorbairt go dtí an fómhar seo chugainn,” a dúradh i ráiteas a chuir an Foras Taighde ar Oideachas ar fáil do Tuairisc.ie.

Níos mó