Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-dioma-ar-dhaoine-gur-cuireadh-stop-luath-le-glacadh-iarratais-ar-scrudu-aistriuchain-gaeilge

Díomá ar dhaoine gur cuireadh stop luath le glacadh iarratais ar scrúdú aistriúcháin Gaeilge

| Tuairisc.ie |

Bhí díomá ar roinnt daoine nuair a cuireadh stop go luath le glacadh iarratais ar scrúdú aistriúcháin Gaeilge Fhoras na Gaeilge a bheidh ar siúl an Satharn beag seo.

Cé gur tugadh le fios go mbeifí ag glacadh le hiarratais go dtí a 4.00pm an 19 Samhain, níor glacadh le hiarratais ar bith i ndiaidh an 10 Samhain, lá i ndiaidh an fhógra go raibh an próiseas iarratais oscailte.

Dúirt Foras na Gaeilge le Tuairisc.ie gur aontaigh siad le lucht eagraithe an scrúdaithe, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, gur 40 duine a dhéanfadh an scrúdú do Shéala an Aistriúcháin i mbliana, scrúdú nár reáchtáladh é ó 2017.

Faoin am gur cuireadh stop go tobann leis an phróiseas bhí iarratas faighte ó 55 duine agus socraíodh deis a thabhairt do na daoine sin go léir an scrúdú a dhéanamh.

Níl aon taifead ag Foras na Gaeilge ná ag Ollscoil na hÉireann ar an líon daoine a rinne iarracht cur isteach ar an scrúdú sna laethanta ina dhiaidh sin.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an-díomá ar dhaoine áirithe a cheap go raibh go leor ama fágtha acu le cur isteach ar an scrúdú gur dúnadh an próiseas iarratais go hanabaí sula raibh deis acusan sin a dhéanamh.

Dúirt urlabhraí ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh nach ndúradh “go sonrach” go ndúnfaí an córas nó go stopfaí ag glacadh le hiarratais ag pointe éigin, ach deir siad gur luadh ar a suíomh “go dtabharfaí tús áite dóibh siúd is túisce a bhfaighfí iarratas uathu”.

Dúirt iarrthóir amháin le Tuairisc.ie a rinne iarracht cur isteach ar an scrúdú ach nár éirigh leis toisc an próiseas iarratais a bheith dúnta nach raibh an méid sin soiléir in aon chor.

Dúradh ar an suíomh go nglacfaí le hiarratais “idir ó 10.00am Dé Luain, 9 Samhain go dtí 4.00pm Déardaoin, 19 Samhain”.

Cé gur léir go raibh i bhfad níos mó daoine ag iarraidh an scrúdú a dhéanamh ná mar a shíl lucht a eagraithe agus cé gur dúnadh an próiseas iarratais gan choinne tar éis lá amháin, níl sé i gceist ag Foras na Gaeilge scrúdú eile don Séala a reáchtáil go dtí 2022.

Dúirt urlabhraí ón Fhoras le Tuairisc.ie nach mbeadh aon scrúdú Séala eile ann go dtí sin toisc nach raibh na hacmhainní acu lena reáchtáil agus go mbeadh reáchtáil an scrúduithe in 2022 ag brath ar airgead a bheith ar fáil dó.

€20,000 an costas a bhain le reáchtáil an scrúduithe in 2017 ach ní fhéadfaí a rá cé mhéad a chosnódh sé i mbliana.

Bunaíodh an Séala d’aistritheoirí in 2006 agus é áirithe ar an cháilíocht gairmiúil is tábhachtaí do shaoraistritheoirí na Gaeilge a bhíonn ag lorg oibre ó eagraíochtaí san earnáil phoiblí nó ó chliaint eile.

Cuirtear ainm agus sonraí teagmhála gach duine a ghnóthaíonn an Séala ar phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe a fhoilsíonn Foras na Gaeilge agus is ón phainéal sin a earcaítear aistritheoirí Gaeilge den chuid is mó.

Léirigh figiúirí a d’fhoilsigh an tAE anuraidh an dúshlán mór atá le sárú i gcónaí maidir le dóthain aistritheoirí le Gaeilge a fhostú in institiúidí na hEorpa.

Meastar go dtiocfaidh méadú 40% ar an méid oibre aistriúcháin go Gaeilge a


bheidh le déanamh in 2022, tráth a bhfuil geallta go gcuirfear deireadh leis an


maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Ach níor líonadh ach níos lú ná 25% de na folúntais d’aistritheoirí agus


dlítheangeolaithe Gaeilge a fógraíodh idir 2016-2018.

Ní haon iontas mar sin go bhfuil práinn ag daoine le deis a fháil scrúdú an


tSéala a dhéanamh agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach.

Níos mó