![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ceardaiocht-le-gearoidin:-bunchlocha-na-cniotala](/wp-content/themes/yootheme/cache/9b/30100-ceardaiocht-le-gearoidin-bunchlocha-na-cniotala-9bf05da5.jpeg)
Ceardaíocht le Gearóidín: Bunchlocha na Cniotála
Beidh Gearóidín McEvoy linn arís ar Instagram NÓS tráthnóna agus bunchlocha na cniotála á múineadh aici dúinn. Bí léi ó 17.30 ar leathanach Instagram NÓS le páirt a ghlacadh sa rang, ina múinfidh sí dúinn cén chaoi lúb a chur suas, an lúb sleamhain agus an lúb iompaithe a dhéanamh, agus lúb a chaitheamh anuas.
“Beidh mé á taispeáint conas a réitítear botún cniotála agus conas a suas lúb tite a phiocadh suas. Beidh bioráin – molaim méid 4 ach ní gá – agus snáth nó olann ag teastáil ó dhuine a bheidh ag cniotáil liom. Déan cinnte go bhfuil an snáth oiriúnach dona bioráin – beidh sé scríofa ar an lipéad,” a dúirt Gearóidín.
Chuir Gearóidín tús lena ranganna ceardaíochta an tseachtain seo caite nuair a mhúin sí dúinn cén chaoi masc aghaidhe a fhuáil. Is féidir breathnú ar an gceacht sin ar Instagram NÓS anseo.