Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-imni-ar-shochtheangeolai-go-dteipfidh-ar-phlean-‘uaillmhianach’-maidir-le-hearcu-gaeilgeoiri

Imní ar shochtheangeolaí go dteipfidh ar phlean ‘uaillmhianach’ maidir le hearcú Gaeilgeoirí

| Tuairisc.ie |

Tá imní léirithe ag an sochtheangeolaí aitheanta an Dr John Walsh gur teip atá i ndán don phlean go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi 2030.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais, dúirt an Dr Walsh go raibh an baol ann go dteipfeadh ar an bplean mura mbeadh ann ach “cuspóir ginearálta”.

Tá an sprioc earcaíochta 20% ar an bpríomhchuspóir sa dréachtreachtaíocht teanga atá á plé i dTithe an Oireachtais faoi láthair.

Dúirt an Dr Walsh go raibh “ceist bhunúsach” le cur faoin sprioc earcaíochta agus go gcaithfí córas a bhunú chun “tús áite” a thabhairt do na comhlachtaí poiblí is “tábhachtaí” agus na cinn is mó a mbíonn teagmháil acu leis an bpobal.

“Cuireadh fáilte cheana roimh an sprioc go mbeadh 20 faoin gcéad d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil i nGaeilge ach measaim gur gá a bheith an-airdeallach faoi sin chomh maith.

“Tá an sprioc 20 faoin gcéad an-uaillmhianach ar fad, tá impleachtaí móra aige do na comhlachtaí poiblí go léir agus beidh sé an-dúshlánach í a bhaint amach gan athrú mór sa chultúr eagraíochta agus i gcleachtais oibre, gan trácht ar an bpróiseas earcaíochta féin,” a dúirt an sochtheangeolaí ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Moltar sa dréachtreachtaíocht go dtabharfaí Phlean Náisiúnta Seirbhísí Gaeilge isteach ach dúirt an sochtheageolaí go gcaithfeadh “go leor mioneolais” a bheith sa phlean sin faoin tslí a mbainfear na spriocanna amach. Bheadh gá chomh maith le feachtas láidir feasachta chun na deiseanna nua fostaíochta a chur ar a súile do chainteoirí Gaeilge, ar sé.

Chaith an Dr Walsh amhras chomh maith ar an moladh go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm ar chomhlachtaí poiblí

An tseachtain seo caite, dúirt t-iar-aire Gaeltachta Eámon Ó Cuív, an té a thug isteach an tAcht Teanga, nach mbeadh aon rath ar an mbille teanga mura dtabharfaí pionós airgid isteach d’eagraíochtaí stáit a sháródh an reachtaíocht.

Dúirt an Dr Walsh, áfach, go mbeadh “imní” air go spreagfadh smachtbhannaí feachtas i gcoinne na reachtaíochta agus gur chóir “béim a chur faoi láthair” ar fhorálacha níos láidre a chur san acht.

“Tá roinnt laigí móra fós sna leasuithe seo ar gá aghaidh a thabhairt orthu, áfach. Ní luaitear faic faoin éileamh réasúnta atá déanta ag eagraíochtaí Gaeilge agus ag an gCoimisinéir Teanga gur i nGaeilge gan cheist a chuirfeadh an stát a chuid seirbhísí ar fáil sa Ghaeltacht.

“Ní bheidh mórán údaráis ag reachtaíocht teanga nach dtabharfaidh aghaidh ar na háiteanna ina bhfuil an Ghaeilge fós á labhairt mar theanga an phobail. Is gá aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo trí fhoráil ar leith faoin nGaeltacht a chur sa Bhille nó dul i ngleic leis an gceist sna caighdeáin teanga,” arsa an Dr John Walsh.

Dúirt sé nach raibh “aon radharc” ach an oiread sa Bhille “ar cheart bunúsach a bheith ag duine ainm agus seoladh i nGaeilge a úsáid i ngnó oifigiúil”.

Níos mó