Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Déanaimis seal dearfach den Nollaig seo

| 1 |

Michelle Nic Pháidín

Ceann de na buairimh is mó atá ar dhaoine sna laetha seo nó caidé mar a bheas an Nollaig i mbliana. An mbeidh difríocht mhillteannach ann de bharr na paindéime damanta seo?

Thart fán am seo anuraidh thit smál, néal trom dubh a bhog go bagrach trasna an domhain agus nár stop gur fhag sé lorg a méire ar achan bhaile, chathair, tír agus mhór-roinn.

Scuab sé daoine chun na huaighe agus d’fháisc sé an bheatha as daoine eile. Níl iontas ar bith ann go bhfuil daoine ag fulaingt dá bharr agus ag dreim leis an toradh is measa. Go dtí seo tá bainiseacha, baistí, breithlaethanta agus torraimh scriosta ag an namhaid.

Is cinnte go mbeidh éifeacht ag an ghalar seo ar an Nollaig – thig linn a bheith cinnte de sin. Ach is é an cheist ba thábhachtaí ná caidé a thig linne a dhéanamh le cinntiú gur athrú maith, dearfach a bheas ann? Is againn féin atá an chumhacht cinnte a dhéanamh nach ndéanfaidh COVID-19 an Nollaig a mhilleadh orainn. Is againn féin atá an chumhacht an mhalairt a chur i gcrích.

Seo an cinneadh a thóg teaghlach amháin i mBun Dobhráin. Chuir Kathy McEniff agus a teaghlach an crann in airde ar an seachtú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Sheol sí an scéal ar na meáin shóisialta le pictiúr den chrann agus tharraing sé aird na meán – de réir dealraimh bhí tacaíocht an phobail léi. Dúirt Kathy go raibh sí ag súil go mbeadh duine nó dhó diúltach ach, iontas na n-iontas, ní raibh agus is é a mhalairt a bhí fior.

Dúirt sí go raibh a croí istigh sa Nollaig agus de bharr na paindéime shocair sí an Nollaig a thabhairt chun tí níos luaithe. An oíche a chuir sí an crann in airde, shuigh sí siar le Club Orange agus brioscáin phrátaí agus bhain sí sult agus taitneamh as an mothúchan a chothaigh an crann.

De réir mar a scaoileadh an scéal amach sa phobal bhí daoine ag teacht anuas chun tí, atá suite ar cul-de-sac, ag tógáil pictiúirí lena gcuid fón. Ní Kathy an t-aon duine a chur an crann in airde luath i mbliana, tharlaigh sé in go léor áiteanna eile. An maisiú ildate, glioscarnach, lonnrach agus Mariah Carey ag ceol nár mhían léi den Nollaig ach tú féin. Is cinnte go bhfuil an t-atmaisféar sna tithe seo speisialta agus cén dochar an nós seo a chleachtadh i mbliana? Má thugann sé ardú croí agus meanman duit, is cinnte gur gníomh maith atá ann – sin a deir na síceolaithe.

Deir an síceolaí Steven McKeown go léiríonn staidreamh go mbíonn spion níos fearr orthu seo a chuireann a gcrann in airde níos luaithe. Dúirt sé go gcothaíonn an crann agus maisiúcháin na Nollag cuimhní na hóige i ndaoine agus, in am seo an chruatain agus na míchinnteachta, gur maith an rud é. Níl dabht ach go bhfuil cnámh den fhírinne anseo. Smaoinigh mé siar ar an chéad Nollaig le mo chuimhne agus thainig mé ar chuimhne oíche Nollag fá ghoib Faoi Chnoc i dtigh mo mhathára móire, Kit Chonaill, agus m’athair mór, Hiudaí. Níor thuig mé coincheap na Nollag, cha raibh ionam ach puirín. Bhí mo dheirfiúr níos eolaí mar tá sí níos sine. Bhí oíche dheas ann agus tugadh beirt Chrolly Doll domh féin agus do Chaitlin. Thóg mamaí pictiúirí dínn inár suí ar an tolg. Tá an pictúir sin anois ar nós clúdach albam a bheadh ag banna ceoil inteacht de thairbhe é a bheith chomh sean sin, sna seachtóidí.

Tá mo mháthair agus m’athair mór imithe ar shlí na fírinne ó shin agus lean m’athair iad i mbliana. Chuir sin smaoineamh i mo cheann, is beag a bhí againn san am sin. Ní raibh mórán ag duine ar bith ach bhí daoine thart orainn a raibh grá acu dúinn. Is beag gur chuimhnigh mé ar na Crolly Dolls ach an pictúir. Bhí cuimhne agam go raibh grá thart orm agus go raibh mé sábháilte agus sin mothúchán atá deacair a chothú. Is beag aird a bhí agam ar an bhábóg a bhí chóir a bheith chomh mór liom féin, bhí mé ag iarraidh dhul in airde ar ghlúin dadaí.

An Nollaig seo, tá deis iontach againn pilleadh ar fhíortheachtaireacht na Nollag agus tús áite a thabhairt do dhaoine eile thar aon rud eile. Tá deis againn cuidiú le daoine eile. Ní thig luach a chur ar bhronntanas a thabhairt do chomharsana atá ina gcónaí leo féin, iad seo atá sean, iad seo atá faoi ghruaim. Is rudaí beaga a dhéanann an difear uilig agus is fiú go mór iad. Más rud é go mbeidh an Nollaig difriúil i mbliana, déan thusa cinnte gur difear dearfach é. I mbliana beidh spás folamh ar thábla tigh s’againne agus is iomaí duine atá cosúil linn. Líon an folúntas sin i do shaol trína bheith ag déanamh maitheas do dhuine amháin eile – fiú muna bhfuil ann ach scairt a chur orthu – tá sé chomh simplí sin.

Níos mó

Tagann an scéal seo ó MeonEile.ie