Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-270-cas-nua-fogartha,-an-rata-coicise-is-isle-san-aontas-eorpach-in-eirinn

270 cás nua fógartha, an ráta coicíse is ísle san Aontas Eorpach in Éirinn

| Tuairisc.ie | ,

Tá 270 cás nua den Covid-19 deimhnithe ag an Roinn Sláinte inniu. Cúigear eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis an Dr Tony Holohan gur in Éirinn atá an ráta coicíse is ísle san Aontas Eorpach, ach dúirt sé nár mhór dúinn “an fód a sheasamh” agus gan “na maidí a ligean le sruth”.

“Nuair a thagann tú abhaile ó bheith ag siopadóireacht nó taobh amuigh, cuimhnigh gurb é an chéad rud a chaithfidh tú a dhéanamh ná do lámha a ní,” a dúirt sé.

Bhain 38 den 270 cás nua le Dún na nGall, níos mó ná aon chontae eile seachas Baile Átha Cliath. Bhain 25 eile de chásanna an lae inniu le Maigh Eo, seacht gcás a bhí i gCorcaigh, sé chás a bhí i gcontae na Mí agus cúig chás a bhí i nGaillimh. Níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig cinn a bhí i gCiarraí.

231 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 31 acusan in aonad dianchúraim.

84.7 an ráta coicíse den ghalar in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta is airde sa tír fós i nDún na nGall – 212. Tá an ráta i Maigh Eo imithe suas go dtí 97, 75 a bhí i bPort Láirge agus 67 a bhí i gcontae na Mí. Ráta 60 a bhí i gCorcaigh, 47 a bhí i nGaillimh agus 39 a bhí i gCiarraí.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu go bhféadfadh go dtosófaí ar vacsaín Pfizer/BioNTech a thabhairt do dhaoine mí Eanáir.

Dúirt Donnelly go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) deireadh leis an scagadh atá á dhéanamh acu ar an vacsaín ar an 29 Nollaig.

Má thugann an EMA a mbeannacht don vacsaín d’fhéadfadh go mbeadh an chéad bhaisc réidh le dáileadh sa stát luath mí Eanáir, a dúirt an tAire Sláinte. Dúirt sé go ndéanfaí cinneadh faoi vacsaín Moderna ar an 12 Eanáir. Chinn an Rialtas an tseachtain seo go gceannófaí 850,000 dáileog de vacsaín Moderna.

Dúirt an Taoiseach go raibh dul chun cinn “an-tapa” á dhéanamh ag an tascfhórsa a bunaíodh chun straitéis vacsaínithe an stáit a láimhseáil.

Bhí bulc-choimeádáin faighte cheana féin chun an vacsaín a iompar ag teocht an-íseal, a dúirt an Taoiseach.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 416 cás nua den choróinvíreas deimhnithe acu agus go raibh ceathrar eile básaithe de dheasca an ghalair.

435 othar Covid-19 atá sna hospidéil i Tuaisceart Éireann agus tá 37 díobhsan in aonad dianchúraim.

3,089 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,074 duine ó dheas den teorainn agus 1,015 duine ó thuaidh di.

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

126,336 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 73,066 cás ó dheas agus 53,272 ó thuaidh.

D’fhéadfadh gur an tseachtain seo chugainn a thosófar ar vacsaín in aghaidh an Covid-19 a thabhairt do mhuintir an Tuaiscirt.

Tá an Ríocht Aontaithe ar an gcéad áit ar domhan le mórdháileadh na vacsaíne Pfizer/BioNTech a cheadú agus dúirt Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swann gur “lá mór” a bhí ann.

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster gur “bronntanas Nollag luath” a bhí sa vacsaín. Dúirt an LeasChéad-Aire Michelle O’Neill go ndéanfadh an vacsaín “athrú ó bhonn” ar chúrsaí.

Dúirt Robin Swann go rabhthas ag súil leis an chéad bhaisc den vacsaín roinnt laethanta níos luaithe ná mar a bhí beartaithe.

Dúirt sé gur 25,000 dáileog den vacsaín a bheadh le fáil sa chéad bhaisc. 1.5 milliún dáileog ar fad atá le fáil ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt.

Thug rialálaí leighis na Ríochta Aontaithe a bheannacht don vacsaín, a mhaítear a thugann cosaint 95% do dhaoine, agus dúradh go raibh sé sábháilte tosú á dáileadh.

Tabharfar an vacsaín i dtosach do dhaoine in ionaid chúraim agus do dhaoine níos sine agus a gcúramóirí.

Ina dhiaidh sin tabharfar an vacsaín do dhaoine os cionn 80 bliain d’aois agus d’oibrithe sláinte agus sóisialta tús líne.

Ó tharla gur gá vacsaín Pfizer a stóráil ag teocht an-íseal agus go dtagann sé i mbeart mór, socraíodh go dtabharfar daoine go dtí ionaid mhóra chun í a fháil. Seacht n-ionad ar fad a bheidh i gceist.

Níos mó